EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comheagrú na margaí talmhaíochta in AE

Comheagrú na margaí talmhaíochta in AE

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 — comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Tá sé mar aidhm leis na margaí a chobhsú agus cosc ar chur ar ghéarú na ngéarchéimeanna sa mhargadh trí líontán sábhála a sholáthar do na margaí talmhaíochta trí úsáid uirlisí idirghabhála margaidh (idirghabháil phoiblí* agus cabhair do stóráil phríobháideach) agus bearta eisceachtúla. Soláthraítear leis chomh maith na bearta riachtanacha um thrédhearcacht an mhargaidh ionas go mbeidh sé ar chumas táirgeoirí talmhaíochta cinntí táirgthe agus infheistíochta níos fearr a dhéanamh i bhfianaise fhorbairtí an mhargaidh.
  • Féachtar leis le feabhas a chur ar an táirgiúlacht agus ar an gcáilíocht ar leibhéal na táirgeachta, rud a chuirfidh borradh faoi earnálacha talmhaíochta AE agus a chuideoidh leo oiriúnú ar bhealach níos fearr d’athruithe ar an margadh agus a n–iomaíochas a mhéadú trí chabhair d’earnálacha faoi leith (go háirithe torthaí agus glasraí, agus fíon).
  • Féachtar leis le comhar a spreagadh laistigh de shlabhra an tsoláthair bia trí eagraíochtaí táirgeoirí* agus eagraíochtaí idirchraoibhe* (eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht do ghníomhairí shlabhra an tsoláthair bia atá bainteach le táirgeadh, trádáil agus/nó próiseáil táirgí in earnálacha sonracha).
  • Leagtar síos leis na híoscheanglais um cháilíocht (caighdeáin mhargaíochta), rialacha agus coinníollacha chun cáilíocht phróiseas na táirgeachta agus cáilíocht na dtáirgí a áirithiú. Sainítear na rialacha ann maidir le téarmaí roghnacha forchoimeádta a úsáid le haghaidh gnéithe táirge breisluacha nó próisis táirgeachta le haghaidh líon táirgí. Leagtar amach ann chomh maith rialacha maidir le táirgí talmhaíochta agus rialacha sonracha maidir le hiomaíocht.
  • Rinneadh an rialachán a leasú roinnt uaireanta, an uair dheireanach le Rialachán (AE) 2020/2220, lena dtugtar isteach rialacha idirthréimhseacha maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta (CBT) ina gclúdaítear an tréimhse 2021-2022.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá na príomhrialacha atá leagtha amach sa rialachán roinnte ina gcodanna éagsúla. Tá cumhacht tugtha don Choimisiún Eorpach gníomhartha breise tarmligthe agus cur chun feidhme a ghlacadh chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar na rialacha sin.

 

  • 1.

    Margadh inmheánach

    Tá roinn an mhargaidh inmheánaigh féin roinnte ina líon teideal agus caibidlí.

    Idirghabháil sa mhargadh

    Leagtar síos leis an rialachán rialacha um idirghabháil sa mhargadh maidir le liosta sainithe táirgí sna réimsí seo a leanas.

    Idirghabháil phoiblí agus cabhair do stóráil phríobháideach

    Leagtar síos leis an rialachán rialacha maidir le hidirghabháil sa mhargadh i ndáil le:

    • hidirghabháil phoiblí, sa chás go gceannaíonn agus go stórálann rialtais AE nó a ngníomhaireachtaí táirgí go dtí go ndiúscraítear iad; agus
    • cabhair a thugtar i gcomhair stóráil táirgí ag eagraíochtaí na hearnála príobháidí.

    Leis an rialachán tugtar cumhacht don Choimisiún iad seo a leanas a ghlacadh:

    • gníomhartha tarmligthe, lena áirithiú go mbeidh táirgí dá leithéid oiriúnach le haghaidh stóráil fhadtéarmach agus go mbeidh siad de cháilíocht mhaith, chóir agus indíolta (féach Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1238); agus
    • gníomhartha cur chun feidhme, ina gclúdaítear ceisteanna amhail an íosacmhainn stórála le haghaidh áiteanna stórála idirghabhála (féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1240).

    Scéimeanna cabhrach

    Cuimsítear sa rialachán rialacha maidir le líon scéimeanna cabhrach.

    • Le haghaidh soláthar torthaí agus glasraí agus bainne agus táirgí bainne i bhforais oideachais (scéimeanna scoile mar a thugtar orthu):
      • Ní mór do thíortha AE straitéis a dhréachtú chun an scéim a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach;
      • tá tuilleadh rialacha ar fáil i Rialachán (AE) 2017/40, Rialachán (AE) 2017/39 agus Rialachán (AE) 2020/600.
    • In earnáil na hola olóige agus ológ boird:
      • cláir oibre 3 bliana arna ndréachtú ag na heagraíochtaí táirgeoirí agus/nó ag a gcumainn chun leas táirgeoirí sa Ghréig, sa Fhrainc agus san Iodáil;
      • tá tuilleadh rialacha ar fáil i Rialachán (AE) Uimh. 615/2014, Rialachán (AE) 611/2014 Uimh. agus Rialachán (AE) 2020/600.
    • San earnáil torthaí agus glasraí:
      • rialacha maidir le cistí oibriúcháin agus cláir oibriúcháin, maidir le cúnamh náisiúnta agus maidir le straitéis náisiúnta i ndáil le cláir dá leithéid;
      • tá tuilleadh rialacha ar fáil i Rialachán (AE) Uimh.543/2011, Rialachán (AE) 2020/743, Rialachán (AE) 2020/884 agus Rialachán (AE) 2020/600.
    • san earnáil an fhíona:
      • tá rialacha mionsonraithe leagtha síos i Rialachán (AE) 2016/1149 agus Rialachán (AE) 2016/1150;
    • San earnáil talmhaíochta:
    • San earnáil hopaí:
      • tá rialacha mionsonraithe leagtha amach i Rialachán (AE) Uimh.738/2010.
    • Maidir le scéim na n–údaruithe i gcomhair planduithe fíniúnacha:
      • tá rialacha maidir leis an scéim leagtha amach i Rialachán (AE) 2018/273 agus Rialachán (AE) 2018/274.

    Tá rialacha AE maidir le socrú praghsanna agus paraiméadar eile a theastaíonn le haghaidh bearta margaidh maidir le táirgí talmhaíochta éagsúla leagtha amach i Rialachán (AE) Uimh. 1370/2013 (féach an achoimre).

    Eagraíochtaí margaíochta agus táirgeoirí

    Leagtar amach leis an rialachán rialacha maidir le heagraíochtaí margaíochta agus táirgeoirí ina gclúdaítear na réimsí seo a leanas.

    Margaíocht

    • Caighdeáin um margaíocht — ní mór na táirgí a chlúdaítear sa réimse seo cloí leis na caighdeáin maidir lena gcur ar an margadh san Aontas Eorpach. Tá rialacha mionsonraithe leagtha amach iontu seo a leanas:
      • Rialachán (AE) Uimh. 29/2012 agus Rialachán (CEE) Uimh.2568/91 maidir le hola olóige;
      • Rialachán (AE) Uimh. 1333/2011 maidir le bananaí;
      • Rialachán (AE) Uimh. 543/2011 maidir le torthaí agus glasraí;
      • Rialachán (AE) 2019/934 agus Rialachán (AE) 2019/935 maidir le fíon;
      • Tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 589/2008 maidir le huibheacha;
      • Rialachán (CE) Uimh. 617/2008 maidir le huibheacha goir;
      • Rialachán (CE) Uimh. 543/2008 maidir le héineoil;
      • Rialachán (CE) Uimh. 566/2008 maidir le mairteoil;
      • Rialachán (CE) Uimh. 1850/2006 maidir le hopaí.
    • Tá rialacha ann maidir le scéimeanna chun saintréithe uathúla táirgí talmhaíochta agus bia-ábhar a chur chun cinn (Rialachán (AE) Uimh.1151/2012). Baineann siad sin le gnéithe amhail sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint, tásca geografacha, téarmaí traidisiúnta, agus cur i láthair agus lipéadú (féach an achoimre). Tá rialacha mionsonraithe maidir leearnáil an fhíona leagtha amach i Rialachán (AE) 2019/33 (féach an achoimre) agus Rialachán (AE) 2019/34.

    Earnálacha aonair (siúcra, fíon agus bainne)

    • Tá rialacha mionsonraithe leagtha amach maidir le:
      • siúcra i Rialachán (CE) Uimh. 967/2006;
      • bainne i Rialachán (CE) Uimh. 880/2012 agus Rialachán (CE) Uimh. 511/2012;
      • fíon i Rialachán (AE) 2018/273 agus Rialachán (AE) 2018/274 (clárú fíonghort, trádáil, doiciméid, dearbhuithe, rialuithe).

    Eagraíochtaí táirgeoirí agus eagraíochtaí idirchraoibhe

    • Ní mór do na heagraíochtaí sin ceanglais shonracha a chomhlíonadh agus féachaint le haidhmeanna sonracha a bhaint amach a aithneofar agus a dhíolmhófar ó rialacha áirithe AE um iomaíocht.
    • Féadfar rialacha agus ranníocaíochtaí éigeantacha a leathnú chuig oibreoirí eacnamaíocha nach bhfuil ina gcuid d’eagraíochtaí dá leithéid.
    • Tá rialacha mionsonraithe leagtha amach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/232 ón gCoimisiún agus, don earnáil torthaí agus glasraí, i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892.
    • Tá rialacha mionsonraithe maidir le grúpaí táirgeoirí hopaí leagtha amach i Rialachán (AE) Uimh. 1299/2007.

     

  • 2.

    Trádáil le tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad

    Leagtar amach leis an rialachán rialacha maidir le ceadúnas allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin, dleachtanna ar allmhairí, taraif-chuótaí, cosaintí agus aisíocaíochtaí onnmhairí.

    Tá tuilleadh rialacha leagtha amach iontu seo a leanas:

    • Rialachán (AE) 2015/1538 maidir le hiarratais ar cheadúnas allmhairiúcháin;
    • Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1237 ón gCoimisiún agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1239 ón gCoimisiún;
    • Rialachán (AE) 2019/2163 maidir le dleachtanna allmhairiúcháin breise;
    • Rialachán (AE) Uimh. 642/2010 ón gCoimisiún lena sainítear an modh chun dleachtanna ar allmhairí san earnáil gránach a ríomh;
    • Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760 ón gCoimisiún agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 ón gCoimisiún, mar aon le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1988 ón gCoimisiún agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1987 ón gCoimisiún, maidir le riarachán na dtaraif–chuótaí ar allmhairí.

     

  • 3.

    Rialacha iomaíochta

    Leagtar amach leis an rialachán rialacha ina gcumhdaítear an méid a leanas:

    • iomaíocht agus talamhaíocht;
      • tá feidhm acu sin maidir le gach comhaontú, cinneadh agus cleachtas dá dtagraítear in Airteagal 101(1) agus in Airteagal 102 den CFAE a bhaineann le táirgeadh nó trádáil táirgí talmhaíochta
      • tugtar eisceacht ar chur i bhfeidhm na rialacha sin d’fheirmeoirí agus do chumainn le haghaidh chuspóirí an CBT, mar aon le comhaontuithe agus cleachtais chomhbheartaithe eagraíochtaí idirchraoibhe aitheanta;
    • Státchabhair don talamhaíocht.

     

  • 4.

    Rialacha ginearálta

    Bearta eisceachtúla

    • Bearta in aghaidh suaitheadh sa mhargadh, chun freagairt éifeachtach agus éifeachtúil a éascú ar bhagairtí um shuaitheadh sa mhargadh mar gheall ar arduithe suntasacha ar phraghsanna nó laghduithe ar mhargaí inmheánacha nó seachtracha, nó teagmhais agus cúinsí eile lena ndéantar an margadh a shuaitheadh go mór, nó ar baol dóibh an margadh a shuaitheadh go mór, i gcás gur dócha go leanfaidh an staid sin, nó éifeacht na staide sin ar an margadh, nó go rachaidh siad in olcas. Baineann bearta den sórt sin go bunúsach le bagairt nó suaitheadh faoi leith.
    • Is féidir samplaí de chur i bhfeidhm beart eisceachtúil a fháil iontu seo a leanas:
      • Rialachán (AE) Uimh. 1263/2014 maidir le táirgí déiríochta ag tráth bhac na Rúise ar onnmhairí ón Aontas Eorpach;
      • Rialachán (AE) 2020/592, Rialachán (AE) 2020/1275, Rialachán (AE) 2020/884 agus Rialachán (AE) 2020/600 maidir leis an earnáil torthaí agus glasraí agus earnáil an fhíona, agus Rialachán (AE) 2020/133 agus Rialachán (AE) 2020/419 chun dul i ngleic le forchur tharaifí SAM ar allmhairí fíona;
      • Rialachán (AE) 2015/1853 maidir le tacaíocht d’fheirmeoirí beostoic ag tráth na géarchéime in 2015 san earnáil déiríochta agus san earnáil mhuiceola.
    • Bearta maidir le galair ainmhithe agus muinín tomhaltóirí a chailleadh mar gheall ar rioscaí don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe nó plandaí. Baineann siad sin leis na hearnálacha seo a leanas:
      • mairteoil agus laofheoil
      • bainne agus táirgí bainne
      • muiceoil
      • caoireoil agus feoil ghabhair
      • uibheacha
      • éineoil.
    • Cuireadh bearta den sórt sin chun feidhme, mar shampla, trí bhíthin Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1507 ón gCoimisiún maidir le bearta eisceachtúla um thacaíocht don mhargadh don earnáil uibheacha agus don earnáil éineola sa Pholainn (i ndiaidh ráigeanna den fhliú éanúil).
    • Fadhbanna sonracha:
      • tá bearta éigeandála maidir le plandú fíniúnacha ag tráth phaindéim COVID-19 leagtha amach i Rialachán (AE) 2020/601.
    • Comhaontuithe agus cinntí le linn tréimhsí éagothroime déine sna margaí:
      • tá rialacha sonracha leagtha amach, mar shampla, le linn phaindéim COVIDi Rialachán (AE) 2020/593, Rialachán (AE) 2020/594 agus Rialachán (AE) 2020/599.

    Cumarsáid agus tuairisciú

    Tá rialacha mionsonraithe maidir le cumarsáid agus tuairisciú leagtha amach i Rialachán (AE) 2017/1185.

    Cúlchiste le haghaidh géarchéimeanna san earnáil talmhaíochta

    Féadfar cistí ón gcúlchiste a chur ar fáil i mblianta ina dteastódh tacaíocht bhreise ón earnáil.

Cén uair atá tosach feidhme an rialacháin?

  • Tá feidhm leis ón 1 Eanáir 2014.
  • Aisghaireadh leis Rialachán (CEE) Uimh. 922/72, Rialachán (CEE) Uimh. 234/79, Rialachán (CE) Uimh. 1037/2001 agus Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007.

CÚLRA

Tá rialacha CBT maidir le maoiniú, bainistíocht agus faireachán leagtha amach i Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (féach an achoimre).

Mhol an Coimisiún athchóiriú ar CBT lena bhféachtar le hearnáil talmhaíochta inbhuanaithe agus iomaíoch a chothú a bheidh ábalta cur go mór leis an gComhaontú Glas don Eoraip (féach an achoimre), go háirithe i ndáil leis an straitéis “ón bhfeirm go dtí an forc” (féach an achoimre) agus an straitéis bhithéagsúlachta (féach an achoimre). Go sonrach, dírítear na tograí ar an méid seo a leanas:

  • cothrom na Féinne agus todhchaí eacnamaíoch cobhsaí d’fheirmeoirí a áirithiú;
  • uaillmhianta níos airde maidir le gníomhú ar son an chomhshaoil agus na haeráide a shocrú;
  • staid na dtáirgeoirí talamhaíochta i slabhra an tsoláthair bia a neartú.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Idirghabháil phoiblí: i gcás go gceannaíonn údaráis inniúla Bhallstáit AE táirgí isteach agus go stórálann siad iad go dtí go ndiúscraítear iad.
Eagraíochtaí táirgeoirí: eagraíochtaí táirgeoirí a chruthaítear chun cumhacht na cómhargála a mhéadú, go sonrach trí fhéachaint leis na cuspóirí sonracha atá leagtha amach in Airteagal 152 den rialachán a bhaint amach.
Eagraíochtaí idirchraoibhe: eagraíochtaí táirgeoirí agus próiseálaithe nó trádálaithe sa bhiashlabhra, go sonrach trí fhéachaint leis na cuspóirí sonracha atá leagtha amach in Airteagal 157 den rialachán a bhaint amach.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n–aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 671-854)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí — Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal VII — Rialacha comhchoiteanna maidir le hiomaíocht, cánachas agus comhfhogasú dlíthe — Caibidil 1 — Rialacha iomaíochta — Alt 1 — Rialacha a bhaineann le gnóthais — Airteagal 101 (iar-Airteagal 81 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 88-89)

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí — Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal VII — Rialacha comhchoiteanna maidir le hiomaíocht, cánachas agus comhfhogasú dlíthe — Caibidil 1 — Rialacha iomaíochta — Alt 1 — Rialacha a bhaineann le gnóthais — Airteagal 102 (iar-Airteagal 82 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 89)

Rialachán (AE) Uimh 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le maoiniú, bainistíocht agus faireachán an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n–aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Rialachán Uimh. 165/94, Rialachán (CE) Uimh. 2799/98, Rialachán (CE) Uimh. 814/2000, Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 549-607)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia–earraí (IO L 343, 14.12.2012, lgh. 1-29)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus maidir leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lgh. 1-675)

Féach an leagan comhdhlúite.

Gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1988 ón gCoimisiún an 11 Samhain 2020 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le riarachán na dtaraifí–chuótaí ar allmhairí i gcomhréir leis an bprionsabal “tagadh do sheal mar a tháinig tú féin” (IO L 422, 14.12.2020, lgh. 4-136)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1987 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le taisceadh agus scaoileadh urrús i riarachán na dtaraifí–chuótaí in ord croineolaíoch chur isteach na n–iarratas (IO L 422, 14.12.2020, lgh. 1-3)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1275 ón gCoimisiún an 6 Iúil 2020 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/592 maidir le bearta eisceachtúla sealadacha lena maolaítear ar fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun dul i ngleic leis an gcur isteach ar an margadh san earnáil torthaí agus glasraí agus in earnáil an fhíona a thagann as paindéim COVID-19 agus le bearta a bhaineann léi (IO L 300, 14.9.2020, lgh. 26-31)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1028 ón gCoimisiún an 15 Iúil 2020 lena socraítear an spriocdháta maidir le hiarratais a chur isteach ar chabhair do stóráil phríobháideach le haghaidh feoil úr nó fhuaraithe bó–ainmhithe atá ocht mhí d’aois nó níos sine faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/596 (IO L 227, 16.7.2020, lgh. 8-9)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1029 ón gCoimisiún an 15 Iúil 2020 lena socraítear an spriocdháta maidir le hiarratais a chur isteach ar chabhair do stóráil phríobháideach le haghaidh caoireola nó feoil ghadhair faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/595 (IO L 227, 16.7.2020, lgh. 10-11)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/884 ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2020 lena maolaítear i leith na bliana 2020 ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 a mhéid a bhaineann leis an earnáil torthaí agus glasraí agus ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149 a mhéid a bhaineann lehearnáil an fhíona i dtaca le paindéim COVID-19 (IO L 205, 29.6.2020, lgh. 1-8)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha maidir le cuótaí taraife allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin a riaradh faoi réir ceadúnas agus lena bhforáiltear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hurrúis a thaisceadh i riaradh cuótaí taraife (IO L 185, 12.6.2020, lgh. 1-23)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, (AE) Uimh. 1308/2013 agus (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le córas bainistíochta na dtaraifí–chuótaí le ceadúnais (IO L 185, 12.6.2020, lgh. 24-252)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/743 ón gCoimisiún an 30 Márta 2020 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 maidir le luach na táirgeachta arna margú ag eagraíochtaí táirgeoirí san earnáil torthaí agus glasraí a ríomh (IO L 176, 5.6.2020, lgh. 1-3)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/600 ón gCoimisiún an 30 Aibreán 2020 lena maolaítear ar Rialachán Chur Chun Feidhme (AE) 2017/892, ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1150, ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 615/2014, ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1368 agus ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim arbh í ráig COVID-19 ba chúis léi (IO L 140, 4.5.2020, lgh. 40-45)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/601 ón gCoimisiún an 30 Aibreán 2020 maidir le bearta éigeandála lena maolaítear ar Airteagal 62 agus ar Airteagal 66 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bailíocht údaruithe plandála fíniúnacha agus grafadh i gcás athphlandú a bhfuiltear ag súil leis (IO L 140, 4.5.2020, lgh. 46-49)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/591 ón gCoimisiún an 30 Aibreán 2020 lena n–osclaítear scéim eisceachtúil shealadach cabhrach le haghaidh stóráil phríobháideach le haghaidh cáiseanna áirithe agus lena socraítear méid na cabhrach roimh ré (IO L 140, 4.5.2020, lgh. 1-5)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/592 ón gCoimisiún an 30 Aibreán 2020 maidir le bearta eisceachtúla sealadacha lena maolaítear ar fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun dul i ngleic leis an gcur isteach ar an margadh san earnáil torthaí agus glasraí agus in earnáil an fhíona a thagann as paindéim COVID-19 agus le bearta a bhaineann léi (IO L 140, 4.5.2020, lgh. 6-12)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/593 ón gCoimisiún an 30 Aibreán 2020 lena n–údaraítear comhaontuithe agus cinntí maidir le bearta cobhsaithe margaidh san earnáil prátaí (IO L 140, 4.5.2020, lgh. 13-16)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/594 ón gCoimisiún an 30 Aibreán 2020 lena n–údaraítear comhaontuithe agus cinntí maidir le bearta cobhsaithe margaidh san earnáil crann beo agus plandaí eile, bleibeanna, fréamhacha agus a leithéidí, bláthanna gearrtha agus duilliúir ornáidigh (IO L 140, 4.5.2020, lgh. 17-20)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/595 ón gCoimisiún an 30 Aibreán 2020 lena ndeonaítear cabhair le haghaidh stóráil phríobháideach le haghaidh caoireola agus feoil ghadhair agus lena socraítear méid na cabhrach roimh ré (IO L 140, 4.5.2020, lgh. 21-25)

Rialachán (AE) 2020/596 ón gCoimisiún an 30 Aibreán 2020 lena ndeonaítear cabhair le haghaidh stóráil phríobháideach le haghaidh feoil úr agus fhuaraithe bó–ainmhithe atá ocht mhí d’aois nó níos sine agus lena socraítear méid na cabhrach roimh ré (IO L 140, 4.5.2020, lgh. 26-30)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/597 ón gCoimisiún an 30 Aibreán 2020 lena ndeonaítear cabhair le haghaidh stóráil phríobháideach le haghaidh ime agus lena socraítear méid na cabhrach roimh ré (IO L 140, 4.5.2020, lgh. 31-33)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/598 ón gCoimisiún an 30 Aibreán 2020 lena ndeonaítear cabhair le haghaidh stóráil phríobháideach le haghaidh púdar bainne bhearrtha agus lena socraítear méid na cabhrach roimh ré (IO L 140, 4.5.2020, lgh. 34-36)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/599 ón gCoimisiún an 30 Aibreán 2020 lena n–údaraítear comhaontuithe agus cinntí maidir le pleanáil táirgeachta san earnáil bainne agus táirgí bainne (IO L 140, 4.5.2020, lgh. 37-39)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/419 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena maolaítear ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na cláir náisiúnta tacaíochta in earnáil an fhíona (IO L 84, 20.3.2020, lgh. 1-4)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/133 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena maolaítear ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1150 lena leagtar síos na rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na cláir náisiúnta tacaíochta in earnáil an fhíona (IO L 27, 31.1.2020, lgh. 24-26)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2163 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena socraítear na truicearmhéideanna i gcomhair na mblianta 2020 agus 2021 chun críocha cur i bhfeidhm féideartha dleachtanna allmhairiúcháin breise ar thorthaí agus ar ghlasraí áirithe (IO L 328, 18.12.2019, lgh. 58-60)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/974 ón gCoimisiún an 12 Meitheamh 2019 lena bhformheastar na cláir náisiúnta chunfeabhas a chur ar tháirgeadh agus ar mhargú táirgí beachadóireachta arna gcur isteach ag na Ballstáit faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 157, 14.6.2019, lgh. 28-30)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/935 ón gCoimisiún an 16 Aibreán 2019 lena leagtar síos na rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le modhanna anailíse chun saintréithe fisiceacha, ceimiceacha agus orgánaileipteacha táirgí fíonghoirt a dhearbhú agus fógraí maidir le cinntí na mBallstát i ndáil le méaduithe ar an neart alcóil nádúrtha (IO L 149, 7.6.2019, lgh. 53-57)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934 ón gCoimisiún an 12 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le limistéir fhíonsaothrúcháin ina bhféadfaí an neart alcóil a mhéadú, maidir le cleachtais údaraithe fíoneolaíochta agus srianta is infheidhme ar tháirgeadh agus ar chaomhnú táirgí fíonghoirt, maidir leis an íoschéatadán alcóil le haghaidh seachtháirgí agus a ndiúscairt, agus maidir le foilsiú chomhaid na hEagraíochta Idirnáisiúnta um Fhíniúin agus um Fhíon (IO L 149, 7.6.2019, lgh. 1-52)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hiarratais ar chosaint sonrúchán tionscnaimh, tásc geografach agus téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona, an nós imeachta agóide, srianta úsáide, leasuithe ar shonraíochtaí táirgí, cealú cosanta, agus lipéadú agus cur i láthair (IO L 9, 11.1.2019, lgh. 2-45)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/34 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2018 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hiarratais ar chosaint sonrúchán tionscnaimh, tásc geografach agus téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona, an nós imeachta agóide, leasuithe ar shonraíochtaí táirgí, clár na n–ainmneacha cosanta, cealú cosanta agus úsáid siombailí, agus Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le córas iomchuí seiceálacha (IO L 9, 11.1.2019, lgh. 46-76)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1507 ón gCoimisiún 10 Deireadh Fómhair 2018 maidir le bearta eisceachtúla um thacaíocht don mhargadh don earnáil uibheacha agus don earnáil éineola sa Pholainn (IO L 255, 11.10.2018, lgh. 7-11)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/273 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéim na n–údaruithe i gcomhair planduithe fíniúnacha, clár na bhfíonghort, doiciméid tionlacain agus deimhniúchán, an clár isteach agus amach, dearbhuithe éigeantacha, fógraí agus foilsiú faisnéise ar tugadh fógra fúithi, agus lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na seiceálacha agus na pionóis ábhartha, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 555/2008 ón gCoimisiún, Rialachán (CE) Uimh. 606/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 607/2009 ón gCoimisiún agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 436/2009 ón gCoimisiún agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/560 ón gCoimisiún (IO L 58, 28.2.2018, lgh. 1-59)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/274 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2017 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le scéim na n–údaruithe le haghaidh planduithe fíniúnacha, deimhniúchán, an clár isteach agus amach, dearbhuithe agus fógraí éigeantacha, agus Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na seiceálacha ábhartha, agus lena n–aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/561 (IO L 58, 28.2.2018, lgh. 60-95)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1182 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scálaí an Aontais le haghaidh aicmiú conablach mairteola, muice agus caora agus maidir le tuairisciú praghsanna margaidh ar chatagóirí áirithe conablach agus ainmhithe beo (IO L 171, 4.7.2017, lgh. 74-99)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1183 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le fógraí don Choimisiún maidir le faisnéis agus doiciméid (IO L 171, 4.7.2017, lgh. 100-102)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1185 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2017 lena leagtar síos na rialacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le fógraí don Choimisiún maidir le faisnéis agus doiciméid agus lena n–aisghairtear roinnt Rialachán ón gCoimisiún (IO L 171, 4.7.2017, lgh. 113-130)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 ón gCoimisiún an 13 Márta 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an earnáil torthaí agus glasraí agus leis an earnáil torthaí agus glasraí próiseáilte agus lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na pionóis a chuirfear i bhfeidhm sna hearnálacha sin agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011 ón gCoimisiún (IO L 138, 25.5.2017, lgh. 4-56)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892 ón gCoimisiún an 13 Márta 2017 lena leagtar síos na rialacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an earnáil torthaí agus glasraí agus leis an earnáil torthaí agus glasraí próiseáilte (IO L 138, 25.5.2017, lgh. 57-91)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/40 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cabhair an Aontais i gcomhair soláthar torthaí agus glasraí, bananaí agus bainne i bhforais oideachais agus lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 907/2014 ón gCoimisiún (IO L 5, 10.1.2017, lgh. 11-19)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2016 i ndáil le rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cabhair an Aontais i gcomhair soláthar torthaí agus glasraí, bananaí agus bainne i bhforais oideachais (IO L 5, 10.1.2017, lgh. 1-10)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1237 ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha i ndáil leis an gcóras um cheadúnais allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin a chur i bhfeidhm agus lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil leis na rialacha maidir le scaoileadh agus géilleadh urrús arna dtaisceadh le haghaidh na gceadúnas sin, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2535/2001, Rialachán (CE) Uimh. 1342/2003, Rialachán (CE) Uimh. 2336/2003, Rialachán (CE) Uimh. 951/2006, Rialachán (CE) Uimh. 341/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 382/2008 agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2390/98, Rialachán (CE) Uimh. 1345/2005, Rialachán (CE) Uimh. 376/2008 agus Rialachán (CE) Uimh. 507/2008 (IO L 206, 30.7.2016, lgh. 1-14)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1238 ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hidirghabháil phoiblí agus stóráil phríobháideach (IO L 206, 30.7.2016, lgh. 15-43)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1239 ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2016 lena leagtar síos na rialacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcóras um cheadúnais allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin (IO L 206, 30.7.2016, lgh. 44-70)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1240 ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2016 lena leagtar síos na rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hidirghabháil phoiblí agus cabhair le haghaidh stóráil phríobháideach (IO L 206, 30.7.2016, lgh. 71-127)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1150 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2016 lena leagtar síos na rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na cláir náisiúnta tacaíochta d’earnáil an fhíona (IO L 190, 15.7.2016, lgh. 23-71)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca leis na cláir náisiúnta tacaíochta in earnáil an fhíona agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 555/2008 (OJ L 190, 15.7.2016, lgh. 1-22)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/232 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gnéithe áirithe um chomhar táirgeoirí (IO L 44, 19.2.2016, lgh. 1-4)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1853 ón gCoimisiún an 15 Deireadh Fómhair 2015 maidir le cabhair eisceachtúil shealadach a sholáthar d’fheirmeoirí sna hearnálacha beostoic (IO L 271, 16.10.2015, lgh. 25-30)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1368 ón gCoimisiún an 6 Lúnasa 2015 lena leagtar síos na rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cabhair san earnáil bheachadóireachta (IO L 211, 8.8.2015, lgh. 9-16)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1366 ón gCoimisiún an 11 Bealtaine 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cabhair san earnáil bheachadóireachta (IO L 211, 8.8.2015, lgh. 3-6)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1263/2014 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2014 maidir le cabhair eisceachtúil shealadach a sholáthar do tháirgeoirí bainne san Eastóin, sa Laitvia agus sa Liotuáin (IO L 341, 27.11.2014, lgh. 3-5)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 615/2014 ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2014 lena leagtar síos na rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le cláir oibre chun tacú leis na hearnálacha ola olóige agus ológ boird (IO L 168, 7.6.2014, lgh. 95-102)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 611/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le cláir oibre tacaíochta do na hearnálacha ola olóige agus ológ boird (OJ L 168, 7.6.2014, lgh. 55-61)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 880/2012 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2012 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle maidir le comhar trasnáisiúnta agus idirbheartaíocht chonarthach eagraíochtaí táirgeoirí san earnáil bainne agus táirgí bainne (IO L 263, 28.9.2012, lgh. 8-9)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 511/2012 ón gCoimisiún an 15 Meitheamh 2012 maidir le fógraí i ndáil le heagraíochtaí táirgeoirí agus eagraíochtaí idirchraoibhe agus idirbheartaíocht chonarthach agus caidreamh conarthach dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 san earnáil bainne agus táirgí bainne (IO L 156, 16.6.2012, lgh. 39-40)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 29/2012 ón gCoimisiún an 13 Eanáir 2012 maidir le caighdeáin mhargaíochta d’ola olóige (IO L 12, 14.1.2012, lgh. 14-21)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011 ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2011 lena leagtar síos na rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle maidir leis an earnáil torthaí agus glasraí agus leis an earnáil torthaí agus glasraí próiseáilte (IO L 157, 15.6.2011, lgh. 1-163)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) Uimh. 133/2011 ón gCoimisiún an 14 Feabhra 2011 lena mbunaítear na luachanna caighdeánacha allmhairiúcháin chun praghas iontrála torthaí agus glasraí áirithe a dhearbhú (IO L 41, 15.2.2011, lgh. 4-5)

Rialachán (AE) Uimh. 738/2010 ón gCoimisiún an 16 Lúnasa 2010 lena leagtar síos rialacha maidir le híocaíochtaí le heagraíochtaí táirgeoirí na Gearmáine san earnáil hopaí (IO L 216, 17.8.2010, lgh. 11-13)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) Uimh. 642/2010 ón gCoimisiún an 20 Iúil 2010 maidir le rialacha cur i bhfeidhm (dleachtanna allmhairiúcháin na hearnála gránaí) le haghaidh Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 187, 21.7.2010, lgh. 5-22)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 617/2008 ón gCoimisiún an 27 Meitheamh 2008 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 maidir le caighdeáin mhargaíochta d’uibheacha le haghaidh sicíní goir agus sicíní éanlaithe clóis (IO L 168, 28.6.2008, lgh. 5-16)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 589/2008 ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2008 lena leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle maidir le caighdeáin mhargaíochta d’uibheacha (IO L 163, 24.6.2008, lgh. 6-23)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 566/2008 ón gCoimisiún an 18 Meitheamh 2008 lena leagtar síos na rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle maidir le margú feola bó-ainmhithe atá 12 mhí d’aois nó níos óige (IO L 160, 19.6.2008, lgh. 22-25)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 543/2008 ón gCoimisiún an 16 Meitheamh 2008 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle maidir le caighdeáin mhargaíochta le haghaidh éineola (IO L 157, 17.6.2008, lgh. 46-87)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 1299/2007 ón gCoimisiún an 6 Samhain 2007 maidir le haithint grúpaí táirgeoirí le haghaidh hopaí (Leagan códaithe) (IO L 289, 7.11.2007, lgh. 4-7)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 1850/2006 ón gComhairle an 14 Nollaig 2006 lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach i gcomhair deimhniúchán hopaí agus táirgí hopaí (O L 355, 15.12.2006, lgh. 72-87)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 967/2006 gCoimisiún an 29 Meitheamh 2006 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 318/2006 ón gComhairle i ndáil le táirgeadh siúcra os cionn an chuóta (IO L 176, 30.6.2006, lgh. 22-31)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CEE) Uimh. 2568/91 an 11 Iúil 1991 maidir le saintréithe na hola olóige agus ola d’iarmhar ológ agus maidir le modhanna ábhartha na hanailíse (IO L 248, 5.9.1991, lgh. 1–83)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 18.06.2021

Top