Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Íoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce

Íoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2020/741 maidir le híoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Leagtar amach leis paraiméadair chomhchuibhithe chun sábháilteacht athúsáide uisce in uisciú talmhaíochta a ráthú, agus é mar aidhm an cleachtas sin a spreagadh agus cabhrú le haghaidh a thabhairt ar thriomaigh agus ar ghanntanas uisce.
  • Tá sé mar aidhm leis freisin cur le spriocanna forbartha inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, go háirithe sprioc 6 maidir le hinfhaighteacht agus bainistíocht inbhuanaithe uisce agus sláintíochta do chách, agus sprioc 12 maidir le tomhaltas agus táirgeadh inbhuanaithe.

PRÍOMHPHOINTÍ

Leagtar amach leis an rialachán íoscheanglais maidir le cáilíocht uisce agus faireachán chomh maith rialacha maidir le bainistíocht riosca, le haghaidh úsáid shábháilte uisce athshlánaithe le haghaidh uisciú talmhaíochta i gcomhthéacs bainistiú comhtháite uisce.

Déantar forbairt ann ar dhá theachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach:

Raon feidhme

  • Tá feidhm ag an rialachán aon uair a athúsáidtear fuíolluisce uirbeach cóireáilte, i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Threoir 91/271/CEE maidir le fuíolluisce uirbeach, le haghaidh uisciú talmhaíochta (féach an achoimre).
  • Féadfaidh Ballstát AE a chinneadh nach bhfuil sé iomchuí uisce a athúsáid le haghaidh uisciú talmhaíochta i gceann amháin nó níos mó dá cheantair abhantraí nó i gcodanna de nó díobh, ar bhonn critéir shonracha:
    • dálaí geografacha agus aeráide an cheantair nó codanna de;
    • na brúnna atá ar acmhainní uisce eile agus an stádas atá acu;
    • na brúnna atá ar dhobharlaigh dhromchla, agus an stádas atá acu, ar dobharlaigh iad ina scaoiltear fuíolluisce uirbeach cóireáilte;
    • costais chomhshaoil agus acmhainní an uisce athshlánaithe agus acmhainní uisce eile.
  • Ní mór údar cuí a thabhairt le cinneadh den sórt sin agus athbhreithniú rialta a dhéanamh air chun cúinsí a athraíonn a chur san áireamh, amhail réamh–mheastacháin maidir leis an athrú aeráide agus straitéisí náisiúnta maidir le hoiriúnú don athrú aeráide, chomh maith leis na pleananna bainistithe abhantrach arna ndréachtú de bhun na creat–treorach uisce (Treoir 2000/60/CE — féach an achoimre).
  • Ceadaítear leis an rialachán do dhíolúintí a bhfuil teorainn ama leo ó na rialacha maidir le taighde nó treoirthionscadail, faoi réir coinníollacha áirithe.

Cáilíocht uisce athshlánaithe

Ní mór d’oibreoir na saoráide athshlánaithe a áirithiú go gcomhlíonfaidh uisce athshlánaithe atá beartaithe le haghaidh uisciú talmhaíochta an méid seo a leanas:

  • na híoscheanglais maidir le cáilíocht uisce a leagtar síos in Iarscríbhinn 1 den rialachán, faoina gcumhdaítear gnéithe micribhitheolaíocha (amhail leibhéil baictéar Escherichia coli agus riachtanais faireacháin maidir le gnáthfhaireachán agus bailíochtú;
  • aon choinníollacha breise a bhaineann le cáilíocht uisce arna leagan síos ag an údarás ábhartha sa chead ábhartha a eisítear.

Bainistiú riosca

  • Caithfidh an t–údarás náisiúnta ábhartha a áirithiú go ndréachtófar plean bainistithe riosca um athúsáid uisce chun uisce athshlánaithe a tháirgeadh, a sholáthar agus a úsáid.
  • Is féidir leis an oibreoir saoráide athshlánaithe, páirtithe eile sa tionscadal athúsáide uisce nó na húsáideoirí deiridh an plean bainistithe riosca um athúsáid uisce a dhréachtú, de réir mar is cuí, agus caithfear freagrachtaí bainistithe riosca na bpáirtithe uile sa tionscadal um athúsáid uisce a shainaithint ann.
  • Go sonrach, caithfear aon cheanglais bhreise maidir le cáilíocht uisce a leagan amach ann, bearta coisctheacha agus/nó ceartaitheacha iomchuí a shainaithint agus aon bhacainní nó bearta breise a shainaithint chun sábháilteacht an chórais a áirithiú.

Oibleagáidí ceada

  • Teastaíonn cead chun uisce athshlánaithe a tháirgeadh agus a sholáthar le haghaidh uisciú talmhaíochta.
  • Ní mór do na páirtithe lena mbaineann iarratas a chur faoi bhráid an údaráis náisiúnta ábhartha.
  • Leagtar amach leis an gcead na hoibleagáidí d’oibreoir na saoráide athshlánaithe, agus, más ábhartha, páirtithe eile a bhfuil baint acu leis an gcóras um athúsáid uisce, atá bunaithe ar an bplean bainistithe riosca. Caithfear roinnt eilimintí a shonrú iontu, lena n–áirítear an méid a leanas:
    • an aicme nó na haicmí de cháilíocht uisce athshlánaithe agus an úsáid talmhaíochta a gceadaítear an t–uisce athshlánaithe ina leith, an áit úsáide, na saoráidí athshlánaithe agus méid measta bliantúil an uisce athshlánaithe atá le táirgeadh;
    • coinníollacha maidir leis na híoscheanglais i ndáil le cáilíocht agus faireachán uisce;
    • coinníollacha maidir le ceanglais bhreise maidir le hoibreoir na saoráide athshlánaithe, a leagtar amach sa phlean bainistithe riosca um athúsáid uisce;
    • aon choinníollacha eile is gá chun aon rioscaí do-ghlactha don chomhshaol agus do shláinte an duine agus ainmhithe a dhíothú;
    • tréimhse bhailíochta an cheada;
    • an pointe comhlíonta.
  • Ní mór ceadanna a athbhreithniú agus a nuashonrú go rialta nuair is gá, agus ar a laghad i gcás go ndearnadh athruithe suntasacha ar na próisis chóireála nó ar dhálaí an láithreáin.

Seiceálacha ar chomhlíonadh

  • Caithfidh an t–údarás náisiúnta ábhartha comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar síos leis an gcead a sheiceáil. Is féidir é sin a dhéanamh trí:
    • seiceálacha ar an láthair a dhéanamh;
    • faireachán a dhéanamh ar shonraí a fhaightear, go háirithe de bhun an rialacháin seo;
    • aon mhodh leordhóthanach eile.
  • Leagtar síos sa rialachán freisin na bearta atá le glacadh i gcás neamhchomhlíonta.
  • Caithfidh an t–údarás náisiúnta ábhartha comhlíonadh pleananna bainistithe riosca a sheiceáil go rialta freisin.

Trédhearcacht agus comhroinnt faisnéise

  • Caithfear pointí teagmhála náisiúnta a bhunú chun comhordú trasteorann a éascú nuair is gá.
  • Chun trédhearcacht a áirithiú, leagtar síos leis an rialachán freisin rialacha maidir leis an méid seo a leanas:
    • ardú feasachta;
    • faisnéis atá le cur ar fáil don phobal;
    • faisnéis maidir le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme.
  • Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar éifeachtaí an rialacháin faoin 26 Meitheamh 2028.

Treoirlínte

D’ fhoilsigh an Coimisiún treoirlínte chun cuidiú leis na Ballstáit agus leis na páirtithe leasmhara na rialacha maidir le hathúsáid uisce a chur i bhfeidhm. Tá roinnt samplaí praiticiúla curtha leis na treoirlínte chun cur i bhfeidhm na rialacha a éascú.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 26 Meitheamh 2023.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2020/741 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le híoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce (IO L 177, 5.6.2020, lgh. 32-55).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Fógra ón gCoimisiún Treoirlínte chun tacú le cur i bhfeidhm Rialachán 2020/741 maidir le híoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce 2022/C 298/01 (IO L 298, 5.8.2022, lgh. 1-55).

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – An lúb a dhúnadh – Plean Gníomhaíochta AE don Gheilleagar Ciorclach (COM(2015) 614 final, 2.12.2015).

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Treoirphlean chun Acmhainní Uisce na hEorpa a Chosaint (COM(2012) 673 final, 14.11.2012).

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle – ag tabhairt aghaidh ar dhúshlán an ghanntanais uisce agus an triomaigh san Aontas Eorpach (COM(2007) 414 leagan deireanach, 18.7.2007).

Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sláinteachas earraí bia (IO L 139, 30.4.2004, lgh. 1-54). Téacs athfhoilsithe i gceartúchán (IO L 226, 25.6.2004, lgh. 3–21).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat i gcomhair gnímh ag an gComhphobal sa réimse a bhaineann le beartas uisce (IO L 327, 22.12.2000, lgh 1–73).

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir 98/83/CE ón gComhairle an 3 Samhain 1998 maidir le cáilíocht an uisce a bheartaítear le hól ag an duine (IO L 330, 5.12.1998, lgh. 32-54).

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir 91/271/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh (IO L 135, 30.5.1991, lgh. 40-52).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 30.08.2022

Top