EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Talmhaíocht san Aontas Eorpach — rialacha maidir le maoiniú, bainistíocht agus faireachán

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Ceann de ghníomhartha bunúsacha chomhbheartas talmhaíochta (CBT) an Aontais Eorpaigh is ea an rialachán seo agus leagtar amach ann rialacha maidir le maoiniú, bainistíocht agus faireachán faoin dá phríomhchiste CBT.

Leasaíodh an rialachán roinnt uaireanta, agus den uair is déanaí le Rialachán (AE) 2020/2220.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

Leagtar amach rialacha sa rialachán maidir leis an méid a leanas:

  • maoiniú an chaiteachais faoin CBT, lena n–áirítear caiteachas ar fhorbairt tuaithe;
  • an córas comhairleach feirme;
  • na córais bhainistíochta agus rialaithe atá le cur i bhfeidhm ag tíortha AE;
  • an córas tras-chomhlíonta;
  • imréiteach cuntas.

Cistí a mhaoiníonn CBT

Struchtúr rialachais

  • Feidhmítear an dá chiste i mbainistíocht chomhroinnte idir AE agus tíortha AE.
  • Gníomhaireachtaí íocaíochta:
    • ranna nó comhlachtaí i dtíortha AE;
    • tá siad freagrach as caiteachas a bhainistiú agus a rialú;
    • ní mór dóibh na rialacha atá leagtha amach ag an gCoimisiún Eorpach a chomhlíonadh.
  • Comhlachtaí deimhniúcháin:
    • comhlachtaí poiblí nó príobháideacha arna n–ainmniú ag tíortha AE;
    • tugann siad tuairim, arna ndréachtú faoi chaighdeáin iniúchta a nglactar leo go hidirnáisiúnta, ar:
      • iomláine, cruinneas agus fírinneacht chuntais bhliantúla na gníomhaireachta íocaíochta;
      • feidhmiú chóras rialaithe inmheánach na gníomhaireachta is íocóir;
      • dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais ar iarradh aisíocaíocht air ón gCoimisiún.

An córas comhairleach feirme

Chun comhairle a thabhairt do thairbhithe maidir le bainistíocht talún agus bainistíocht feirme, ní mór do thíortha AE córas comhairleach feirme a bhunú.

Cumhdaítear roinnt gnéithe sna córais, lena n–áirítear:

  • na ceanglais agus na caighdeáin maidir le tras–chomhlíonadh;
  • cleachtais talmhaíochta atá tairbheach don aeráid, don chomhshaol agus do chothabháil an limistéir talmhaíochta;
  • bearta ar leibhéal na feirme a cheanglaítear i gcláir forbartha tuaithe lena ndírítear ar fheirmeacha a nuachóiriú, ar iomaíochas a fhorbairt, ar chomhtháthú earnála, ar nuálaíocht agus ar threoshuíomh ó thaobh mhargaidh agus ar chur chun cinn fiontraíochta;
  • a áirithiú go bhfuil na comhairleoirí cáilithe agus oilte go cuí.

Bainistíocht airgeadais

Leagtar amach sa rialachán rialacha maidir le bainistíocht airgeadais an dá chiste, lena n–áirítear:

  • don CERT
    • maoiniú caiteachais — lena n–áirítear an uasteorainn buiséid agus nós imeachta maidir le híocaíochtaí;
    • bainistíocht an bhuiséid — lena n–áirítear nós imeachta smachta airgeadais, nós imeachta smachta buiséid agus córas luathrabhaidh agus faireacháin míosúil;
  • don CETFT
    • maoiniú clár forbartha tuaithe — lena n–áirítear ranníocaíochtaí airgeadais le agus ó CETFT agus ceangaltais bhuiséadacha;
    • ranníocaíocht airgeadais le cláir forbartha tuaithe — lena n–áirítear socruithe réamh–mhaoinithe agus íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíocht an iarmhéid;
  • acmhainn don Choimisiún lena áirithiú go ndearnadh caiteachas de réir rialacha an Aontais Eorpaigh — lena n–áirítear an chumhacht chun íocaíochtaí a laghdú agus a chur ar fionraí.

Imréiteach cuntas

  • Seiceálacha ag an gCoimisiún i dtíortha an Aontais Eorpaigh, lena n–áirítear seiceáil ar an méid a leanas:
    • go n–urramaíonn cleachtais riaracháin dlí an Aontais Eorpaigh;
    • gurb ann do na doiciméid tacaíochta a bhfuil gá leo agus go gcomhfhreagraíonn siad do na hoibríochtaí a mhaoinítear leis na cistí;
    • go ndearnadh na téarmaí faoinar mhaoinigh CERT nó CETFT a chomhlíonadh agus a sheiceáil;
    • creidiúnú na ngníomhaireachtaí íocaíochta.
  • Rochtain ar fhaisnéis agus ar dhoiciméid — Ba cheart do thíortha AE an fhaisnéis agus na doiciméid go léir is gá a chur ar fáil don Choimisiún.
  • An nós imeachta maidir le himréiteach cuntas — glacann an Coimisiún gníomh cur chun feidhme ina bhfuil a chinneadh ar iomláine, cruinneas agus fírinne na gcuntas bliantúil a chuir gníomhaireachtaí íocaíochta creidiúnaithe isteach.
  • Imréiteach comhréireachta — i gcás nach gcomhlíonann caiteachas dlí is infheidhme AE (agus i leith CETFT, an dlí náisiúnta freisin), cinnfidh an Coimisiún an méid a bheidh le heisiamh ó mhaoiniú AE.
  • Neamhrialtachtaí — i gcás ina ndearnadh íocaíocht mhíchuí tar éis neamhrialtachta nó faillí, ní mór do thíortha AE aisghabháil na híocaíochta a iarraidh ar an tairbhí laistigh de 18 mí ó aithint na neamhrialtachta.

Rialuithe

  • Lena áirithiú go ndéanfar an tacaíocht a leithdháileadh go cuí ar thairbhithe, ceanglaítear ar thíortha AE córais éifeachtacha bainistíochta agus rialaithe a bhunú. I gcás íocaíochtaí áirithe, ní mór do thíortha AE córas a fheidhmiú chun íocaíochtaí le feirmeoirí a bhainistiú agus a rialú, an Córas Comhtháite Riaracháin agus Rialaithe.
  • Ísleofar ceanglais rialaithe i réigiúin ina léirigh seiceálacha roimhe sin torthaí maithe, agus méadófar iad i réigiúin ina bhfuil fadhbanna.
  • Grinnscrúdú ar idirbhearta. Leagtar amach sa rialachán rialacha sonracha maidir le grinnscrúdú a dhéanamh ar dhoiciméid tráchtála ghníomhaíochtaí íocaíochta nó tairbhithe (nó a n–ionadaithe) a bhaineann go díreach nó go hindíreach leis an gcóras maoinithe CERT chun a fháil amach an ndearnadh na n–idirbhearta sa chóras i ndáiríre agus ar cuireadh i bhfeidhm i gceart iad. Ní bheidh feidhm ag grinnscrúdú ar idirbhearta maidir leis na bearta a chumhdaítear sa Chóras Comhtháite Riaracháin agus Rialaithe.

Pionóis

Déantar foráil sa rialachán, anuas ar neamhíoc nó aistarraingt íocaíochtaí chuig tairbhithe nach gcomhlíonann na riachtanais cháilithe, gealltanais nó oibleagáidí eile, ní mór do thíortha AE, más ábhartha, pionóis riaracháin a ghearradh orthu.

Traschomhlíonadh

Tá gach íocaíocht dhíreach, íocaíocht forbartha tuaithe áirithe agus íocaíocht áirithe fíniúna nasctha le comhlíonadh roinnt íoscheanglais dhlíthiúla a bhaineann leis an méid a leanas:

  • an comhshaol;
  • athrú aeráide;
  • dálaí talmhaíochta talún;
  • caighdeáin sláinte an duine, ainmhithe agus plandaí; agus
  • leas ainmhithe.

Rialacha comhchoiteanna

Leagtar amach leis an rialachán roinnt rialacha comhchoiteanna freisin a chlúdaíonn saincheisteanna amhail:

  • an fhaisnéis a chuireann tíortha AE faoi bhráid an Choimisiúin agus an úsáid a mbaintear aisti;
  • úsáid an euro agus an ráta malairte a úsáidtear;
  • cuirtear creat faireacháin agus measúnaithe ar bun faoin rialachán chun feidhmíocht CBT a thomhas;
  • an riachtanas trédhearcachta chun na tairbhithe a fhoilsiú, seachas siúd a fhaigheann méideanna an–bheag (EUR 1,250 nó níos lú, ag brath ar an tír AE).

Paindéim COVID-19

Tar éis ráig phaindéim COVID-19, le Rialachán (AE) 2020/531 féadfaidh tíortha AE leibhéal níos airde airleacan a íoc le tairbhithe don bhliain 2020. Tá sé sin ann chun cúiteamh a dhéanamh as moilleanna féideartha ar íocaíochtaí cúnaimh mar gheall ar na deacrachtaí riaracháin eisceachtúla a chuireann moill ar chomhlíonadh seiceálacha.

Rialacha idirthréimhseacha i gcomhair na mblianta 2021 agus 2022

Ceadaítear le Rialachán leasaitheach (AE) 2020/2220, a glacadh i Nollaig 2020, go leanfar de na rialacha faoi chreat CBT 2014-2020 a chur i bhfeidhm agus áirithítear leis leanúnachas na n–íocaíochtaí le feirmeoirí agus tairbhithe tacaíochta eile ó CERT agus ó CETFT sna blianta 2021 agus 2022, go dtí dáta chur chun feidhme an chreata dlithiúil nua ina gcumhdaítear an tréimhse a thosaíonn ar an 1 Eanáir 2023.

Maidir leis na blianta 2021 agus 2022, tá méid an chúlchiste socruithe ag €400 milliún (i bpraghsanna 2011) agus tagann sé faoi Cheannteideal 3 den chreat airgeadais ilbhliantúil mar a leagtar amach san Iarscríbhinn le Rialachán (AE) 2020/2093 ón gComhairle (féach achoimre).

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

  • Tá feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ón 1 Eanáir 2014.
  • Tá feidhm ag Rialachán leasaitheach (AE) 2020/2220 ón 1 Eanáir 2021.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le maoiniú, bainistíocht agus faireachán an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n–aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Rialachán Uimh. 165/94, Rialachán (CE) Uimh. 2799/98, Rialachán (CE) Uimh. 814/2000, Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 549-607)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha maidir le cuótaí taraife allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin a riaradh faoi réir ceadúnas agus lena bhforáiltear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hurrúis a thaisceadh i riaradh cuótaí taraife (IO L 185, 12.6.2020, lgh. 1-23)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, (AE) Uimh. 1308/2013 agus (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le córas bainistíochta na dtaraifí–chuótaí le ceadúnais (IO L 185, 12.6.2020, lgh. 24-252)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Cur Chun Feidhm (AE) 2020/531 an 16 Aibreán 2020 de mhaolú i leith na bliana 2020 ón tríú fomhír d’Airteagal 75(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le leibhéal na réamhíocaíochtaí le haghaidh íocaíochtaí díreacha agus bearta forbartha tuaithe a bhaineann le hachar agus ainmhithe agus ón gcéad fhomhír d’Airteagal 75(2) den Rialachán sin maidir le híocaíochtaí díreacha (IO L 119, 17.4.2020, lgh. 1-2)

Rialachán cur chun feidhme (AE) Uimh. 908/2014 ón gCoimisiún an 6 Lúnasa 2014 lena leagtar síos na rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, rialacha i leith seiceálacha, urrúis agus trédhearcacht (IO L 255, 28.8.2014, lgh. 59-124)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Cur chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2014 lena leagtar síos na rialacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe, bearta forbartha tuaithe agus traschomhlíonadh (IO L 227, 31.7.2014, lgh. 69-124)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcóras comhtháthaithe riaracháin agus rialaithe agus na coinníollacha diúltaithe nó aistarraingthe íocaíochtaí agus pionós riaracháin atá infheidhmithe ar íocaíochtaí díreacha, ar an tacaíocht forbartha tuaithe agus ar an traschomhlíonadh (IO L 181, 20.6.2014, lgh. 48-73)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 906/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caiteachas idirghabhála poiblí (IO L 255, 28.8.2014, lgh. 1-17)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 907/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, urrúis agus úsáid an euro (IO L 255, 28.8.2014, lgh 18-58)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht le haghaidh forbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 487-548)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha le haghaidh íocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta laistigh de chreat an chomhbheartais talmhaíochta lena n–aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 608-670)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) Uimh 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n–aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 671-854)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 01.01.2023

Top