EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022TN0500
Case T-500/22: Action brought on 16 August 2022 — Vleuten Insects and New Generation Nutrition v Commission
Cás T-500/22: Caingean arna tabhairt an 16 Lúnasa 2022 — Vleuten Insects agus New Generation Nutrition v an Coimisiún
Cás T-500/22: Caingean arna tabhairt an 16 Lúnasa 2022 — Vleuten Insects agus New Generation Nutrition v an Coimisiún
OJ C 424, 7.11.2022, p. 37–38
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
7.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 424/37 |
Caingean arna tabhairt an 16 Lúnasa 2022 — Vleuten Insects agus New Generation Nutrition v an Coimisiún
(Cás T-500/22)
(2022/C 424/48)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóirí: Vleuten Insects vof (Hoogeloon, an Ísiltír), New Generation Nutrition BV (Helvoirt, an Ísiltír) (ionadaí: N. Carbonnelle, Dlíodóir)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2022 lena bhfoirceanntar an nós imeachta lena n-údaraítear larbha Alphitobius diaperinus mar bhia núíosach a chur ar an margadh gan liosta an Aontais de bhianna núíosacha a nuashonrú a chur ar neamhní; (1) |
— |
a ordú don Choimisiún na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí arna maíomh
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn na hiarratasóirí trí shaincheist dlí.
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh Airteagal 6(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme 2017/2469 ón gCoimisiún, (2) sa mhéid gur glacadh an cinneadh gan na ceanglais nós imeachta agus na ráthaíochtaí a leagtar amach faoin bhforáil sin a bheith comhlíonta, rud a fhágann go bhfuil an cinneadh neamhdhleathach. |
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh prionsabal an dea-riaracháin agus Airteagal 41 den Chairt Eorpach um Chearta Bunúsacha, agus go háirithe:
|
3. |
An tríú saincheist dlí, saincheist dlí táinisteach á rá gurb amhlaidh, mura seasfar leis an gcéad saincheist dlí ná leis an dara saincheist dlí, go ndéanann na hiarratasóirí pléadáil neamhdhleathachta a agairt bunaithe ar Airteagal 277 CFAE i gcoinne Airteagal 10(6) de Rialachán 2015/2283 (3) agus Airteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme 2017/2469 ón gCoimisiún, lena líomhnaítear go bhfuil na forálacha sin ar neamhní toisc go bhfuil siad ag sárú prionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus prionsabal na córa comhionainne. |
(1) Cód tagartha an doiciméid: C(2022)3478.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2469 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena leagtar síos ceanglais riaracháin agus eolaíocha le haghaidh na n-iarratas dá dtagraítear in Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO 2017 L 351, lch. 64).
(3) Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (IO 2015 L 327, lch. 1).