Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Fuinneamh inathnuaite

Fuinneamh inathnuaite

 

ACHOIMRE AR:

Treoir (AE) 2018/2001 lena gcuirtear chun cinn úsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Bunaítear léi comhchóras chun fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite* a chur chun cinn ar fud na n–earnálacha éagsúla. Maidir leis, go sonrach:
    • sprioc cheangailteach an Aontais Eorpaigh (AE) a shocrú dá sciar sa mheascán fuinnimh in 2030;
    • féintomhaltas a rialáil den chéad uair; agus
    • rialacha comhchoiteanna a bhunú maidir le foinsí inathnuaite a úsáid i leictreachas, téamh agus fuarú, agus iompar san AE.
  • Tá sé mar aidhm léi úsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a mhéadú chun an t–athrú aeráide a chomhrac, ár gcomhshaol a chosaint agus spleáchas an Aontais ar fhuinneamh a laghdú, agus cur le ceannaireacht theicneolaíoch agus thionsclaíoch an Aontais agus cruthú post agus fás, lena n–áirítear i limistéir thuaithe agus iargúlta.

PRÍOMHPHOINTÍ

Fuinneamh inathnuaite

Leasuithe 2023

  • Tá a rialacha fuinnimh tugtha cothrom le dáta ag an Aontas Eorpach mar chuid den Chomhaontú Glas don Eoraip agus dá phacáiste “oiriúnach do 55”, a bhfuil sé mar aidhm leis a áirithiú go mbeidh na rialacha sin ag teacht leis an gcuspóir i ndáil le haeráidneodracht 2050 agus lena chuspóir laghdú 55% ar a laghad a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 1990.
  • Leasaíodh na rialacha sin chomh maith chun an plean REPowerEUa chur chun feidhme, a bhfuil sé mar aidhm leis spleáchas an Aontais ar ola agus ar ghás na Rúise a laghdú.
  • Leasaíodh an treoir le Treoir (AE) 2023/2413.

Áirítear leis an treoir:

  • rialacha maidir le tacaíocht airgeadais cost–éifeachtúil agus mhargadhbhunaithe le haghaidh leictreachais ó fhoinsí inathnuaite;
  • cosaint scéimeanna tacaíochta ó athruithe lena gcuirtear tionscadail atá ann cheana i mbaol;
  • sásraí comhair idir Ballstáit AE, agus idir na Ballstáit agus tríú tíortha;
  • rialacha a chuidíonn le feithiclí leictreacha agus ceallraí solúbthacht a chur ar fáil dár gcóras fuinnimh trí leictreachas inathnuaite a ionchur san eangach nuair is gá;
  • rialacha lenar féidir le tomhaltóirí a leictreachas féin a tháirgeadh, ina n–aonar nó mar chuid de phobail fuinnimh inathnuaite, gan srianta míchuí;
  • nósanna imeachta ceadaithe le haghaidh tionscadail fuinnimh inathnuaite;
  • ceanglais neartaithe maidir le tacú le bithmhais agus í a úsáid le haghaidh fuinnimh, chun an riosca a bhaineann le táirgeadh bithfhuinnimh neamh–inbhuanaithe a laghdú.

Spriocanna

  • Sprioc cheangailteach fhoriomlán de 42,5% faoi 2030 don sciar d’fhoinsí inathnuaite ídiú fuinnimh foriomlán an Aontais, agus méadú táscach breise 2,5% curtha leis chun sprioc 45% a bhaint amach.
  • Maidir leis an earnáil iompair, féadfaidh na Ballstáit rogha a dhéanamh idir:
    • sprioc cheangailteach de laghdú 14,5% ar an déine gás ceaptha teasa in iompar ó úsáid foinsí inathnuaite faoi 2030; nó
    • sciar cheangailteach de 29% ar a laghad d’fhoinsí inathnuaite laistigh den ídiú deiridh fuinnimh san earnáil iompair faoi 2030.
  • Maidir leis an earnáil thionsclaíoch:
    • méadú táscach bliantúil ar úsáid fuinnimh inathnuaite de 1,6%;
    • ní foláir go dtiocfaidh 42% den hidrigin a úsáidtear sa tionscal ó bhreoslaí inathnuaite de thionscnamh neamh–bhitheolaíoch faoi 2030 agus 60% faoi lár 2035.
  • Maidir leis an earnáil foirgnimh agus maidir leis an earnáil téimh agus fuaraithe:
    • sprioc tháscach de sciar fuinnimh inathnuaite 49% ar a laghad i bhfoirgnimh in 2030;
    • méadú de réir a chéile ar spriocanna inathnuaite le haghaidh téimh agus fuaraithe de 0,8% in aghaidh na bliana ar an leibhéal náisiúnta go dtí 2026 agus 1,1% ó 2026 go 2030.

Gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHA?

  • B’éigean Treoir (AE) 2018/2001 a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin 30 Meitheamh 2021.
  • Ní mór an chuid is mó de na rialacha a tugadh isteach le Treoir leasaitheach (AE) 2023/2413 a thrasuí faoin 21 Bealtaine 2025, cé go gcaithfear an chuid is mó de na rialacha maidir leis na nósanna imeachta ceadaithe a thrasuí faoin 1 Iúil 2024.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite. Fuinneamh ó fhoinsí neamhiontaise inathnuaite amhail fuinneamh gaoithe, gréine (teirmeach agus fótavoltach), aeraiteirmeach, geoiteirmeach, hidriteirmeach, teasa thimpeallaigh, tonnta agus fuinneamh aigéin eile, hidreachumhacht, bithmhais, gás ó líonadh talún, gás ó ghléasra cóireála séarachta agus bithghásanna.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (athmhúnlú) (IO L 328, 21.12.2018, lgh. 82–209).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir (AE) 2018/2001 a chorprú sa téacs bunaidh. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Treoir (AE) 2023/2413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001, Rialachán (AE) 2018/1999 agus Treoir 98/70/CE a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle (IO L, 2023/2413, 31.10.2023).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1184 ón gCoimisiún an 10 Feabhra 2023 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí mhodheolaíocht de chuid an Aontais a bhunú ina leagtar amach rialacha mionsonraithe maidir le táirgeadh breoslaí inathnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamh–bhitheolaíoch (IO L 157, 20.6.2023, lgh. 11–19).

Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1185 ón gCoimisiún an 10 Feabhra 2023 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí íostairseach i gcomhair laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhreoslaí carbóin athchúrsáilte a bhunú agus trí mhodheolaíocht a shonrú chun measúnú a dhéanamh ar na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhreoslaí in–athnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamh–bhitheolaíoch agus ó bhreoslaí carbóin athchúrsáilte (IO L 157, 20.6.2023, lgh. 20–33).

Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1640 ón gCoimisiún an 5 Meitheamh 2023 maidir leis an modheolaíocht chun sciar an bhithbhreosla agus an bhithgháis le haghaidh iompair a chinneadh, ar bithbhreosla agus bithghás iad arna dtáirgeadh ó bhithmhais a phróiseáil le breoslaí iontaise i bpróiseas comhchoiteann (IO L 205, 18.8.2023, lgh. 1–6).

Treoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/955 (athmhúnlú) (IO L 231, 20.9.2023, lgh. 1–111).

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/759 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn VII a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le modheolaíocht chun méid an fhuinnimh in–athnuaite a úsáidtear le haghaidh an fhuaraithe agus fuarú ceantair a ríomh (IO L 139, 18.5.2022, lgh. 1–12).

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2003 ón gCoimisiún an 6 Lúnasa 2021 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí ardán an Aontais um fhorbairt inathnuaite a bhunú (IO L 407, 17.11.2021, lgh. 4–8).

Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/807 ón gCoimisiún an 13 Márta 2019 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bunábhar lena ngabhann riosca ard maidir le hathrú indíreach ar thalamhúsáid a chinneadh ina ndéantar síneadh suntasach a chur leis an limistéar táirgthe le go gcumhdófaí talamh a bhfuil stoc ard carbóin ann chomh maith le deimhniú bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise lena ngabhann ísealriosca maidir le hathrú indíreach ar thalamhúsáid (IO L 133, 21.5.2019, lgh. 1–7).

Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fhuinnimh agus Gníomhaithe ar son na hAeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Treoir 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán 2009/119/CE agus Rialachán (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lgh. 1–77).

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir (AE) 2018/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena leasaítear Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (IO L 328, 21.12.2018, lgh. 210–230).

Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoir 2009/125/CE agus Treoir 2010/30/AE agus lena n–aisghairtear Treoir 2004/8/CE agus Treoir 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lgh. 1–56).

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 1998 maidir le cáilíocht breoslaí peitril agus díosail agus lena leasaítear Treoir 93/12/CEE ón gComhairle (IO L 350, 28.12.1998, lgh. 58–68).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 16.01.2024

Top