EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Gníomhartha cur chun feidhme

Faoi Airteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, féadfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh (AE) na cumhachtaí a thabhairt don Choimisiún Eorpach (nó i gcásanna eisceachtúla, do Chomhairle an Aontais Eorpaigh) chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh — trí rialacha sonracha a chuimsítear i ngníomh reachtach (an “bungníomh”). Tá sé mar aidhm leis na gníomhartha reachtacha sin coinníollacha aonfhoirmeacha a chruthú chun an gníomh reachtach lena mbaineann a chur chun feidhme, más gá agus nuair is gá sin.

Gníomhartha neamhreachtacha is ea gníomhartha cur chun feidhme agus d’fhéadfaí feidhm aonair nó feidhm ghinearálta a bheith leo . Is minic gur de chineál riaracháin nó de chineál teicniúil iad agus féadfaidh siad a bheith i bhfoirmeacha éagsúla, amhail cinntí aonair um maoiniú, cinntí údaraithe chun táirgí áirithe a chur ar an margadh, nó samhlacha le haghaidh deimhnithe a éilítear faoi dhlí AE. Glactar iad i réimsí chomh héagsúil le cláir um chaitheamh, cosaint an chomhshaoil agus na sláinte nó cánachas.

Ar bhonn nós imeachta, glacann an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme tar éis dó dul i gcomhairle le coistí ina gcuimsítear saineolaithe ó Bhallstáit AE, ag leanúint na rialacha agus na nósanna imeachta atá leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Coinnítear Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas agus gníomhartha cur chun feidhme á n–ullmhú agus tá ceart grinnscrúdaithe acu, ach ní fhéadfaidh siad bac a chur ar ghlacadh gníomhartha cur chun feidhme.

FÉACH FREISIN:

Top