Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Ballstáit

Déantar Ballstát den Aontas Eorpach de thír is iarrthóir a chomhlíonann na critéir aontachais arna sainiú ag an gComhairle Eorpach sa Chóbanhávan in 1993 agus a shíníonn an Conradh aontachais leis na Ballstáit aonair san Aontas Eorpach ina.

Tá gach ceann de na 27 Ballstát faoi cheangal ag na Conarthaí agus ag an acquis communautaire. Glacann gach rannpháirtí páirt i rialú AE ar théarmaí comhionanna.

Bhí 28 Ballstát ann go dtí an 1 Feabhra 2020, nuair a d’aistarraing an Ríocht Aontaithe ó AE agus rinneadh tríú tír (tír nach tír den Aontas Eorpach í) di.

Tá 27 Ballstát ann anois: An Bheilg, an Bhulgáir, an Chipir, an Danmhairg, an Eastóin, Éire, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Ísiltír, an Iodáil, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ostair, an Phortaingéil, an Pholainn, an Rómáin, an tSeicia, an tSlóvaic, an tSlóivéin, an Spáinn, an tSualainn agus an Ungáir.

Is minic a úsáidtear an téarma ‘tíortha AE’ mar théarma malartach ar ‘Bhallstáit’ sna hachoimrí ar reachtaíocht AE.

FÉACH FREISIN

Top