Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Spriocanna forbartha inbhuanaithe

Bhí ról lárnach ag an Aontas i bhforbairt Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (SFInna), atá i gcroílár Chlár Oibre 2030 um Fhorbairt Inbhuanaithe arna ghlacadh ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe in 2015. Go deimhin, ó na 1990í, tá forbairt inbhuanaithe cumhdaithe i gConarthaí an Aontais Eorpaigh (AE) mar cheann de chuspóirí fadtéarmacha AE agus mar thosaíocht dá bheartais sheachtracha (mar shampla, comhar um fhorbairt agus trádáil) agus beartais inmheánacha (mar shampla, an comhshaol, eisiamh sóisialta agus idirdhealú). Tá na tagairtí d’fhorbairt inbhuanaithe mar sprioc AE le fáil faoi láthair faoi Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Rinneadh tosaíochtaí forbartha inbhuanaithe a phríomhshruthú isteach i bpríomhchláir oibre trasearnála AE chomh maith le beartais agus tionscnaimh earnála.

Le linn dó clárú do Chlár Oibre 2030, gheall an comhphobal idirnáisiúnta aghaidh a thabhairt ar na dúshláin dhomhanda maidir leis an méid seo a leanas:

  • deireadh a chur leis an mbochtaineacht;
  • teacht ar réitigh forbartha inbhuanaithe agus uilechuimsitheacha;
  • cearta an duine a áirithiú do chách; agus
  • a áirithiú nach bhfágtar aon duine ar deireadh.

Forbraítear na 17 SFI ar Spriocanna Forbartha Mílaoise (SFManna) na Náisiún Aontaithe, a mhair thar an tréimhse ó 2000 go 2015. Cé gur dhírigh na SFManna ar thíortha i mbéal forbartha amháin, baineann na SFInna le gach tír. Leis na SFInna déantar gnéithe eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil na hinbhuanaitheachta a chothromú agus sainítear leo 169 sprioc ghaolmhara atá le baint amach faoi 2030. Seo a leanas liosta de na SFInna:

  • díothú na bochtaineachta;
  • díothú an ocrais;
  • dea–shláinte agus folláine;
  • oideachas ardchaighdeáin;
  • comhionannas inscne;
  • uisce glan agus sláintíocht;
  • fuinneamh inacmhainne agus glan;
  • obair mhaith agus fás eacnamaíoch;
  • tionscal, nuálaíocht agus bonneagar;
  • éagothroime laghdaithe;
  • cathracha agus pobail inbhuanaithe;
  • ídiú agus táirgeadh freagrach;
  • gníomhú ar son na haeráide;
  • beatha faoin uisce;
  • beatha ar talamh;
  • síocháin, ceartas agus institiúidí láidre; agus
  • comhpháirtíochtaí ar mhaithe leis na spriocanna.

Ó glacadh Clár Oibre 2030, tá raon leathan beart déanta ag AE chun na SFInna a chur chun feidhme. Le Coimisiún von der Leyen, tarraingíodh aird ar na SFInna i raon mórdhoiciméid inseachadta agus doiciméid shuaitheanta — amhail Treoirlínte Polaitiúla an Uachtaráin, Litreacha Misin na gCoimisinéirí, Cláir Oibre an Choimisiúin ag cur SFInna i gcroílár bheartas AE, an Comhaontú Glas don Eoraip, athdhíriú ar an Seimeastar Eorpach, Doiciméad Inmheánach Oibre tiomnaithe (“Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach — Cur chuige cuimsitheach”) agus comhtháthú gníomhach SFInna i Rialáil Níos Fearr. Déanann Eurostat faireachán ar dhul chun cinn maidir leis na SFInna a bhaint amach agus foilsíonn sé tuarascálacha bliantúla.

Go seachtrach, tá cur chun feidhme na SFInna ina chuid lárnach de thiomantas AE i leith an iltaobhachais. Cuimsíonn Comhdhearcadh Eorpach um Fhorbairt 2017 tiomantas roinnte ag institiúidí agus Ballstáit uile AE chun tacú le tíortha comhpháirtíochta na SFInna a chur chun feidhme. Tá sé sin á thabhairt níos faide, mar aon le tosaíochtaí AE a bhaint amach, go háirithe mar thaca le téarnamh inbhuanaithe atá ailínithe leis na SFInna trínár gcláreagrú nua agus Foireann na hEorpa.

FÉACH FREISIN

Top