EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D2488

Cinneadh (AE) 2022/2488 ón gComhairle an 14 Samhain 2022 lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Siúcra Idirnáisiúnta a bhaineann le haontachas Ríocht na hAraibe Sádaí leis an gComhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992

ST/13805/2022/INIT

IO L 323, 19.12.2022, p. 88–89 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/2488/oj

19.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 323/88


CINNEADH (AE) 2022/2488 ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Samhain 2022

lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Siúcra Idirnáisiúnta a bhaineann le haontachas Ríocht na hAraibe Sádaí leis an gComhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinne an tAontas an Comhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992 (“an Comhaontú”) a thabhairt i gcrích trí bhíthin Chinneadh 92/580/CEE ón gComhairle (1) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 1993.

(2)

De bhun Airteagal 45(2) den Chomhaontú, is féidir leis an gComhairle Idirnáisiúnta Siúcra síneadh a chur leis an gComhaontú le haghaidh tréimhsí comhleanúnacha, nach rachaidh thar 2 bhliain gach uair. Ó tugadh an Comhaontú i gcrích, cuireadh síneadh leis go tráthrialta ar feadh tréimhsí breise 2 bhliain. Cuireadh an síneadh deireanach leis an gComhaontú an 30 Samhain 2021 agus beidh sé i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2023.

(3)

Luaitear in Airteagal 41 den Chomhaontú gur féidir le Rialtas na Stát uile iarratas a dhéanamh ar aontachas leis an gComhaontú i gcomhréir leis na coinníollacha arna mbunú ag an gComhairle Siúcra Idirnáisiúnta.

(4)

Chun go n-aontódh comhalta nua leis an gComhaontú tar éis don Chomhaontú teacht i bhfeidhm, is gá vótaí an chomhalta nua sa Chomhairle Siúcra Idirnáisiúnta a leithdháileadh, chomh maith le vótaí na gcomhaltaí atá ann cheana a choigeartú, i gcomhréir le hAirteagal 25 den Chomhaontú.

(5)

An 16 Feabhra 2021, rinne Rialtas Ríocht na hAraibe Sádaí iarratas foirmiúil ar aontachas leis an gComhaontú. Le linn seisiún a bheidh aici amach anseo, nó faoi chuimsiú nós imeachta um chinntí a ghlacadh ag an gComhairle Siúcra Idirnáisiúnta trí chomhfhreagras a mhalartú, tá an Chomhairle Siúcra Idirnáisiúnta chun na coinníollacha maidir le haontachas Ríocht na hAraibe Sádaí leis an gComhaontú sin a bhunú.

(6)

Is gníomhaí tábhachtach in earnáil an tsiúcra ar an leibhéal domhanda í Ríocht na hAraibe Sádaí, agus is comhpháirtí trádála tábhachtach de chuid an Aontais í i réimse na dtáirgí talmhaíochta agus bia, lena n-áirítear siúcra. Tá sé chun leas an Aontais aontachas Ríocht na hAraibe Sádaí leis an gComhaontú a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 25 den Chomhaontú.

(7)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Siúcra Idirnáisiúnta a bhunú, a bhaineann le haontachas Ríocht na hAraibe Sádaí leis an gComhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Siúcra Idirnáisiúnta le linn seisiún a bheidh aici amach anseo, nó faoi chuimsiú nós imeachta um chinntí a ghlacadh ag an gComhairle Siúcra Idirnáisiúnta trí chomhfhreagras a mhalartú, aontachas Ríocht na hAraibe Sádaí leis an gComhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992, a fhormheas agus a áirithiú go ndéanfar líon na vótaí a bheidh le leithdháileadh ar Ríocht na hAraibe Sádaí a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 25(4) den Chomhaontú.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Samhain 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh 92/580/CEE ón gComhairle an 13 Samhain 1992 maidir le síniú agus tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Idirnáisiúnta Siúcra, 1992 (IO L 379, 23.12.1992, lch. 15).


Top