Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0601

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/601 ón gCoimisiún an 13 Marta 2023 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1668 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe maidir le dearadh agus tástáil folúsghlantóirí atá le húsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach agus ceanglais feidhmíochta brathadóirí le haghaidh gáis inadhainte (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2023/1596

    IO L 79, 17.3.2023, p. 176–178 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/601/oj

    17.3.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 79/176


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/601 ÓN gCOIMISIÚN

    an 13 Marta 2023

    lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1668 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe maidir le dearadh agus tástáil folúsghlantóirí atá le húsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach agus ceanglais feidhmíochta brathadóirí le haghaidh gáis inadhainte

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    I gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir 2014/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), táirgí atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna de chaighdeáin chomhchuibhithe, caighdeáin ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, glactar leis go bhfuil siad i gcomhréir leis na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin, ceanglais a chumhdaítear faoi na caighdeáin chomhchuibhithe sin nó faoi na codanna sin díobh.

    (2)

    Le litir BC/CEN/46-92 — BC/CLC/05-92 an 12 Nollaig 1994, d’iarr an Coimisiún ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) agus ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (Cenelec) caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú agus a athbhreithniú chun tacú le Treoir 94/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) (“an iarraidh”). Cuireadh Treoir 2014/34/AE in ionad na Treorach sin gan athrú a dhéanamh ar na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 94/9/CE. Is in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/34/AE a leagtar amach na ceanglais sin faoi láthair.

    (3)

    Go háirithe, iarradh ar CEN agus Cenelec caighdeáin nua a dhréachtú maidir le dearadh agus tástáil trealaimh atá le húsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach mar a léirítear i gCaibidil I den chlár caighdeánúcháin a comhaontaíodh idir CEN, Cenelec agus an Coimisiún, clár a cuireadh i gceangal leis an iarraidh. Ina theannta sin iarradh ar CEN agus Cenelec na caighdeáin atá ann cheana a athbhreithniú d’fhonn iad a ailíniú le buncheanglais sláinte agus sábháilteachta Threoir 94/9/CE.

    (4)

    Ar bhonn na hiarrata, dhréachtaigh CEN caighdeán comhchuibhithe EN 17348:2022 — Ceanglais maidir le dearadh agus tástáil folúsghlantóirí atá le húsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach. Rinne CEN leasú ar an gcaighdeán comhchuibhithe seo a leanas freisin, caighdeán ar foilsíodh an tagairt dó le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1668 ón gCoimisiún (4): EN 60079-29-1:2016 — Atmaisféir phléascacha — Cuid 29-1: Brathadóirí gáis — Ceanglais feidhmíochta brathadóirí le haghaidh gáis inadhainte. Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh an dá leasú seo a leanas: EN 60079-29-1:2016/A1:2022 agus EN 60079-29-1:2016/A11:2022.

    (5)

    Caighdeáin EN 17348:2022 chomh maith le EN 60079-29-1:2016 arna leasú le EN 60079-29-1:2016/A1:2022 agus EN 60079-29-1:2016/A11:2022, rinne an Coimisiún measúnú i gcomhar le CEN féachaint an gcomhlíonann na caighdeáin sin an iarraidh.

    (6)

    Comhlíonann caighdeáin chomhchuibhithe EN 17348:2022 agus EN 60079-29-1:2016 arna leasú le EN 60079-29-1:2016/A1:2022 agus EN 60079-29-1:2016/A11:2022 na ceanglais is aidhm dóibh a chumhdach, ceanglais a leagtar amach i dTreoir 2014/34/AE. Dá bhrí sin, is iomchuí na tagairtí do na caighdeáin sin agus na leasuithe ar chaighdeán EN 60079-29-1:2016 a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    (7)

    Cuirtear ar fáil le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1668, in Iarscríbhinn I a ghabhann leis, na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe lena dtugtar le fios go nglactar leis go bhfuil comhréir ann le Treoir 2014/34/AE. Maidir leis na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/34/AE, chun a áirithiú go ndéanfar iad a liostú in aon ghníomh amháin, ba cheart na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe EN 17348:2022 agus EN 60079-29-1:2016 arna leasú le EN 60079-29-1:2016/A1:2022 agus EN 60079-29-1:2016/A11:2022 a chuimsiú san Iarscríbhinn sin.

    (8)

    Is gá an tagairt do chaighdeán comhchuibhithe EN 60079-29-1:2016 a tharraingt siar as sraith L d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ós rud é gur leasaíodh é. Is iomchuí, dá bhrí sin, an tagairt sin a scriosadh as Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1668.

    (9)

    Chun a ndóthain ama a thabhairt do mhonaróirí le haghaidh ullmhú do chur i bhfeidhm chaighdeán comhchuibhithe EN 60079-29-1:2016 arna leasú le EN 60079-29-1:2016/A1:2022 agus EN 60079-29-1:2016/A11:2022, is gá tarraingt siar na tagartha do chaighdeán comhchuibhithe EN 60079-29-1:2016 a chur siar.

    (10)

    Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1668 a leasú dá réir.

    (11)

    Ón dáta a fhoilsítear an tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, is rud é comhlíonadh an chaighdeáin sin a fhágann go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na buncheanglais chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1668 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm ag pointe (1) d’Iarscríbhinn I ón 17 Meán Fómhair 2024.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Márta 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 316, 14.11.2012, lch. 12.

    (2)  Treoir 2014/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh agus córais chosanta atá ceaptha lena n-úsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach (IO L 96, 29.3.2014, lch. 309).

    (3)  Treoir 94/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Márta 1994 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh agus córais chosanta atá ceaptha lena n-úsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach (IO L 100, 19.4.1994, lch. 1).

    (4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1668 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2022 maidir leis na caighdeáin chomhchuibhithe i dtaca le trealamh agus córais chosanta atá ceaptha lena n-úsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach, caighdeáin a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 251, 29.9.2022, lch. 6).


    IARSCRÍBHINN

    Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1668 mar a leanas:

    (1)

    scriostar ró 82;

    (2)

    cuirtear isteach an ró seo a leanas:

    “82a.

    EN 60079-29-1:2016

    Atmaisféir phléascacha — Cuid 29-1: Brathadóirí gáis — Ceanglais feidhmíochta brathadóirí le haghaidh gáis inadhainte

    EN 60079-29-1:2016/A1:2022

    EN 60079-29-1:2016/A11:2022”;

    (3)

    cuirtear isteach an ró seo a leanas:

    “92.

    EN 17348:2022

    Ceanglais maidir le maidir le dearadh agus tástáil folúsghlantóirí atá le húsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach”.


    Top