Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0606

    Rialachán (AE) 2023/606 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/760 a mhéid a bhaineann leis na ceanglais a bhaineann le beartais infheistíochta agus coinníollacha oibriúcháin cistí infheistíochta fadtéarmacha Eorpacha agus a mhéid a bhaineann le raon feidhme sócmhainní infheistíochta incháilithe, na ceanglais maidir le comhdhéanamh agus éagsúlú punainne, agus iasachtaíocht airgid thirim agus rialacha ciste eile (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    PE/69/2022/REV/1

    IO L 80, 20.3.2023, p. 1–23 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/606/oj

    20.3.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 80/1


    RIALACHÁN (AE) 2023/606 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 15 Márta 2023

    lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/760 a mhéid a bhaineann leis na ceanglais a bhaineann le beartais infheistíochta agus coinníollacha oibriúcháin cistí infheistíochta fadtéarmacha Eorpacha agus a mhéid a bhaineann le raon feidhme sócmhainní infheistíochta incháilithe, na ceanglais maidir le comhdhéanamh agus éagsúlú punainne, agus iasachtaíocht airgid thirim agus rialacha ciste eile

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Ó glacadh Rialachán (AE) 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), níor údaraíodh ach roinnt bheag cistí infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha (ELTIFanna). Measadh méid iomlán ghlansócmhainní na gcistí sin a bheith thart ar EUR 2 400 000 000 in 2021.

    (2)

    Léirítear leis na sonraí margaidh atá ar fáil nár tháinig méadú chomh mór sin ar an uas-scálú ar fhorbairt dheighleog ELTIF agus a raibh coinne leis, d’ainneoin an tAontas a bheith ag díriú ar mhaoiniú fadtéarmach a chur chun cinn san Aontas.

    (3)

    Maidir le saintréithe áirithe de mhargadh ELTIF, lena n-áirítear an líon íseal cistí, méid beag na nglansócmhainní, an líon íseal dlínsí ina bhfuil sainchónaí ar ELTIFanna agus comhdhéanamh punainne atá claonta i leith catagóirí infheistíochtaí incháilithe áirithe, is léiriú iad ar chineál comhchruinnithe an mhargaidh sin ó thaobh na geografaíochta de agus i dtéarmaí chineál na hinfheistíochta. Ina theannta sin, is cosúil go bhfuil easpa feasachta agus litearthachta airgeadais ann, agus, níos suntasaí fós, leibhéil ísle iontaoibhe agus iontaofachta a mhéid a bhaineann leis an tionscal airgeadais, ar nithe iad is gá a shárú ionas go mbeidh ELTIFanna níos inrochtana ag infheisteoirí miondíola agus gur mó tóir a bheidh acu orthu. Dá bhrí sin, is gá feidhmiú an chreata dhlíthiúil a athbhreithniú le haghaidh oibriú ELTIFanna chun a áirithiú go gcuirtear níos mó infheistíochtaí i dtreo gnólachtaí a bhfuil caipiteal de dhíth orthu agus chuig tionscadail infheistíochtaí fadtéarmacha.

    (4)

    Faoi láthair, is é is cuspóir do Rialachán (AE) 2015/760 caipiteal a chur i dtreo infheistíochtaí fadtéarmacha Eorpacha i bhfíorgheilleagar an Aontais. Dá bhrí sin, d’fhéadfaí go mbeadh tromlach shócmhainní agus infheistíochtaí ELTIF, nó an príomhioncam a ghineann sócmhainní agus infheistíochtaí den sórt sin, lonnaithe laistigh den Aontas. Is féidir, áfach, le hinfheistíochtaí fadtéarmacha i dtionscadail, i ngnóthais, agus i dtionscadail bonneagair i dtríú tíortha freisin caipiteal a ghnóthú do ELTIFanna agus tairbhiú do gheilleagar an Aontais. Is iomaí slí inar féidir le tairbhí den sórt sin teacht chun cinn, lena n-áirítear trí infheistíochtaí lena ndéantar forbairt na réigiún teorann a chur chun cinn, lena ndéantar comhar tráchtála, airgeadais agus teicneolaíoch a fheabhsú agus lena ndéantar infheistíochtaí i dtionscadail chomhshaoil agus fuinnimh inbhuanaithe a éascú. Go deimhin, is dosheachanta go mbeidh sócmhainní agus infheistíochtaí fadtéarmacha áirithe a théann chun tairbhe d’fhíorgheilleagar an Aontais lonnaithe i dtríú tíortha, amhail cáblaí snáthoptaice fomhuirí lena nasctar an Eoraip le hilchríocha eile, nó tógáil críochfort gáis nádúrtha leachtaithe agus bonneagar gaolmhar, nó infheistíochtaí trasteorann i suiteálacha agus saoráidí fuinnimh in-athnuaite lena rannchuidítear le hathléimneacht na heangaí leictrí agus le slándáil fuinnimh an Aontais. Ós rud é gur féidir le hinfheistíochtaí i ngnóthais phunainne cháilitheacha tríú tír agus i sócmhainní incháilithe tairbhí a chur ar fáil d’infheisteoirí agus do bhainisteoirí ELTIF agus do gheilleagair, bonneagar, inbhuanaitheacht aeráide agus chomhshaoil agus saoránaigh na dtríú tíortha sin, níor cheart, le Rialachán (AE) 2015/760, cosc a chur ar fhormhór shócmhainní agus infheistíochtaí ELTIF, ná ar phríomhioncam nó príomhghiniúint brabúis na sócmhainní agus na n-infheistíochtaí sin, a bheith lonnaithe i dtríú tír.

    (5)

    Dá réir sin, agus ag féachaint freisin d’acmhainneacht ELTIFanna infheistíochtaí fadtéarmacha a éascú i mbonneagar fuinnimh, iompair agus sóisialta, agus i gcruthú post, i measc nithe eile, agus chun rannchuidiú leis an gComhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach, ba cheart Rialachán (AE) 2015/760 a leasú ionas gurb é an cuspóir atá leis ná caipiteal a chruinniú agus a chur i dtreo infheistíochtaí fadtéarmacha san fhíorgheilleagar, lena n-áirítear i dtreo infheistíochtaí lena gcuirtear an Comhaontú Glas don Eoraip agus réimsí tosaíochta eile chun cinn, agus chun a áirithiú go ndrítear sreafaí caipitil ar thionscadail lena gcuirtear geilleagar an Aontais ar chonair i dtreo fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach.

    (6)

    Is gá feabhas a chur ar an méid solúbthachta atá ag bainisteoirí sócmhainní infheistiú a dhéanamh i gcatagóirí leathana sócmhainní réadacha. Dá bhrí sin, ba cheart a mheas gur catagóir sócmhainní incháilithe iad sócmhainní réadacha, ar choinníoll go bhfuil luach ag na sócmhainní réadacha sin de bharr a gcineáil nó a substainte. Leis na sócmhainní réadacha sin, cuimsítear maoin dhochorraithe, amhail bonneagar cumarsáide, comhshaoil, fuinnimh nó iompair, bonneagar sóisialta, lena n-áirítear tithe scoir nó ospidéil, chomh maith le bonneagar le haghaidh oideachais, sláinte agus tacaíocht leasa nó saoráidí tionsclaíochta, suiteálacha, agus sócmhainní eile, lena n-áirítear maoin intleachtúil, soithí, trealamh, innealra, aerárthaí nó rothstoc.

    (7)

    Maidir le hinfheistíochtaí i maoin tráchtála, saoráidí nó suiteálacha le haghaidh oideachais, comhairleoireachta, taighde, forbartha, lena n-áirítear bonneagar agus sócmhainní eile is siocair le tairbhí eacnamaíocha nó sóisialta, spóirt, nó tithíochta, lena n-áirítear tithíocht i gcomhair seanóirí nó tithíocht shóisialta, ba cheart a mheas gur infheistíochtaí incháilithe i sócmhainní réadacha iad mar gheall ar acmhainneacht sócmhainní den sórt sin a bheith ina rannchuidiú leis an gcuspóir i leith fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach. Chun cur i gcrích straitéisí infheistíochta a éascú i réimsí nach bhfuil infheistíochtaí díreacha i sócmhainní réadacha indéanta ná baireannach, ba cheart infheistíochtaí i gcearta uisce, cearta foraoiseachta, cearta tógála agus cearta mianraí a chuimsiú in infheistíochtaí incháilithe i sócmhainní réadacha.

    (8)

    Ba cheart a thuiscint nach n-áirítear le sócmhainní infheistíochta incháilithe saothair ealaíne, lámhscríbhinní, stoic fíona, seodra nó sócmhainní eile, nach ionann iad iontu féin agus infheistíochtaí fadtéarmacha san fhíorgheilleagar.

    (9)

    Is gá cur le tarraingteacht ELTIFanna do bhainisteoirí sócmhainní agus an raon straitéisí infheistíochta atá ar fáil do bhainisteoirí ELTIF a leathnú chun teorannú míchuí a sheachaint maidir le raon feidhme na hincháilitheachta a bhaineann le sócmhainní agus gníomhaíochtaí infheistíochta de chuid ELTIFanna. Níor cheart incháilitheacht sócmhainní réadacha a bheith ag brath ar a gcineál agus a gcuspóirí, ná ar ábhair chomhshaoil, shóisialta nó rialachais agus ar nochtaí inbhuanaitheachta gaolmhara agus ar choinníollacha comhchosúla, a chumhdaítear cheana féin le Rialacháin (AE) 2019/2088 (4) agus (AE) 2020/852 (5) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Mar sin féin, tá ELTIFanna fós faoi réir na n-oibleagáidí a eascraíonn as Rialachán (AE) 2019/2088 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de. Go háirithe, nuair a chuireann ELTIFanna tréithe comhshaoil nó sóisialta chun cinn nó nuair a bhíonn infheistíocht inbhuanaithe mar chuspóir acu, tá siad leis na ceanglais maidir le nochtadh a leagtar amach in Airteagal 8 nó 9 de Rialachán (AE) 2019/2088 a chomhlíonadh, de réir mar is infheidhme, ina bhfuil ceanglais trédhearcachta mhionsonraithe i ngach ceann acu maidir le nochtaí réamhchonarthacha.

    (10)

    Chun sreafaí caipitil phríobháidigh a spreagadh i dtreo infheistíochtaí atá níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, ba cheart a shoiléiriú go bhfuil ELTIFanna in ann infheistiú i mbannaí glasa freisin. Ag an am céanna, ba cheart a áirithiú freisin go ndírítear, le ELTIFanna, ar infheistíochtaí fadtéarmacha agus go gcomhlíontar ceanglais Rialachán (AE) 2015/760 maidir le sócmhainní infheistíochta incháilithe. Dá bhrí sin, ba cheart bannaí glasa a chomhlíonann na ceanglais incháilitheachta sin agus a eisítear de bhun Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bannaí glasa Eorpacha a áireamh go sainráite ar liosta na sócmhainní infheistíochta incháilithe.

    (11)

    Chun feabhas a chur ar rochtain infheisteoirí ar fhaisnéis níos cothroime le dáta agus níos iomláine maidir le margadh ELTIF, is gá méadú a chur ar ghráinneacht agus tráthúlacht an chláir lárnaigh phoiblí dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2015/760. Dá bhrí sin, ba cheart faisnéis bhreise a bheith sa chlár sin i dteannta na faisnéise atá ann cheana, lena n-áirítear, agus i gcás ina bhfuil fáil orthu, an tAitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh (LEI) agus aitheantóir cóid náisiúnta an ELTIF, ainm, seoladh agus LEI bhainisteoir an ELTIF, an Uimhir Aitheantais Urrús Idirnáisiúnta (cód ISIN) de chuid an ELTIF agus de chuid gach aicme aonad nó scaireanna ar leithligh, údarás inniúil an ELTIF agus Ballstát baile an ELTIF sin, na Ballstáit ina margaítear na ELTIFanna, cé acu is féidir nó nach féidir an ELTIF a mhargú le hinfheisteoirí miondíola nó cé acu nach féidir é a mhargú ach le hinfheisteoirí gairmiúla, dáta údaraithe an ELTIF, agus an dáta a thosaigh margú an ELTIF.

    (12)

    Is féidir infheistíochtaí arna ndéanamh ag ELTIFanna a dhéanamh trí rannpháirtíocht eintiteas idirmheánach, lena n-áirítear meáin shainchuspóireacha agus meáin urrúsuithe nó chomhbhailitheora nó cuideachtaí sealbhaíochta. Faoi láthair, ceanglaítear le Rialachán (AE) 2015/760 nach ndéantar infheistíochtaí in ionstraimí cothromais nó cuasachothromais de ghnóthais phunainne cháilitheacha ach amháin i gcás ina bhfuil na gnóthais sin ina bhfochuideachtaí faoi úinéireacht tromlaigh, rud a chuireann teorainn suntasach le raon feidhme bhonn na sócmhainní incháilithe. Dá bhrí sin, ba cheart, i gcoitinne, an fhéidearthacht a bheith ann do ELTIFanna comhinfheistiú mionlaigh a dhéanamh i ndeiseanna infheistíochta. Leis an bhféidearthacht sin, ba cheart solúbthacht bhreise a thabhairt do ELTIFanna agus a gcuid straitéisí infheistíochta á gcur cur chun feidhme acu, tuilleadh tionscnóirí tionscadal infheistíochta a mhealladh agus raon na sócmhainní sprice incháilithe féideartha a mhéadú, ar nithe iad uile atá fíor-riachtanach le haghaidh straitéisí infheistíochta indíreacha a chur chun feidhme.

    (13)

    Mar thoradh ar an imní go bhféadfadh straitéisí ciste cistí a bheith ina gcúis le teacht chun cinn infheistíochtaí nach dtiocfadh faoi réim raon feidhme sócmhainní infheistíochta incháilithe, tá srianta i Rialachán (AE) 2015/760 faoi láthair ar infheistíochtaí i gcistí eile le linn shaolré ELTIF. Mar sin féin, bealach coitianta agus thar a bheith éifeachtach is ea straitéisí ciste cistí chun neamhchosaint mhear ar shócmhainní neamhleachtacha a fháil, go háirithe maidir le réadmhaoin agus i gcomhthéacs struchtúir chaipitil láníoctha. Is gá, dá bhrí sin, an deis a thabhairt do ELTIFanna infheistiú i gcistí eile, chun cur ar a gcumas a áirithiú go gcuirtear caipiteal chun úsáide níos tapúla. Dá ndéanfaí infheistíochtaí ciste cistí ag ELTIFanna a éascú, d’fhéadfaí farasbarr d’airgead tirim a athinfheistiú i gcistí, de bhrí go bhféadfadh infheistíochtaí éagsúla ag a bhfuil aibíochtaí ar leith sracadh airgid thirim ELTIF a ísliú. Is gá, dá bhrí sin, incháilitheacht na straitéisí ciste cistí le haghaidh bhainisteoirí ELTIFanna a leathnú thar infheistíochtaí i gcistí caipitil fiontair Eorpacha (EuVECAnna) nó i gcistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha (EuSEFanna). Mar sin, ba cheart leathnú a dhéanamh ar chatagóirí na ngnóthas comhinfheistíochta inar féidir le ELTIFanna a infheistiú chun go n-áireofar gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUI) agus cistí infheistíochta malartacha AE (CIManna AE) freisin arna mbainistiú ag bainisteoirí AIF AE (AIFManna AE). Mar sin féin, chun cosaint éifeachtach infheisteoirí a áirithiú, is gá go bhforáiltear freisin, i gcás ina ndéanann ELTIF infheistíocht in ELTIFanna eile, in EuVECAnna, in EuSEFanna, i GCUI nó i CIManna AE arna mbainistiú ag AIFManna AE, gur cheart do na gnóthais chomhinfheistíochta sin infheistíocht a dhéanamh freisin in ionstraimí incháilithe agus nár cheart dóibh féin a bheith tar éis níos mó ná 10 % dá gcaipiteal a infheistiú in aon ghnóthas comhinfheistíochta eile. Chun teacht timpeall ar na rialacha sin a chosc agus chun a áirithiú go gcomhlíonann ELTIFanna ar bhonn punainne comhiomláin Rialachán (AE) 2015/760, ba cheart sócmhainní agus suíomh iasachtaíochta airgid ELTIFanna a chomhcheangal le sócmhainní agus suíomh iasachtaíochta airgid na ngnóthas comhinfheistíochta ina bhfuil infheistíocht déanta ag ELTIFanna chun measúnú a dhéanamh an bhfuil na ceanglais maidir le comhdhéanamh agus éagsúlú punainne, agus na teorainneacha iasachtaíochta, á gcomhlíonadh ag ELTIFanna.

    (14)

    Faoi láthair, ceanglaítear le Rialachán (AE) 2015/760 go mbíonn luach EUR 10 000 000 ar a laghad ag sócmhainní infheistíochta incháilithe i gcás ina bhfuil siad ina sócmhainní réadacha aonair. Mar sin féin, is minic a bhíonn punanna sócmhainní réadacha comhdhéanta de roinnt sócmhainní réadacha aonair ag a bhfuil luach i bhfad níos lú ná EUR 10 000 000. Ba cheart, dá bhrí sin, an ceanglas maidir le luach íosta sócmhainní réadacha aonair a bhaint. Tríd an gceanglas neamhriachtanach sin a bhaint, táthar ag súil go gcuirfear le héagsúlú punanna infheistíochta agus go gcuirfear borradh faoi infheistíochtaí níos éifeachtaí i sócmhainní réadacha ag ELTIFanna, agus go mbeifear in ann, ag an am céanna, leibhéil éagsúla forbartha d’ionstraimí infheistíochta fadtéarmaí sna Ballstáit a chur san áireamh.

    (15)

    Is gá raon feidhme sócmhainní infheistíochta incháilithe a leathnú agus infheistíochtaí ELTIFanna i sócmhainní urrúsaithe a chur chun cinn. Dá bhrí sin, i gcás ina bhfuil na sócmhainní foluiteacha ina neamhchosaintí fadtéarmacha, ba cheart a shoiléiriú gur cheart freisin urrúsuithe simplí, trédhearcacha caighdeánaithe dá dtagraítear in Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) a chuimsiú i sócmhainní infheistíochta incháilithe. Ar áireamh sna neamhchosaintí fadtéarmacha sin tá urrúsuithe iasachtaí cónaithe arna n-urrú le morgáiste amháin nó níos mó ar mhaoin dhochorraithe chónaithe (urrúis le taca morgáistí cónaithe), iasachtaí tráchtála arna n-urrú le morgáiste amháin nó níos mó ar mhaoin dhochorraithe tráchtála, iasachtaí corparáideacha, lena n-áirítear iasachtaí a dheonaítear d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), agus suimeanna trádála infhála nó neamhchosaintí foluiteacha eile a mheasann an tionscnóir a bheith ina gcineál sócmhainne ar leith, ar choinníoll go ndéantar na fáltais ó urrúsú na suimeanna trádála infhála sin nó na neamhchosaintí foluiteacha eile a úsáid chun infheistíochtaí fadtéarmacha a mhaoiniú nó a athmhaoiniú.

    (16)

    Faoi láthair, le Rialachán (AE) 2015/760, cuirtear cosc ar ELTIFanna infheistíochtaí a dhéanamh in institiúidí creidmheasa, i ngnólachtaí infheistíochta, i ngnóthais árachais agus i ngnóthais airgeadais eile. Mar sin féin, d’fhéadfadh ról tábhachtach a bheith ag gnóthais airgeadais nuálacha a údaraíodh le déanaí, amhail cuideachtaí teicneolaíochta airgeadais, maidir le nuálaíocht dhigiteach, éifeachtúlacht fhoriomlán mhargaí airgeadais an Aontais agus cruthú post a chur chun cinn, agus maidir le rannchuidiú le hathléimneacht agus le cobhsaíocht bhonneagar airgeadais an Aontais agus aontas na margaí caipitil. Déanann gnóthais airgeadais den sórt sin táirgí nó teicneolaíochtaí nuálacha a dhearadh, a fhorbairt nó a thairiscint arb é is aidhm dóibh samhlacha gnó, próisis, feidhmchláir agus táirgí atá ann cheana a uathoibriú nó a fheabhsú, nó cinn nua a bheith mar thoradh orthu, agus ar an gcaoi sin tairbhíonn siad margaí airgeadais Aontais, institiúidí airgeadais agus soláthar seirbhísí airgeadais d’institiúidí airgeadais, do ghnólachtaí nó do thomhaltóirí. Ina theannta sin, déanann gnóthais airgeadais den sórt sin próisis shonracha rialála, mhaoirseachta nó formhaoirseachta a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí, nó déanann siad nuachóiriú ar fheidhmeanna comhlíonta rialála, maoirseachta nó formhaoirseachta ar fud institiúidí airgeadais nó neamhairgeadais. Is inmhianaithe, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2015/760 a leasú chun cead a thabhairt do ELTIFanna infheistiú i ngnóthais airgeadais nuálacha a údaraíodh le déanaí. Ós rud é go bhfuil an limistéar dinimiciúil agus ag forbairt go tapa, ba cheart cead a bheith ag ELTIFanna infheistiú i ngnóthais airgeadais, seachas cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais nó cuideachtaí sealbhaíochta gníomhaíochtaí measctha, ar eintitis rialáilte iad atá údaraithe nó cláraithe níos déanaí ná 5 bliana roimh dháta na hinfheistíochta tosaigh.

    (17)

    Faoi láthair, le Rialachán (AE) 2015/760, ceanglaítear caipitliú margaidh nach mó ná EUR 500 000 000 a bheith ag gnóthais phunainne cháilitheacha, i gcás ina ligtear isteach na gnóthais cháilitheacha sin chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó ar shaoráid trádála iltaobhach. Mar sin féin, bíonn leachtacht theoranta ag go leor cuideachtaí a bhfuil caipitliú margaidh íseal acu, rud a chuireann cosc ar bhainisteoirí ELTIF suíomh leordhóthanach i gcuideachtaí den sórt sin a thógáil laistigh de thréimhse ama réasúnach, agus mar thoradh air sin, cúngaítear raon na spriocanna infheistíochta atá ar fáil. Chun próifíl leachtachta níos fearr a sholáthar do ELTIFanna, ba cheart, dá bhrí sin, caipitliú margaidh na ngnóthas punainne cáilitheach liostaithe inar féidir le ELTIFanna infheistíocht a dhéanamh a mhéadú ó uasmhéid EUR 500 000 000 go dtí uasmhéid EUR 1 500 000 000. Chun athruithe féideartha a sheachaint ar incháilitheacht infheistíochtaí den sórt sin de thoradh ar luaineachtaí airgeadra nó tosca eile, níor cheart an tairseach caipitlithe margaidh a chinneadh ach tráth na hinfheistíochta tosaigh.

    (18)

    Chun trédhearcacht agus sláine na n-infheistíochtaí i sócmhainní atá lonnaithe i dtríú tíortha a áirithiú d’infheisteoirí, do bhainisteoirí ELTIFanna agus d’údaráis inniúla, ba cheart na ceanglais maidir le hinfheistíochtaí i ngnóthais phunainne cháilitheacha tríú tír a ailíniú leis na caighdeáin a leagtar síos i dTreoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Ba cheart iad a ailíniú freisin leis na caighdeáin a leagtar amach sa chomhghníomhaíocht a dhéanann na Ballstáit a mhéid a bhaineann le dlínsí neamh-chomhoibríocha chun críocha cánach, mar a léirítear sna conclúidí ón gComhairle maidir le liosta athbhreithnithe an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach.

    (19)

    D’fhéadfadh bainisteoirí ELTIFanna ag a bhfuil bun i ngnóthas punainne tús áite a thabhairt dá leasanna féin thar leasanna na n-infheisteoirí in ELTIF. Chun coinbhleachtaí leasa den sórt sin a sheachaint agus chun rialachas corparáideach fónta a áirithiú, ceanglaítear le Rialachán (AE) 2015/760 nár cheart do ELTIF infheistíocht a dhéanamh ach i sócmhainní nach bhfuil baint acu le bainisteoir an ELTIF, mura rud é go n-infheistíonn ELTIF in aonaid nó scaireanna de chuid gnóthas comhinfheistíochta eile atá á mbainistiú ag bainisteoir ELTIF. Mar sin féin, is cleachtas margaidh bunaithe é go ndéanann ceann amháin nó níos mó de mheáin infheistíochta an bhainisteora sócmhainní comhinfheistíocht i dteannta ciste eile a bhfuil cuspóir agus straitéis den chineál céanna aige agus atá ag an ELTIF sin. De thoradh ar chomhinfheistíochtaí den sórt sin ag AIFM AE agus ag eintitis chleamhnaithe eile ar leis an ngrúpa céanna iad, táthar in ann comhthiomsuithe caipitil níos mó a mhealladh lena n-infheistiú i dtionscadail ar mhórscála. Chun na críche sin, is gnách le bainisteoirí sócmhainní infheistiú i gcomhthráth leis an ELTIF i sprioc-eintiteas agus a gcuid infheistíochtaí a struchtúrú trí mheáin chomhinfheistíochta. Mar chuid den sainordú bainistithe sócmhainní, is gnách go gceanglaítear, nó go mbítear ag súil leis, go ndéanfaidh bainisteoirí punainne agus foireann shinsearach na mbainisteoirí sócmhainní comhinfheistíocht sa chiste céanna a bhainistíonn siad. Is iomchuí, dá bhrí sin, a shonrú, maidir leis na forálacha maidir le coinbhleachtaí leasa, nár cheart dóibh cosc a chur ar bhainisteoir ELTIF ná ar ghnóthas ar leis an ngrúpa céanna é comhinfheistiú san ELTIF sin ná comhinfheistiú leis an ELTIF sin sa tsócmhainn chéanna. Chun a áirithiú go bhfuil coimircí éifeachtacha cosanta infheisteora ar bun, i gcás ina ndéantar comhinfheistíochtaí den sórt sin, ba cheart do bhainisteoirí ELTIF socruithe eagraíochtúla agus riaracháin a chur ar bun i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i dTreoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), ar socruithe iad a dheartar chun coinbhleachtaí leasa a shainaithint, a chosc, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh orthu agus chun a áirithiú go ndéantar coinbhleachtaí leasa den sórt sin a nochtadh go leordhóthanach.

    (20)

    Chun coinbhleachtaí leasa a chosc, chun idirbhearta nach ndéantar ar théarmaí trádála a sheachaint agus chun rialachas corparáideach fónta a áirithiú, ní cheadaítear, le Rialachán (AE) 2015/760, d’fhoireann bhainisteoir ELTIF agus d’fhoireann na ngnóthas ar leis an ngrúpa céanna le bainisteoir an ELTIF iad infheistiú san ELTIF sin nó comhinfheistiú le ELTIF sa tsócmhainn chéanna. Mar sin féin, is cleachtas margaidh bunaithe é, maidir le foireann bhainisteoir ELTIF agus foireann na n-eintiteas cleamhnaithe eile ar leis an ngrúpa céanna iad, eintitis a dhéanann comhinfheistíocht in éineacht le bainisteoir ELTIF, lena n-áirítear bainisteoirí punainne agus foireann shinsearach atá freagrach as príomhchinntí airgeadais agus oibríochtúla bhainisteoir ELTIF, gur minic a cheanglaítear, nó a bhítear ag súil leis, mar gheall ar chineál an tsainordaithe bainistithe sócmhainní, go ndéanfaidh siad comhinfheistíocht sa chiste céanna nó sa tsócmhainn chéanna chun dreasachtaí airgeadais na foirne sin agus na n-infheisteoirí a ailíniú. Is iomchuí, dá bhrí sin, a shonrú, maidir leis na forálacha maidir le coinbhleachtaí leasa, nár cheart dóibh cosc a chur ar fhoireann bhainisteoir ELTIF ná ar fhoireann gnóthas ar leis an ngrúpa sin iad comhinfheistiú ina gcáil phearsanta san ELTIF sin agus comhinfheistiú leis an ELTIF sa tsócmhainn chéanna. Chun a áirithiú go bhfuil coimircí éifeachtacha cosanta infheisteora ar bun, i gcás ina ndéanann an fhoireann comhinfheistíochtaí den sórt sin, ba cheart do bhainisteoirí ELTIF socruithe eagraíochtúla agus riaracháin a chur ar bun a dheartar chun coinbhleachtaí leasa a shainaithint, a chosc, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh orthu agus chun a áirithiú go ndéantar coinbhleachtaí leasa den sórt sin a nochtadh go leordhóthanach.

    (21)

    Tá na rialacha i gcomhair ELTIFanna beagnach comhionann lena chéile le haghaidh infheisteoirí gairmiúla agus infheisteoirí miondíola araon, lena n-áirítear rialacha maidir le húsáid na giarála, maidir le héagsúlú sócmhainní agus comhdhéanamh punainne, maidir le teorainneacha comhchruinnithe agus maidir le teorainneacha ar shócmhainní agus infheistíochtaí incháilithe. Mar sin féin, tá ag infheisteoirí gairmiúla agus miondíola tréimhsí ionchais éagsúla, lamháltais riosca éagsúla agus riachtanais infheistíochta éagsúla, chomh maith le cumais éagsúla chun anailís a dhéanamh ar dheiseanna infheistíochta. Go deimhin, tá lamháltas riosca níos airde ag infheisteoirí gairmiúla ná mar atá ag infheisteoirí miondíola, tá siad in ann anailísí críochnúla a dhéanamh ar dheiseanna infheistíochta agus dícheall cuí a dhéanamh ar shócmhainní agus ar a luacháil, agus d’fhéadfadh sé, i ngeall ar a gcineál agus a ngníomhaíochtaí, cuspóirí fáltais éagsúla a bheith acu i gcomparáid le hinfheisteoirí miondíola. Ina ainneoin sin, agus mar gheall ar na rialacha sin atá beagnach comhionann lena chéile agus an t-ualach ard riaracháin agus costais arda ghaolmhara a thagann dá bharr agus a bhaineann le ELTIFanna atá ceaptha d’infheisteoirí gairmiúla, bhí drogall ar bhainisteoirí sócmhainní go dtí seo táirgí saincheaptha a thairiscint d’infheisteoirí gairmiúla. Dá bhrí sin, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le rialacha sonracha le haghaidh ELTIFanna nach margaítear ach le hinfheisteoirí gairmiúla, go háirithe maidir le héagsúlú agus comhdhéanamh na punainne lena mbaineann, leis na teorainneacha comhchruinnithe agus le hairgead tirim a fháil ar iasacht.

    (22)

    Faoi láthair, ceanglaítear le Rialachán (AE) 2015/760 go n-infheistíonn ELTIFanna 70 % ar a laghad dá gcaipiteal i sócmhainní infheistíochta incháilithe. Maidir leis an teorainn ard infheistíochta sin le haghaidh sócmhainní infheistíochtaí incháilithe i bpunanna ELTIFanna, bunaíodh i dtosach í i bhfianaise fhócas ELTIFanna ar infheistíochtaí fadtéarmacha agus an rannchuidithe a bhíothas ag súil leis a dhéanfadh infheistíochtaí den sórt sin maidir le maoiniú fhás inbhuanaithe gheilleagar an Aontais. I bhfianaise cineál neamhleachtach agus neamhghnách sócmhainní infheistíochta incháilithe áirithe a bhíonn i bpunanna ELTIFanna, is féidir leis a bheith dian agus costasach ar bhainisteoirí ELTIFanna leachtacht ELTIFanna a bhainistiú, iarrataí ar fhuascailt a chomhlíonadh, socruithe iasachtaíochta a dhéanamh, agus forghníomhú a dhéanamh ar eilimintí eile straitéisí infheistíochta ELTIFanna a bhaineann le sócmhainní infheistíochta incháilithe den sórt sin a aistriú, a luacháil agus a chur i ngeall. Dá bhrí sin, dá n-ísleofaí an teorainn le haghaidh sócmhainní infheistíochta incháilithe, chuirfí ar a gcumas do bhainisteoirí ELTIFanna bainistiú níos fearr a dhéanamh ar leachtacht ELTIFanna. Níor cheart ach sócmhainní infheistíochta incháilithe ELTIFanna, seachas gnóthais chomhinfheistíochta, agus sócmhainní infheistíochta incháilithe gnóthas comhinfheistíochta ina bhfuil infheistíocht déanta ag ELTIFanna a chomhcheangal chun a mheas an gcomhlíonann na ELTIFanna sin an teorainn infheistíochta le haghaidh sócmhainní infheistíochta incháilithe.

    (23)

    Maidir leis na ceanglais maidir le héagsúlú atá ar fáil cheana i Rialachán (AE) 2015/760, tugadh isteach iad chun a áirithiú gur féidir le ELTIFanna imthosca díobhálacha margaidh a sheasamh. Tá sé léirithe, áfach, go bhfuil ualach rómhór ag baint leis na forálacha sin toisc go gciallaíonn siad sa chleachtas go gceanglaítear ar ELTIFanna, ar an meán, 10 n-infheistíocht ar leith a dhéanamh. Maidir le hinfheistíocht i dtionscadail nó i mbonneagair ar mhórscála, is féidir leis an gceanglas 10 n-infheistíocht a dhéanamh in aghaidh ELTIF a bheith deacair a chomhlíonadh, agus costasach i dtéarmaí costais idirbheartaíochta agus leithdháileadh caipitil. Chun laghdú a dhéanamh ar chostais idirbheartaíochta agus riaracháin do ELTIFanna agus, ar deireadh thiar, dá gcuid infheisteoirí, ba cheart, dá bhrí sin, do ELTIFanna a bheith in ann dul i mbun straitéisí infheistíochta níos comhchruinnithe agus ar an gcaoi sin neamhchosaintí ar níos lú sócmhainní incháilithe a bheith acu. Is gá, dá bhrí sin, coigeartú a dhéanamh ar na ceanglais maidir le héagsúlú le haghaidh neamhchosaintí ELTIFanna i leith gnóthais phunainne cháilitheacha aonair, sócmhainní réadacha aonair, gnóthais chomhinfheistíochta agus sócmhainní infheistíochta incháilithe eile, conarthaí agus ionstraimí airgeadais. Leis an tsolúbthacht bhreise sin i gcomhdhéanamh punainne ELTIFanna agus an laghdú sna ceanglais maidir le héagsúlú, níor cheart difear ábhartha a dhéanamh do chumas ELTIFanna luaineacht sa mhargadh a sheasamh, toisc gurb iondúil go n-infheistíonn ELTIFanna i sócmhainní gan luachan margaidh a bhfuil fáil éasca air a bheith acu, a d’fhéadfadh a bheith thar a bheith neamhleachtach, agus ar minic dóibh a mbíonn aibíocht fhadtéarmach nó tréimhse ionchais níos faide acu.

    (24)

    Murab ionann agus infheisteoirí miondíola, tá ag infheisteoirí gairmiúla, in imthosca áirithe, tréimhse ionchais níos faide, cuspóirí fáltas airgeadais ar leith, níos mó saineolais, lamháltas riosca níos airde i leith imthosca díobhálacha margaidh agus acmhainneacht níos airde chun caillteanas a iompar. Is gá, dá bhrí sin, tacar difreáilte de bhearta cosanta infheisteoirí a bhunú d’infheisteoirí gairmiúla den sórt sin agus deireadh a chur leis na ceanglais maidir le héagsúlú le haghaidh ELTIFanna nach margaítear ach le hinfheisteoirí gairmiúla.

    (25)

    Chun úsáid níos fearr a bhaint as saineolas bhainisteoirí ELTIFanna agus mar gheall ar bhuntáistí an éagsúlaithe, i gcásanna áirithe is féidir leis dul chun tairbhe do ELTIFanna gach sócmhainn nó beagnach gach sócmhainn dá gcuid a infheistiú i bpunann éagsúlaithe de chuid mháistir-ELTIF. Dá bhrí sin, ba cheart cead a bheith ag ELTIFanna a gcuid sócmhainní a chomhthiomsú agus úsáid a bhaint as struchtúir mháistir-fothaire trí infheistiú i máistir-ELTIFanna.

    (26)

    Is minic a úsáidtear giaráil chun oibriú ELTIF ó lá go lá a chumasú agus chun straitéis shonrach infheistíochta a chur i gcrích. Is féidir le méideanna measartha giarála, i gcás ina ndéantar rialú leordhóthanach orthu, na torthaí a mhéadú gan rioscaí iomarcacha a thabhú nó a ghéarú. Ina theannta sin, is minic is féidir le réimse gnóthas comhinfheistíochta giaráil a úsáid chun éifeachtúlachtaí breise nó fáltais oibríochtúla breise a ghnóthú. Ós rud é go bhfuil iasacht airgid thirim teoranta faoi láthair i Rialachán (AE) 2015/760 go 30 % de luach chaipiteal ELTIFanna, d’fhéadfadh sé nach mbeadh bainisteoirí ELTIFanna in ann straitéisí infheistíochta áirithe a shaothrú go rathúil, lena n-áirítear i gcás infheistíochtaí i sócmhainní réadacha, i gcás inar gnáthchleachtas tionscadail é leibhéil níos airde giarála a úsáid nó inar gá ar shlí eile sin a dhéanamh chun fáltais tharraingteacha riosca-choigeartaithe a bhaint amach. Is iomchuí, dá bhrí sin, an tsolúbthacht a mhéadú do bhainisteoirí ELTIFanna ó thaobh caipiteal breise a chruinniú le linn shaolré ELTIF. Ag an am céanna, is inmhianaithe bainistiú giarála a fheabhsú agus comhsheasmhacht níos mó le Treoir 2011/61/AE a chur chun cinn maidir leis an mbeartas iasachtaíochta trí ghlanluach sócmhainní a chur in ionad caipitil mar an pointe tagartha iomchuí chun an teorainn a chinneadh maidir le hairgead thirim a fháil ar iasacht, agus ba cheart feabhsuithe ar an mbeartas ceartúcháin a bheith ag gabháil leis sin. I bhfianaise na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith i gceist le giaráil, ba cheart cead a bheith ag ELTIFanna is féidir a mhargú le hinfheisteoirí miondíola airgead tirim nach mó ná 50 % de ghlanluach shócmhainní an ELTIF a fháil ar iasacht. Tá an teorainn 50 % iomchuí i bhfianaise na dteorainneacha foriomlána maidir le hairgead tirim a fháil ar iasacht atá comhchoiteann i gcás cistí lena n-infheistítear i sócmhainní réadacha agus a bhfuil próifíl leachtachta agus fuascailte atá comhchosúil acu.

    Maidir le ELTIFanna nach margaítear ach le hinfheisteoirí gairmiúla, ba cheart teorainn ghiarála níos airde a cheadú dóibh, toisc go mbíonn lamháltas riosca níos airde ag infheisteoirí gairmiúla ná mar a bhíonn ag infheisteoirí miondíola. Dá bhrí sin, an teorainn maidir le hairgead tirim a fháil ar iasacht le haghaidh ELTIFanna nach margaítear ach d’infheisteoirí gairmiúla agus dóibh amháin, ba cheart an teorainn sin a leathnú chuig méid nach mó ná 100 % de ghlanluach sócmhainní an ELTIF. Thairis sin, go dtí seo, le Rialachán (AE) 2015/760, ní thugtar an deis do bhainisteoir ELTIF an seasamh infheistíochta a cheartú, laistigh de thréimhse iomchuí ama, i gcásanna ina sáraíonn an ELTIF an teorainn ghiarála agus nach bhfuil neart ag bainisteoir an ELTIF ar an sárú. Agus luaineacht an ghlanluacha sócmhainní mar luach tagartha agus leasanna na n-infheisteoirí san ELTIF á gcur san áireamh, ba cheart a shonrú, dá bhrí sin, go bhfuil feidhm ag na forálacha maidir le ceartú i Rialachán (AE) 2015/760 freisin maidir le teorainneacha iasachtaíochta freisin.

    (27)

    Chun deiseanna infheistíochta níos leithne a sholáthar do ELTIFanna, ba cheart do ELTIFanna a bheith in ann iasachtaí a fháil san airgeadra ina bhfuil bainisteoir an ELTIF ag súil leis an tsócmhainn a fháil. Mar sin féin, is gá riosca na neamhréireanna airgeadra a mhaolú agus, dá bhrí sin, teorainn a chur leis an riosca airgeadra le haghaidh na punainne infheistíochta. Dá bhrí sin, ba cheart d’ELTIFanna a neamhchosaint airgeadra a fhálú go hiomchuí.

    (28)

    Ba cheart do ELTIFanna a bheith in ann a gcuid sócmhainní a chur faoi eire chun a straitéis iasachtaíochta a chur chun feidhme. Chun tuilleadh solúbthachta a sholáthar do ELTIFanna maidir lena straitéis iasachtaíochta a fhorghníomhú, níor cheart go mbeadh na socruithe iasachtaíochta ina n-iasachtaíocht i gcás ina gcumhdaítear an iasachtaíocht sin le gealltanais chaipitil na n-infheisteoirí.

    (29)

    I bhfianaise an mhéadaithe ar na teorainneacha uasta chun airgead tirim a bheith á fháil ar iasacht ag ELTIFanna agus toisc gur baineadh teorainneacha áirithe ar airgead tirim a fháil ar iasacht in airgeadraí eachtracha, ba cheart faisnéis níos cuimsithí a bheith ag infheisteoirí maidir leis na straitéisí agus teorainneacha iasachtaíochta a úsáideann ELTIFanna. Is iomchuí, dá bhrí sin, ceangal a chur ar bhainisteoirí ELTIFanna na teorainneacha iasachtaíochta a nochtadh go sainráite i réamheolaire an ELTIF lena mbaineann.

    (30)

    Faoi láthair, foráiltear le Rialachán (AE) 2015/760 gur féidir le hinfheisteoirí in ELTIF foirceannadh an ELTIF sin a iarraidh más rud é, maidir lena n-iarrataí ar fhuascailt, arna ndéanamh i gcomhréir le beartas fuascailte an ELTIF, nár comhlíonadh iad laistigh de bhliain amháin ón dáta a rinneadh na hiarrataí sin. I bhfianaise threoshuíomh fadtéarmach na ELTIFanna agus na próifíle sócmhainní neamhghnáiche neamhleachtaí is minic a bhaineann le punanna ELTIFanna, is féidir le teidlíocht aon infheisteora nó aon ghrúpa infheisteoirí chun foirceann ELTIF a iarraidh a bheith díréireach agus dochrach d’fhorghníomhú rathúil straitéis infheistíochta an ELTIF agus do leasanna infheisteoirí eile agus grúpaí infheisteoirí eile araon. Is iomchuí, dá bhrí sin, deireadh a chur leis an bhféidearthacht atá ag infheisteoirí foirceannadh ELTIF a éileamh i gcás nach bhfuil an ELTIF in ann iarrataí ar fhuascailt a chomhlíonadh.

    (31)

    Faoi láthair, níl Rialachán (AE) 2015/760 soiléir maidir leis na critéir chun measúnú a dhéanamh ar an gcéatadán fuascailte in aon tréimhse ama ar leith, ná maidir leis an íosmhéid faisnéise atá le soláthar do na húdaráis inniúla faoin bhféidearthacht fuascailtí a dhéanamh. I bhfianaise ról lárnach an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (ÚEUM) i gcur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2015/760 agus an tsaineolais atá aige maidir le hurrúis agus margaí urrús, is iomchuí a chur de chúram ar ÚEUM tarraingt suas dréachtchaighdeán teicniúil rialála ina sonraítear na himthosca ina meastar saolré ELTIF a bheith comhoiriúnach le saolréanna gach ceann de shócmhainní aonair an ELTIF; na critéir chun an tréimhse íosta sealbhaíochta a chinneadh; an t-íosmhéid faisnéise atá le soláthar d’údarás inniúil an ELTIF; na ceanglais atá le comhlíonadh ag an ELTIF i ndáil lena bheartas fuascailte agus a uirlisí bainistithe leachtachta; agus na critéir chun measúnú a dhéanamh ar an gcéatadán fuascailte. Ba cheart a thabhairt faoi deara, i gcás ina bhforáiltear le rialacha nó ionstraimí corpraithe de chuid ELTIF go bhféadfaí fuascailtí a dhéanamh le linn shaolré an ELTIF sin, go bhfuil feidhm ag na forálacha maidir le bainistiú riosca leachtachta agus uirlisí bainistithe leachtachta a leagtar amach i dTreoir 2011/61/AE.

    (32)

    Faoi láthair, ceanglaítear le Rialachán (AE) 2015/760 nach gcuirtear, le rialacha ná ionstraimí corpraithe ELTIF, cosc ar aonaid nó scaireanna ELTIF a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó ar shaoráid trádála iltaobhach. In ainneoin na féidearthachta sin, is ar éigean a bhain bainisteoirí ELTIFanna, chomh maith le hinfheisteoirí agus rannpháirtithe sa mhargadh, úsáid as an sásra trádála tánaisteach chun aonaid nó scaireanna ELTIFanna a thrádáil. Chun trádáil thánaisteach aonaid nó scaireanna ELTIF a chur chun cinn, is iomchuí a cheadú do bhainisteoirí ELTIFanna foráil a dhéanamh go bhféadfadh infheisteoirí imeacht go luath den ELTIF, le linn shaolré an ELTIF. Chun feidhmiú éifeachtach sásra trádála tánaistí den sórt sin a áirithiú, níor cheart a bheith in ann imeacht go luath ach amháin i gcás ina bhfuil bainisteoir an ELTIF tar éis beartas a chur ar bun chun infheisteoirí féideartha agus iarrataí ar imeacht a mheaitseáil. Ba cheart a shonrú sa bheartas sin, i dteannta nithe eile, próiseas an aistrithe, ról bhainisteoir an ELTIF nó riarthóir an chiste, tréimhsiúlacht agus ré an ionú leachtachta ar lena linn is féidir aonaid nó scaireanna an ELTIF a mhalartú, na rialacha lena gcinntear an praghas forghníomhaithe agus na coinníollacha dáilte, na ceanglais maidir le nochtadh, agus na táillí, costais agus muirir agus coinníollacha eile a bhaineann le sásra um ionú leachtachta den sórt sin. Ba cheart a chur de chúram ar ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a tharraingt suas ina sonraítear na himthosca chun meaitseáil a úsáid, lena n-áirítear an fhaisnéis is gá do ELTIFanna a nochtadh d’infheisteoirí.

    (33)

    Chun aon mhíthuiscint ag infheisteoirí miondíola a sheachaint maidir le cineál dlíthiúil an tsásra trádála thánaistigh, agus maidir leis an leachtacht fhéideartha a cheadaítear leis, ba cheart don dáileoir nó, nuair atá aonaid nó scaireanna ELTIF á dtairiscint go díreach d’infheisteoir miondíola nó á láithriú go díreach leo, do bhainisteoir an ELTIF foláireamh soiléir i scríbhinn a eisiúint d’infheisteoirí miondíola á rá nach ráthaítear le hinfhaighteacht sásra meaitseála den sórt sin an mheaitseáil ná nach dtugtar teidlíocht d’infheisteoirí miondíola léi imeacht óna n-aonaid nó a scaireanna de chuid an ELTIF lena mbaineann nó iad a fhuascailt. Ba cheart an foláireamh sin i scríbhinn a bheith ina chuid d’fholáireamh aonair i scríbhinn lena gcuirtear in iúl freisin d’infheisteoirí miondíola go bhféadfadh sé nach mbeadh an táirge ELTIF oiriúnach d’infheisteoirí miondíola nach bhfuil in ann gealltanas fadtéarmach agus neamhleachtach den sórt sin a choinneáil ar siúl, i gcás inar faide ná 10 mbliana saolré ELTIF a thairgtear d’infheisteoirí miondíola nó a laithrítear le hinfheisteoirí miondíola. Nuair a chuirtear i láthair é i gcumarsáid mhargaíochta d’infheisteoirí miondíola, níor cheart infhaighteacht sásra meaitseála den sórt sin a chur chun cinn mar uirlis lena ráthaítear leachtacht arna iarraidh sin.

    (34)

    Faoi láthair, ceanglaítear le Rialachán (AE) 2015/760 ar ELTIFanna sceideal miondealaithe a ghlacadh chun a sócmhainní a dhiúscairt go hordúil chun aonaid nó scaireanna infheisteoirí a fhuascailt tar éis dheireadh shaolré an ELTIF. Ceanglaítear leis an Rialachán sin freisin ar ELTIFanna an sceideal miondealaithe sin a nochtadh d’údarás inniúil an ELTIF. Leis na ceanglais sin, cuirtear ualaí suntasacha riaracháin agus comhlíonta ar bhainisteoirí ELTIFanna, gan méadú comhfhreagrach ó thaobh cosaint infheisteoirí a chur ar fáil. Chun na hualaí sin a mhaolú gan cosaint infheisteoirí a laghdú, ba cheart do ELTIFanna údarás inniúil an ELTIF a chur ar an eolas faoi dhiúscairt ordúil a sócmhainní chun aonaid nó scaireanna infheisteoirí a fhuascailt tar éis dheireadh shaolré an ELTIF, agus gan sceideal miondealaithe a sholáthar d’údarás inniúil an ELTIF ach amháin i gcás ina n-iarrann an t-údarás inniúil sin go sainráite orthu déanamh amhlaidh.

    (35)

    Is féidir faisnéis atá an-ábhartha d’infheisteoirí a bheith i réamheolaire de chuid ELTIF fothaire, faisnéis a chuireann ar a gcumas measúnú níos fearr a dhéanamh ar na rioscaí agus na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le hinfheistíocht. Is iomchuí, dá bhrí sin, a cheangal, i gcás struchtúr máistir-fothaire, gur cheart nochtuithe maidir leis an struchtúr máistir-fothaire, an ELTIF fothaire agus an máistir-ELTIF a bheith i réamheolaire an ELTIF fothaire, agus gur cheart cur síos ar gach luach saothair nó aisíocaíocht costas is iníoctha ag an ELTIF fothaire a bheith ann.

    (36)

    Tá sé ríthábhachtach táillí agus muirir a nochtadh go leordhóthanach chun meastóireacht a dhéanamh ar ELTIF mar sprioc infheistíochta ionchasach ag infheisteoirí. Baineann tábhacht le nochtadh den sórt sin freisin i gcás ina margaítear an ELTIF le hinfheisteoirí miondíola i gcás struchtúir mháistir-fothaire. Is iomchuí, dá bhrí sin, a cheangal ar bhainisteoir ELTIF ráiteas a áireamh i dtuarascáil bhliantúil an ELTIF fothaire maidir le muirir chomhiomlána an ELTIF fothaire agus an mháistir-ELTIF. Le ceanglas den sórt sin, táthar ag súil go rannchuideofar le cosaint infheisteoirí i gcoinne costais bhreise gan údar a bheith á ngearradh orthu mar thoradh ar tháillí síntiúis agus fuascailte a d’fhéadfadh an máistir-ELTIF a ghearradh ar an ELTIF fothaire.

    (37)

    Le Rialachán (AE) 2015/760, ceanglaítear ar bhainisteoir ELTIF faisnéis faoi tháillí a bhaineann le hinfheistiú san ELTIF sin a nochtadh i réamheolaire an ELTIF. Mar sin féin, tá ceanglais maidir le nochtadh táillí i Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) freisin. Chun trédhearcacht maidir le struchtúir táillí a mhéadú, ba cheart an ceanglas a leagtar síos i Rialachán (AE) 2015/760 a ailíniú leis an gceanglas a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014.

    (38)

    Faoi láthair, ceanglaítear le Rialachán (AE) 2015/760 ar bainisteoirí ELTIF saoráidí áitiúla a bhunú i ngach Ballstát ina mbeartaíonn siad ELTIFanna a mhargú. Cé go bhfuil na ceanglais maidir le cúraimí áirithe a dhéanamh d’infheisteoirí ar fud na mBallstát uile fós i bhfeidhm, cuireadh deireadh ina dhiaidh sin leis an gceanglas saoráidí áitiúla a chur ar bun, áfach, le Treoir (AE) 2019/1160 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) a mhéid a bhaineann le GCUInna agus cistí infheistíochta malartacha a mhargaítear le hinfheisteoirí miondíola, toisc go gcruthaítear, le saoráidí áitiúla den sórt sin, costais bhreise agus constaicí breise ó thaobh margaíocht trasteorann ELTIFanna. Ina theannta sin, aistríodh an modh tosaíochta teagmhála le hinfheisteoirí ó chruinnithe fisiciúla ag saoráidí áitiúla go hidirghníomhú díreach idir bainisteoirí cistí nó dáileoirí agus infheisteoirí trí mheán leictreonach. Dá mbainfí an ceanglas sin de Rialachán (AE) 2015/760 le haghaidh gach infheisteoir ELTIF, bheadh sé comhsheasmhach, dá bhrí sin, le Treoir (AE) 2019/1160 agus leis na modhanna comhaimseartha le haghaidh táirgí airgeadais a mhargú, agus d’fhéadfadh sé cur le tarraingteacht ELTIFanna i gcomhair bainisteoirí sócmhainní nach mbeadh orthu na costais a eascraíonn as oibriú saoráidí áitiúla a thabhú a thuilleadh. Ba cheart, dá bhrí sin, deireadh a chur leis an gceanglas sin.

    (39)

    Ós rud é gur ionstraimí airgeadais iad aonaid agus scaireanna ELTIFanna, tá feidhm ag na rialacha maidir le rialachas táirgí atá i dTreoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) i gcás ina ndéantar ELTIFanna a mhargú trí sheirbhísí infheistíochta a sholáthar. Mar sin féin, is féidir aonaid nó scaireanna de chuid ELTIF a cheannach freisin gan seirbhísí infheistíochta a sholáthar. Chun na cásanna sin a chumhdach, le Rialachán (AE) 2015/760, ceanglaítear, faoi láthair, ar bhainisteoirí ELTIFanna próiseas measúnaithe inmheánach a fhorbairt le haghaidh ELTIFanna a mhargaítear le hinfheisteoirí miondíola. Tá an córas reatha bunaithe ar na rialacha maidir le rialachas táirgí atá i dTreoir 2014/65/AE, ach tá roinnt difríochtaí ann nach bhfuil údar leo agus a d’fhéadfadh cosaint infheisteoirí a laghdú. Dá bhrí sin, ba cheart a shonrú go bhfuil feidhm ag na rialacha maidir le rialachas táirgí a leagtar síos i dTreoir 2014/65/AE. Is ceart a thuiscint go bhfuil cur i bhfeidhm na ngníomhartha tarmligthe lena bhforlíontar an Treoir sin i gceist leis na tagairtí do Threoir 2014/65/AE.

    (40)

    Faoi láthair, ceanglaítear le Rialachán (AE) 2015/760 ar dháileoirí nó bainisteoirí ELTIFanna measúnú oiriúnachta a dhéanamh i leith infheisteoirí miondíola. Mar sin féin, déantar foráil maidir leis an gceanglas sin cheana féin in Airteagal 25 de Threoir 2014/65/AE. Le ceanglas dúblach, cruthaítear sraith bhreise d’ualach riaracháin as a dtagann costais níos airde d’infheisteoirí miondíola agus is dídhreasacht láidir é do bhainisteoirí ELTIFanna ELTIFanna nua a thairiscint d’infheisteoirí miondíola. Is gá, dá bhrí sin, an ceanglas dúblach sin a bhaint de Rialachán (AE) 2015/760.

    (41)

    Chun ardleibhéal cosanta a áirithiú d’infheisteoirí miondíola, ba cheart measúnú oiriúnachta a dhéanamh gan beann ar cé acu a fhaigheann nó nach bhfaigheann infheisteoirí miondíola aonaid nó scaireanna ELTIFanna ó dháileoirí nó bainisteoirí ELTIFanna nó tríd an margadh tánaisteach. I gcomhréir le hAirteagal 25(2) de Threoir 2014/65/AE, ba cheart gurbh é atá sa mheasúnú oiriúnachta ná faisnéis faoi ré ionchasach agus cuspóir na hinfheistíochta agus lamháltas riosca an infheisteora miondíola, mar chuid den fhaisnéis faoi chuspóirí infheistíochta agus staid airgeadais an infheisteora miondíola, lena n-áirítear a gcumas caillteanais a iompar. Ba cheart torthaí an mheasúnaithe a chur in iúl do na hinfheisteoirí miondíola i bhfoirm ráiteas ar oiriúnacht, i gcomhréir le hAirteagal 25(6) de Threoir 2014/65/AE.

    (42)

    Ina theannta sin, i gcásanna inarb é toradh an mheasúnaithe oiriúnachta nach bhfuil ELTIF oiriúnach d’infheisteoir miondíola agus gur mian le hinfheisteoir den sórt sin dul ar aghaidh leis an idirbheart, ba cheart toiliú sainráite an infheisteora miondíola sin a fháil sula dtéann dáileoir nó bainisteoir an ELTIF ar aghaidh leis an idirbheart.

    (43)

    Le Rialachán (AE) 2015/760, ceanglaítear freisin ar bhainisteoirí nó dáileoirí ELTIFanna comhairle infheistíochta iomchuí a sholáthar agus ELTIFanna á margú le hinfheisteoirí miondíola. Mar gheall ar an easpa beachtais i Rialachán (AE) 2015/760 maidir lena bhfuil i gceist le comhairle infheistíochta iomchuí agus an easpa crostagairt don sainmhíniú ar chomhairle infheistíochta i dTreoir 2014/65/AE, tá easpa deimhneachta dlíthiúla agus mearbhall ann i measc dháileoirí agus bainisteoirí ELTIFanna. Ina theannta sin, leis an oibleagáid comhairle infheistíochta a sholáthar, ceanglaítear ar dháileoirí seachtracha a bheith údaraithe faoi Threoir 2014/65/AE agus ELTIFanna á margú le hinfheisteoirí miondíola. Cruthaítear leis sin baic neamhriachtanacha ar ELTIFanna a mhargú le hinfheisteoirí den sórt sin agus, chomh maith leis sin, cuirtear ELTIFanna faoi cheanglais atá níos déine ná na ceanglais maidir le dáileadh táirgí airgeadais casta eile, lena n-áirítear na ceanglais maidir le hurrúsuithe a leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/2402 agus maidir le dliteanais incháilithe fho-ordaithe a leagtar síos i dTreoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12). Ní gá, dá bhrí sin, a cheangal ar dháileoirí agus bainisteoirí ELTIFanna comhairle infheistíochta den sórt sin a sholáthar d’infheisteoirí miondíola. Thairis sin, i bhfianaise a thábhachtaí atá sé cothrom iomaíochta a bheith ann i measc táirgí airgeadais nuair a mhargaítear táirgí den sórt sin le hinfheisteoirí deiridh, agus a thábhachtaí atá sé a áirithiú go bhfuil coimircí éifeachtacha maidir le cosaint infheisteoirí sa Rialachán seo, i measc nithe eile, níor cheart ELTIFanna a bheith faoi ualach riaracháin agus rialála nach bhfuil gá leis.

    (44)

    Chun maoirseacht éifeachtach a áirithiú ar chur i bhfeidhm na gceanglas a bhaineann le ELTIFanna a mhargú le hinfheisteoirí miondíola, ba cheart don dáileoir nó, agus aonaid nó scaireanna ELTIF á dtairiscint go díreach d’infheisteoir miondíola nó á láithriú go díreach leis, do bhainisteoir an ELTIF a bheith faoi réir na rialacha maidir le taifid a choimeád atá i dTreoir 2014/65/AE.

    (45)

    I gcás ina ndéantar ELTIFanna a mhargú le hinfheisteoirí miondíola nó a láithriú leo trí dháileoir, ba cheart do dháileoir den sórt sin ceanglais infheidhme Threoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chomhlíonadh (13). Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus dúbailt a sheachaint, i gcás inar soláthraíodh comhairle infheistíochta d’infheisteoir miondíola faoi Threoir 2014/65/AE, ba cheart a mheas go bhfuil an ceanglas maidir le measúnú oiriúnachta a sholáthar comhlíonta.

    (46)

    Is cleachtas margaidh bunaithe é go gceanglaítear ar bhainisteoirí punainne agus ar fhoireann shinsearach de chuid bhainisteoir ELTIF, nó go mbítear ag coinne leis, go ndéanann siad infheistíocht in ELTIFanna arna mbainistiú ag na mbainisteoir céanna de chuid an ELTIF. Glactar leis go bhfuil daoine den sórt sin sofaisticiúil ó thaobh airgeadais de agus go bhfuil sáreolas acu ar an ELTIF, rud a chiallaíonn go mbeadh sé iomarcach a chur de cheangal orthu dul faoi mheasúnú oiriúnachta le haghaidh infheistíochtaí san ELTIF. Is iomchuí, dá bhrí sin, gan ceangal a chur ar dháileoirí nó bainisteoirí ELTIFanna measúnú oiriúnachta a dhéanamh i leith daoine den sórt sin.

    (47)

    Faoi láthair, i gcas infheisteoirí miondíola féideartha nach mó ná EUR 500 000 a bpunann ionstraimí airgeadais, ceanglaítear le Rialachán (AE) 2015/760 go ndéanann siad infheistíocht íosta tosaigh EUR 10 000 in ELTIF amháin nó níos mó agus ceanglaítear leis nach ndéanann infheisteoirí den sórt sin méid comhiomlán is mó ná 10 % dá bpunann ionstraimí airgeadais a infheistiú in ELTIFanna. Nuair a chuirtear i bhfeidhm le chéile iad, cruthaítear, leis an infheistíocht íosta tosaigh EUR10 000 agus an teorainn 10 % ar infheistíocht chomhiomlán bacainn shuntasach d’infheisteoirí miondíola infheistíochtaí a dhéanamh in ELTIFanna, rud a thagann salach ar chuspóir ELTIFanna maidir le táirge ciste infheistíochta malartaí a bhunú. Dá bhrí sin, is gá an ceanglas sin maidir le hinfheistíocht íosta tosaigh EUR 10 000 agus an teorainn 10 % ar an infheistíocht chomhiomlán a bhaint.

    (48)

    Faoi láthair, ceanglaítear le Rialachán (AE) 2015/760 go gcaithtear go cothrom le hinfheisteoirí agus cuirtear toirmeasc ar chóir fhabhrach a thabhairt d’infheisteoirí aonair nó do ghrúpaí infheisteoirí, nó ar shochair eacnamaíocha shonracha a thabhairt do na hinfheisteoirí sin. Mar sin féin, is féidir le ELTIFanna roinnt aicmí aonad nó scaireanna a bheith acu lena ngabhann coinníollacha atá difriúil de bheagán nó go substaintiúil a mhéid a bhaineann leis na táillí, leis an struchtúr dlíthiúil, leis na rialacha margaíochta agus le ceanglais eile. Chun na difríochtaí sin a chur san áireamh, níor cheart feidhm a bheith ag na ceanglais sin ach amháin maidir le hinfheisteoirí aonair nó grúpaí infheisteoirí a infheistíonn san aicme chéanna nó sna haicmí céanna ELTIFanna.

    (49)

    Chun a ndóthain ama a thabhairt do bhainisteoirí ELTIF iad a féin a chur in oiriúint do cheanglais an Rialacháin seo, lena n-áirítear na ceanglais a bhaineann le ELTIFanna a mhargú le hinfheisteoirí, ba cheart don Rialachán seo tosú d’fheidhm a bheith aige 9 mí tar éis dó teacht i bhfeidhm.

    (50)

    Ós rud é go bhféadfadh sé gur sócmhainní neamhleachtacha iad na sócmhainní incháilithe agus i bhfianaise threosuíomh fadtéarmach na ELTIFanna, is féidir deacrachtaí a bheith ag ELTIFanna maidir le haon athruithe ar rialacha an chiste agus ar na ceanglais rialála a tugadh isteach le linn a saolré a chomhlíonadh, gan difear a dhéanamh d’iontaobhas ná do mhuinín a n-infheisteoirí. Is gá, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir le rialacha idirthréimhseacha i ndáil leis na ELTIFanna sin a údaraíodh roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Mar sin féin, ba cheart do ELTIFanna den sórt sin a bheith in ann rogha a dhéanamh a bheith faoi réir an Rialacháin seo ar choinníoll go dtugtar fógra dá réir sin d’údarás inniúil an ELTIF.

    (51)

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon creat dlíthiúil éifeachtach a áirithiú le haghaidh oibriú ELTIFanna ar fud an Aontais agus maoiniú fadtéarmach a chur chun cinn trí chaipiteal a chruinniú agus a chur i dtreo infheistíochtaí fadtéarmacha san fhíorgheilleagar i gcomhréir le cuspóir an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí an Rialacháin seo, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

    (52)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2015/760 a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasuithe ar Rialachán (AE) 2015/760

    Leasaítear Rialachán (AE) 2015/760 mar a leanas:

    (1)

    in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.   Is é cuspóir an Rialacháin seo éascaíocht a dhéanamh ar chaipiteal a chruinniú agus caipiteal a chur i dtreo infheistíochtaí fadtéarmacha san fhíorgheilleagar, lena n-áirítear i dtreo infheistíochtaí lena gcuirtear an Comhaontú Glas don Eoraip agus réimsí tosaíochta eile chun cinn, i gcomhréir le cuspóir an Aontais i leith fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach a bhaint amach.”;

    (2)

    leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (6):

    “(6)

    ciallaíonn ‘sócmhainn réadach’ sócmhainn a bhfuil luach intreach aici de bharr a substainte agus a hairíonna;”;

    (b)

    i bpointe (7), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

    “(ca)

    gnóthas athárachais mar a shainmhínítear in Airteagal 13, pointe (4), de Threoir 2009/138/CE;”;

    (c)

    cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

    “(14a)   ciallaíonn ‘urrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe’ urrúsú a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1);

    (14b)   ciallaíonn ‘grúpa’ grúpa mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (11), de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2);

    (*1)  Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leagtar síos creat ginearálta maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe, agus lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE, 2009/138/CE agus 2011/61/AE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 347, 28.12.2017, lch. 35)."

    (*2)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara de chineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).”;"

    (d)

    cuirtear na pointí seo a leanas leis:

    “(20)

    ciallaíonn ‘ELTIF fothaire’ ELTIF, nó urrann infheistíochta de, atá formheasta 85 % ar a laghad dá shócmhainní a infheistiú in aonaid nó i scaireanna ELTIF eile nó in urrann infheistíochta ELTIF;

    (21)

    ciallaíonn ‘máistir-ELTIF’ ELTIF, nó urrann infheistíochta de, ina n-infheistíonn ELTIF eile 85 % ar a laghad dá shócmhainní in aonaid nó i scaireanna.”;

    (3)

    in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    “3.   Cuirfidh údaráis inniúla ELTIFanna ÚEUM ar an eolas, ar bhonn ráithiúil, faoi údaruithe arna ndeonú nó arna dtarraingt siar de bhun an Rialacháin seo agus faoi aon athruithe ar an bhfaisnéis faoi ELTIF a leagtar amach sa chlár lárnach poiblí dá dtagraítear sa dara fomhír.

    Coinneoidh ÚEUM clár lárnach poiblí atá cothrom le dáta agus ina sainaithnítear na nithe seo a leanas le haghaidh gach ELTIF arna údarú faoin Rialachán seo:

    (a)

    Aitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh (LEI) agus aitheantóir cóid náisiúnta an ELTIF, i gcás ina bhfuil siad ar fáil;

    (b)

    ainm agus seoladh bhainisteoir an ELTIF agus, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, ainm agus seoladh LEI an bhainisteora sin;

    (c)

    cóid ISIN de chuid an ELTIF agus de chuid gach aicme aonad nó scaireanna ar leithligh, i gcás ina bhfuil siad ar fáil;

    (d)

    LEI an mháistir-ELTIF, i gcás ina bhfuil sé ar fáil;

    (e)

    LEI an ELTIF fothaire, i gcás ina bhfuil sé ar fáil;

    (f)

    údarás inniúil an ELTIF agus Ballstát baile an ELTIF;

    (g)

    na Ballstáit ina ndéantar an ELTIF a mhargú;

    (h)

    cé acu is féidir an ELTIF a mhargú le hinfheisteoirí miondíola nó nach féidir é a mhargú ach le hinfheisteoirí gairmiúla;

    (i)

    dáta údaraithe an ELTIF;

    (j)

    an dáta a thosaigh margú an ELTIF;

    (k)

    dáta an nuashonraithe is déanaí arna dhéanamh ag ÚEUM ar an bhfaisnéis faoin ELTIF.

    Cuirfear an clár lárnach poiblí ar fáil i bhformáid leictreonach.”;

    (4)

    leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

    (a)

    i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

    “Beidh ar áireamh san iarratas ar údarú mar ELTIF gach ceann de na nithe seo a leanas:

    (a)

    rialacha nó ionstraimí corpraithe an chiste;

    (b)

    ainm bhainisteoir molta an ELTIF;

    (c)

    ainm na taisclainne agus, arna iarraidh sin d’údarás inniúil ELTIF is féidir a mhargú le hinfheisteoirí miondíola, an comhaontú i scríbhinn leis an taisclann;

    (d)

    i gcás inar féidir an ELTIF a mhargú le hinfheisteoirí miondíola, cur síos ar an bhfaisnéis atá le cur ar fáil d’infheisteoirí, lena n áirítear cur síos ar na socruithe chun déileáil le gearáin arna dtíolacadh ag infheisteoirí miondíola;

    (e)

    i gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis seo a leanas maidir le struchtúr máistir-fothaire an ELTIF:

    (i)

    dearbhú go bhfuil an ELTIF fothaire ina fhothaire den mháistir-ELTIF;

    (ii)

    rialacha nó ionstraimí corpraithe an mháistir-ELTIF agus an comhaontú idir an fothaire ELTIF agus an máistir-ELTIF, nó na rialacha inmheánacha maidir le gnó a dhéanamh, dá dtagraítear in Airteagal 29(6);

    (iii)

    i gcás ina bhfuil taisclanna éagsúla ag an máistir-ELTIF agus an ELTIF fothaire, an comhaontú maidir le comhroinnt faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 29(7);

    (iv)

    i gcás ina mbunaítear an ELTIF fothaire i mBallstát seachas Ballstát baile an mháistir-ELTIF, fianú ó údarás inniúil Bhallstát baile an mháistir-ELTIF go bhfuil an máistir-ELTIF ina ELTIF arna sholáthar ag an ELTIF fothaire.”;

    (b)

    i mír 2, an dara fomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití:

    “Gan dochar do mhír 1, déanfaidh AIFM AE a bhfuil feidhm aige chun ELTIF atá bunaithe i mBallstát eile a bhainistiú an doiciméadacht seo a leanas a sholáthar d’údarás inniúil an ELTIF:”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    “3.   Cuirfear in iúl d’iarratasóirí laistigh de 2 mhí ón dáta a chuirtear isteach iarratas iomlán i dtaobh ar deonaíodh údarú mar ELTIF.”;

    (d)

    i mír 5, an dara fomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    “(b)

    i gcás inar féidir an ELTIF a mhargú le hinfheisteoirí miondíola, cur síos ar an bhfaisnéis atá le cur ar fáil d’infheisteoirí miondíola, lena n áirítear cur síos ar na socruithe chun déileáil le gearáin arna dtíolacadh ag infheisteoirí miondíola”;

    (5)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

    “Airteagal 10

    Sócmhainní infheistíochta incháilithe

    1.   Ní bheidh sócmhainn dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (a), incháilithe le haghaidh infheistíocht ag ELTIF ach amháin i gcás ina bhfuil sé i gceann amháin de na catagóirí seo a leanas:

    (a)

    ionstraimí cothromais nó cuasachothromais a bhfuil an méid seo a leanas fíor ina leith:

    (i)

    d’eisigh gnóthas punainne cáilitheach dá dtagraítear in Airteagal 11 iad agus fuair an ELTIF iad ón ngnóthas punainne cáilitheach nó ó thríú páirtí tríd an margadh tánaisteach;

    (ii)

    d’eisigh gnóthas punainne cáilitheach dá dtagraítear in Airteagal 11 iad mar mhalairt ar ionstraim chothromais nó chuasachothromais a fuair an ELTIF roimhe sin ón ngnóthas punainne cáilitheach sin nó ó thríú páirtí tríd an margadh tánaisteach;

    (iii)

    d’eisigh gnóthas ina sealbhaíonn gnóthas punainne cáilitheach dá dtagraítear in Airteagal 11 rannpháirtíocht chaipitil iad mar mhalairt ar ionstraim chothromais nó chuasachothromais a fuair an ELTIF i gcomhréir le pointe (i) nó le pointe (ii) de phointe (a) seo;

    (b)

    ionstraimí fiachais arna n-eisiúint ag gnóthas punainne cáilitheach dá dtagraítear in Airteagal 11;

    (c)

    iasachtaí arna ndeonú ag an ELTIF do ghnóthas punainne cáilitheach dá dtagraítear in Airteagal 11 le haibíocht nach faide ná saolré an ELTIF;

    (d)

    aonaid nó scaireanna de chuid ELTIF, EuVECA, EuSEF, GCUI agus AIF AE amháin nó de chuid roinnt ELTIFanna, EuVECAnna, EuSEFanna GCUInna agus CIManna AE eile arna mbainistiú ag AIFManna AE ar choinníoll go n-infheistíonn na ELTIFanna, EuVECAnna, EuSEFanna, GCUInna agus AIFanna AE sin in infheistíochtaí incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1) agus (2) agus nár infheistigh siad féin níos mó ná 10 % dá sócmhainní in aon ghnóthas comhinfheistíochta eile;

    (e)

    sócmhainní réadacha;

    (f)

    urrúsuithe simplí trédhearcacha caighdeánaithe i gcás ina gcomhfhreagraíonn na neamhchosaintí foluiteacha do cheann amháin nó níos mó de na catagóirí seo a leanas:

    (i)

    sócmhainní a liostaítear in Airteagal 1, pointe (a)(i), (ii) nó (iv), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1851 ón gCoimisiún (*3);

    (ii)

    sócmhainní a liostaítear in Airteagal 1, pointe (a)(vii) nó (viii), de Rialachán Tarmligthe 2019/1851, ar choinníoll go n úsáidtear na fáltais ó na bannaí urrúsaithe chun infheistíochtaí fadtéarmacha a mhaoiniú nó a athmhaoiniú;

    (g)

    bannaí arna n-eisiúint, de bhun Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bannaí glasa Eorpacha, ag gnóthas punainne cáilitheach dá dtagraítear in Airteagal 11.

    Ní bheidh feidhm ag an teorainn a leagtar síos i bpointe (d) den chéad fhomhír maidir le ELTIFanna fothaire.

    2.   Chun a chinneadh ar comhlíonadh an teorainn infheistíochta a leagtar síos in Airteagal 13(1) a chinneadh, ní dhéanfar infheistíochtaí ag ELTIFanna in aonaid nó i scaireanna ELTIFanna, EuVECAnna, EuSEFanna, GCUInna agus AIFManna AE arna mbainistiú ag AIFManna AE a chur san áireamh ach amháin go feadh mhéid infheistíochtaí na ngnóthas comhinfheistíochta sin sna sócmhainní infheistíochta incháilithe dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointí (a), (b), (c), (e), (f) agus (g), den Airteagal seo.

    Chun a chinneadh ar comhlíonadh an teorainn infheistíochta agus na teorainneacha eile a leagtar síos in Airteagal 13 agus in Airteagal 16(1), comhcheanglófar sócmhainní agus suíomh iasachtaíochta airgid ELTIF agus na ngnóthas comhinfheistíochta eile a bhfuil infheistíocht déanta ag an ELTIF sin iontu.

    An cinneadh maidir le comhlíonadh na teorann infheistíochta agus na dteorainneacha eile a leagtar síos in Airteagal 13 agus in Airteagal 16(1) i gcomhréir leis an mír seo, déanfar é ar bhonn faisnéis a thugtar cothrom le dáta ar bhonn ráithiúil ar a laghad agus, i gcás nach bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil ar bhonn ráithiúil, ar bhonn na faisnéise is déanaí atá ar fáil.

    (*3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1851 ón gCoimisiún an 28 Bealtaine 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála i dtaca le haonchineálacht na neamhchosaintí foluiteacha in urrúsú (IO L 285, 6.11.2019, lch. 1).”;"

    (6)

    in Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Is é a bheidh i ngnóthas punainne cáilitheach gnóthas a chomhlíonann, tráth na hinfheistíochta tosaigh, na ceanglais seo a leanas:

    (a)

    ní gnóthas airgeadais é, ach amháin más fíor an méid seo a leanas ina leith:

    (i)

    is gnóthas airgeadais é nach cuideachta sealbhaíochta airgeadais ná cuideachta sealbhaíochta gníomhaíochtaí measctha é; agus

    (ii)

    údaraíodh nó cláraíodh an gnóthas airgeadais sin níos déanaí ná 5 bliana roimh dháta na hinfheistíochta tosaigh sin;

    (b)

    is gnóthas é a bhfuil an méid a leanas fíor ina leith:

    (i)

    ní ligtear isteach é chun a thrádála ar mhargadh rialáilte nó ar shaoráid trádála iltaobhach; nó

    (ii)

    ligtear isteach é chun a thrádála ar mhargadh rialáilte nó ar shaoráid trádála iltaobhach agus tá caipitliú margaidh nach mó ná EUR 1 500 000 000 aige;

    (c)

    tá sé bunaithe i mBallstát, nó i dtríú tír ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas i dtaca leis an tríú tír sin:

    (i)

    ní aithnítear í mar thríú tír ardriosca a liostaítear sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 9(2) de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4);

    (ii)

    ní luaitear í in Iarscríbhinn I a ghabhann leis na conclúidí ón gComhairle maidir le liosta athbhreithnithe an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach.

    (*4)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).”;"

    (7)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

    “Airteagal 12

    Coinbhleachtaí leasa

    1.   Ní infheisteoidh ELTIF i sócmhainn infheistíochta incháilithe ina bhfuil leas ag bainisteoir an ELTIF, go díreach nó go hindíreach, seachas trí aonaid nó scaireanna de chuid ELTIFanna, EuSEFanna, EuVECAnna, GCUI nó CIManna AE a bhainistíonn bainisteoir an ELTIF a shealbhú.

    2.   Féadfaidh AIFM AE a bhainistíonn ELTIF agus gnóthais ar leis an ngrúpa céanna leis an AIFM AE sin iad, agus a bhfoireann, comhinfheistíocht a dhéanamh san ELTIF sin agus comhinfheistíocht a dhéanamh leis an ELTIF sa tsócmhainn chéanna ar choinníoll go bhfuil socruithe eagraíochtúla agus riaracháin curtha i bhfeidhm ag bainisteoir an ELTIF atá ceaptha chun coinbhleachtaí leasa a shainaithint, a chosc agus a bhainistiú agus chun faireachán a dhéanamh orthu agus ar choinníoll go nochttar coinbhleachtaí leasa den sórt sin go leordhóthanach.”;

    (8)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 13, 14, 15 agus 16:

    “Airteagal 13

    Comhdhéanamh agus éagsúlú punainne

    1.   Infheisteoidh ELTIF 55 % ar a laghad dá chaipiteal i sócmhainní infheistíochta incháilithe.

    2.   Ní infheisteoidh ELTIF níos mó ná an méid seo a leanas:

    (a)

    20 % dá chaipiteal in ionstraimí arna n-eisiúint ag aon ghnóthas punainne cáilitheach aonair nó in iasachtaí arna ndeonú d’aon ghnóthas punainne cáilitheach aonair;

    (b)

    20 % dá chaipiteal i sócmhainn réadach aonair;

    (c)

    20 % dá chaipiteal in aonaid nó scaireanna aon ELTIF, EuVECA, EuSEF, GCUI nó AIF AE aonair arna bhainistiú ag AIFM AE;

    (d)

    10 % dá chaipiteal i sócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (b), i gcás inar eisigh comhlacht aonair na sócmhainní sin.

    3.   Ní bheidh luach comhiomlán urrúsuithe simplí trédhearcacha caighdeánaithe i bpunann ELTIF os cionn 20 % de luach chaipiteal an ELTIF.

    4.   Ní bheidh an neamhchosaint chomhiomlán ar riosca le contrapháirtí de chuid an ELTIF a thagann as idirbhearta díorthacha thar an gcuntar, comhaontuithe athcheannaigh, ná comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais os cionn 10 % de luach chaipiteal an ELTIF.

    5.   De mhaolú ar mhír 2, pointe (d), féadfaidh ELTIF an teorainn 10 % dá dtagraítear sa phointe sin a ardú chuig 25 % i gcás ndéanann institiúid creidmheasa a bhfuil oifig chláraithe aici i mBallstát agus atá faoi réir maoirseacht speisialta phoiblí de réir an dlí a cheaptar chun sealbhóirí bannaí a chosaint bannaí a eisiúint. Déanfar, go háirithe, suimeanna a thagann ó eisiúint na mbannaí sin a infheistiú i gcomhréir leis an dlí i sócmhainní atá in ann, le linn thréimhse bailíochta iomlán na mbannaí, éilimh a bhaineann leis na bannaí a chlúdach agus, i gcás mhainneachtain an eisitheora, a d’úsáidfí ar bhonn tosaíochta d’aisíoc na príomhshuime agus íocaíocht an úis fhabhraithe.

    6.   Comhlachtaí a áirítear sa ghrúpa céanna chun críoch cuntas comhdhlúthaithe, arna rialú le Treoir 2013/34/AE nó i gcomhréir le rialacha cuntasóireachta idirnáisiúnta aitheanta, measfar gur gnóthas punainne incháilithe aonair nó comhlacht aonair iad chun na teorainneacha dá dtagraítear i míreanna 1 go 5 den Airteagal seo a ríomh.

    7.   Ní bheidh feidhm ag na teorainneacha infheistíochta a leagtar amach i míreanna 2 go 4 i gcás nach margaítear ELTIFanna ach le hinfheisteoirí gairmiúla. Ní bheidh feidhm ag an teorainn infheistíochta a leagtar amach i mír 2, pointe (c), i gcás inar ELTIF fothaire é ELTIF.

    Airteagal 14

    Staideanna infheistíochta a cheartú

    I gcás ina sáraíonn ELTIF na ceanglais maidir le comhdhéanamh agus éagsúlú punainne a leagtar síos in Airteagal 13 nó na teorainneacha iasachtaíochta a leagtar amach in Airteagal 16(1), pointe (a), agus gur sárú é nach bhfuil neart ag bainisteoir an ELTIF air, glacfaidh bainisteoir an ELTIF, laistigh de thréimhse ama iomchuí, na bearta is gá chun an staid a cheartú, agus leasanna na n-infheisteoirí san ELTIF á gcur san áireamh go cuí.

    Airteagal 15

    Teorainneacha comhchruinnithe

    1.   Ní fhéadfaidh ELTIF níos mó ná 30 % d’aonaid nó de scaireanna ELTIF, EuVECA, EuSEF, GCUI nó AIF AE aonair arna bhainistiú ag AIFM AE a fháil. Ní bheidh feidhm ag an teorainn sin i gcás nach margaítear ELTIFanna ach le hinfheisteoirí gairmiúla, ná ní bheidh feidhm aici maidir le ELTIF fothaire atá ag infheistiú ina mháistir-ELTIF.

    2.   Beidh feidhm ag na teorainneacha comhchruinnithe a leagtar síos in Airteagal 56(2) de Threoir 2009/65/CE maidir le hinfheistíochtaí sna sócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (b), den Rialachán seo, ach amháin i gcás nach margaítear ELTIFanna ach le hinfheisteoirí gairmiúla.

    Airteagal 16

    Airgead a fháil ar iasacht

    1.   Féadfaidh ELTIF airgead a fháil ar iasacht ar choinníoll go gcomhlíontar le hiasacht den sórt sin na coinníollacha seo a leanas ar fad:

    (a)

    ní méid is mó ná 50 % de ghlanluach sócmhainní an ELTIF é i gcás ELTIFanna ar féidir iad a mhargú le hinfheisteoirí miondíola, agus ní méid is mó ná 100 % de ghlanluach sócmhainní an ELTIF é i gcás ELTIFanna nach margaítear ach le hinfheisteoirí gairmiúla;

    (b)

    fónann sé don chuspóir infheistíochtaí a dhéanamh nó leachtacht a sholáthar, lena n-áirítear chun costais agus speansais a íoc, ar choinníoll nach leor na sealúchais in airgead tirim nó i gcomhluach airgid thirim an ELTIF chun an infheistíocht lena mbaineann a dhéanamh;

    (c)

    conraítear é san airgeadra céanna leis na sócmhainní atá le fáil leis an airgead a fuarthas ar iasacht, nó in airgeadra eile i gcás ina bhfuil neamhchosaint airgeadra fálaithe go hiomchuí;

    (d)

    tá aibíocht nach faide ná saolré an ELTIF aige.

    Agus airgead á fháil ar iasacht aige, féadfaidh ELTIF sócmhainní a chur faoi eire chun a straitéis iasachtaíochta a chur chun feidhme.

    Maidir le socruithe iasachtaíochta a chumhdaítear go hiomlán le gealltanais chaipitil infheisteoirí, ní mheasfar gur iasachtaíochtaí iad chun críocha na míre seo.

    2.   Sonróidh bainisteoir an ELTIF i réamheolaire an ELTIF an bhfuil sé beartaithe ag an ELTIF airgead tirim a fháil ar iasacht mar chuid de straitéis infheistíochta an ELTIF agus, má tá, sonróidh sé na teorainneacha iasachtaíochta ann freisin.

    3.   Maidir leis na teorainneacha iasachtaíochta atá le sonrú sa réamheolaire amhail dá dtagraítear i mír 2, ní bheidh feidhm acu ach ón dáta a shonraítear i rialacha nó ionstraimí corpraithe an ELTIF. Ní bheidh an dáta sin níos déanaí ná 3 bliana tar éis an dáta a cuireadh tús le margú an ELTIF.

    4.   Cuirfear na teorainneacha iasachtaíochta dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), ar fionraí go sealadach i gcás ina gcruinníonn an ELTIF caipiteal breise nó ina laghdaíonn sé an caipiteal atá aige cheana. Beidh fionraí den sórt sin teoranta ó thaobh ama de don tréimhse a bhfuil fíorghá léi agus aird chuí á tabhairt ar leasanna na n-infheisteoirí san ELTIF agus, in aon chás, ní mhairfidh sí níos faide ná 12 mhí.’;

    (9)

    in Airteagal 17(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

    “1.   Maidir leis na ceanglais maidir le comhdhéanamh agus éagsúlú punainne a leagtar síos in Airteagal 13:

    (a)

    beidh feidhm acu faoin dáta a shonraítear i rialacha nó ionstraimí corpraithe an ELTIF;

    (b)

    scoirfidh siad d’fheidhm a bheith acu a luaithe agus a thosóidh an ELTIF ag díol sócmhainní chun aonaid nó scaireanna infheisteoirí a fhuascailt tar éis dheireadh shaolré an ELTIF;

    (c)

    cuirfear ar fionraí go sealadach iad i gcás ina dtiomsaíonn an ELTIF caipiteal breise nó ina laghdaíonn sé an caipiteal atá aige, fad agus nach mairfidh fionraí den sórt sin níos mó ná 12 mhí.”;

    (10)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18:

    “Airteagal 18

    Aonaid nó scaireanna ELTIFanna a fhuascailt

    1.   Ní bheidh infheisteoirí in ELTIF in ann fuascailt a n-aonad ná a scaireanna a iarraidh roimh dheireadh shaolré an ELTIF. Féadfar fuascailtí a dhéanamh d’infheisteoirí ón lá tar éis dháta dheireadh shaolré an ELTIF.

    Léireofar go soiléir i rialacha nó ionstraimí corpraithe an ELTIF dáta sonrach mar dheireadh shaolré an ELTIF agus féadfar foráil a dhéanamh iontu freisin maidir leis an gceart saolré an ELTIF a fhadú go sealadach agus na coinníollacha le haghaidh an ceart sin a fheidhmiú.

    Le rialacha nó ionstraimí corpraithe an ELTIF agus le nochtaí d’infheisteoirí, leagfar síos na nósanna imeachta maidir le haonaid nó scaireanna a fhuascailt agus sócmhainní a dhiúscairt, agus luafar go soiléir iontu gur féidir fuascailtí a dhéanamh d’infheisteoirí ón lá tar éis dháta dheireadh shaolré an ELTIF.

    2.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, féadfar a fhoráil le rialacha nó ionstraimí corpraithe ELTIF go bhféadfaí fuascailtí a dhéanamh le linn shaolré an ELTIF ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas ar fad:

    (a)

    ní dheonaítear fuascailtí roimh dheireadh íostréimhse sealbhaíochta nó roimh an dáta a shonraítear in Airteagal 17(1), pointe (a);

    (b)

    tá bainisteoir an ELTIF, tráth an údaraithe agus ar feadh shaolré an ELTIF, in ann a léiriú d’údarás inniúil an ELTIF go bhfuil beartas iomchuí fuascailte agus uirlisí bainistithe leachtachta i bhfeidhm ag an ELTIF atá comhoiriúnach le straitéis infheistíochta fadtéarmaí an ELTIF;

    (c)

    léirítear go soiléir i mbeartas fuascailte an ELTIF na nósanna imeachta agus na coinníollacha maidir le fuascailtí;

    (d)

    áirithítear le beartas fuascailte an ELTIF go bhfuil na fuascailtí teoranta do chéatadán de shócmhainní an ELTIF dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (b);

    (e)

    áirithítear le beartas fuascailte an ELTIF go gcaitear go cothrom le hinfheisteoirí agus go ndeonaítear fuascailtí ar bhonn pro rata más rud é go dtéann na hiarrataí ar fhuascailtí thar an gcéatadán dá dtagraítear i bpointe (d) den fhomhír seo.

    An coinníoll i dtaca le híostréimhse sealbhaíochta dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír, ní bheidh feidhm aige maidir le ELTIFanna fothaire atá ag infheistiú ina máistir-ELTIFanna.

    3.   Beidh saolré ELTIF i gcomhréir le cineál fadtéarmach an ELTIF agus beidh sí comhoiriúnach le saolréanna gach ceann de shócmhainní aonair an ELTIF, arna tomhas de réir phróifíl neamhleachtachta agus shaolré eacnamaíoch na sócmhainne agus de réir chuspóir infheistíochta sonraithe an ELTIF.

    4.   Beidh an rogha i gcónaí ag infheisteoirí aisíocaíocht in airgead tirim a fháil.

    5.   Ní bheifear in ann aisíocaíocht chomhchineáil as sócmhainní ELTIF a dhéanamh ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

    (a)

    cuirtear an fhéidearthacht sin ar fáil i rialacha nó ionstraimí corpraithe an ELTIF, ar choinníoll go gcaitear go cothrom leis na hinfheisteoirí uile;

    (b)

    iarrann an t-infheisteoir i scríbhinn go n-aisíocfaí é trí sciar de shócmhainní an ELTIF;

    (c)

    ní chuirtear srian ar aistriú na sócmhainní sin le haon rialacha sonracha.

    6.   Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonraítear na himthosca ina meastar go bhfuil saolré ELTIF comhoiriúnach le saolréanna gach ceann de shócmhainní aonair an ELTIF, dá dtagraítear i mír 3.

    Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála freisin ina sonraítear an méid seo a leanas:

    (a)

    na critéir chun an íostréimhse sealbhaíochta dá dtagraítear i mír 2, an chéad fhomhír, pointe (a), a chinneadh;

    (b)

    an t-íosmhéid faisnéise atá le soláthar d’údarás inniúil an ELTIF faoi mhír 2, an chéad fhomhír, pointe (b);

    (c)

    na ceanglais atá le comhlíonadh ag an ELTIF i ndáil lena bheartas fuascailte agus lena uirlisí bainistithe leachtachta, dá dtagraítear i mír 2, an chéad fhomhír, pointí (b) agus (c); agus

    (d)

    na critéir chun measúnú a dhéanamh ar an gcéatadán dá dtagraítear i mír 2, an chéad fhomhír, pointe (d), agus sreafaí airgid ionchasacha agus dliteanais ionchasacha an ELTIF, i measc nithe eile, á gcur san áireamh.

    Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Eanáir 2024.

    Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”;

    (11)

    leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.   Le rialacha nó ionstraimí corpraithe ELTIF, ní chuirfear cosc ar infheisteoirí a n-aonaid nó a scaireanna a aistriú go neamhshrianta chuig tríú páirtithe seachas bainisteoir an ELTIF, faoi réir na gceanglas rialála is infheidhme agus na gcoinníollacha a leagtar amach i réamheolaire an ELTIF.”;

    (b)

    cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    “2a.   Le rialacha nó ionstraimí corpraithe ELTIF, féadfar foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht go ndéanfaí, le linn shaolré an ELTIF, iarrataí ar aistriú aonaid nó scaireanna an ELTIF ó infheisteoirí imeachta a lán-mheaitseáil nó a pháirt-mheaitseáil le hiarrataí ar aistriú ó infheisteoirí féideartha, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo ar fad a leanas:

    (a)

    tá beartas meaitseála iarrataí ag bainisteoir an ELTIF ina leagtar amach go soiléir gach ceann de na nithe seo a leanas:

    (i)

    próiseas an aistrithe le haghaidh infheisteoirí imeachta agus infheisteoirí féideartha araon;

    (ii)

    ról bhainisteoir an ELTIF nó riarthóir an chiste maidir le haistriú a dhéanamh agus maidir le hiarrataí a mheaitseáil;

    (iii)

    na tréimhsí ama ar lena linn is féidir le hinfheisteoirí imeachta agus infheisteoirí féideartha aistriú scaireanna nó aonaid an ELTIF a iarraidh;

    (iv)

    na rialacha lena gcinntear an praghas forghníomhaithe;

    (v)

    na rialacha lena gcinntear na coinníollacha fréamhaithe;

    (vi)

    uainiú agus cineál an nochta a dhéantar ar fhaisnéis i ndáil le próiseas an aistrithe;

    (vii)

    na táillí, na costais agus na muirir, más ann dóibh, a bhaineann le próiseas an aistrithe;

    (b)

    i dtaca leis an mbeartas agus na nósanna imeachta maidir leis na hiarrataí ó infheisteoirí imeachta an ELTIF a mheaitseáil leis na hiarrataí ó infheisteoirí féideartha an ELTIF, áirithítear go gcaitear go cothrom le hinfheisteoirí agus, i gcás ina mbíonn neamhréir idir infheisteoirí imeachta agus infheisteoirí féideartha, déantar an mheaitseáil ar bhonn pro rata;

    (c)

    ceadaítear do bhainisteoir an ELTIF, le meaitseáil na n-iarrataí, faireachán a dhéanamh ar riosca leachtachta an ELTIF agus tá an mheaitseáil comhoiriúnach le straitéis infheistíochta fhadtéarmach an ELTIF.”;

    (c)

    cuirtear an mhír seo a leanas leis:

    “5.   Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonraítear na himthosca chun an mheaitseáil dá bhforáiltear i mír 2a a úsáid, lena n-áirítear an fhaisnéis is gá do ELTIFanna a nochtadh d’infheisteoirí.

    Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Eanáir 2024.

    Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”;

    (12)

    in Airteagal 21, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Cuirfidh ELTIF údarás inniúil an ELTIF ar an eolas faoi dhiúscairt ordúil a chuid sócmhainní chun aonaid nó scaireanna infheisteoirí a fhuascailt tar éis dheireadh shaolré an ELTIF, aon bhliain amháin ar a dhéanaí roimh dháta dheireadh shaolré an ELTIF. Arna iarraidh sin d’údarás inniúil an ELTIF, cuirfidh an ELTIF sceideal miondealaithe faoi bhráid údarás inniúil an ELTIF maidir le diúscairt ordúil a chuid sócmhainní.”;

    (13)

    in Airteagal 22, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    “3.   Féadfaidh ELTIF a chaipiteal a laghdú ar bhonn pro rata i gcás sócmhainn a bheith á diúscairt le linn shaolré an ELTIF, ar choinníoll go measann bainisteoir an ELTIF go cuí go bhfuil an diúscairt sin chun leas na n-infheisteoirí.”;

    (14)

    leasaítear Airteagal 23 mar a leanas:

    (a)

    i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    “(b)

    faisnéis atá le nochtadh ag gnóthais chomhinfheistíochta den chineál iata i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5);

    (*5)  Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/71/CE (IO L 168, 30.6.2017, lch. 12).”;"

    (b)

    cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    “3a.   Beidh na nithe seo a leanas i réamheolaire an ELTIF fothaire:

    (a)

    dearbhú go bhfuil an ELTIF fothaire ina fhothaire de chuid máistir-ELTIF agus, mar sin, go n-infheistíonn sé 85 % nó níos mó dá chuid sócmhainní go buan in aonaid nó scaireanna an mháistir-ELTIF sin;

    (b)

    cuspóir infheistíochta agus beartas infheistíochta an ELTIF fothaire, lena n-áirítear an phróifíl riosca agus cé acu is comhionann nó nach comhionann feidhmíocht an ELTIF fothaire agus feidhmíocht an mháistir-ELTIF, nó a mhéid atá siad éagsúil le chéile agus na cúiseanna atá leis an éagsúlacht sin;

    (c)

    cur síos achomair ar an máistir-ELTIF, an bealach ina bhfuil sé eagraithe, a chuspóir infheistíochta agus a bheartas infheistíochta, lena n-áirítear an phróifíl riosca, agus léiriú ar conas is féidir réamheolaire an mháistir-ELTIF a fháil;

    (d)

    achoimre ar an gcomhaontú a rinneadh idir an ELTIF fothaire agus an máistir-ELTIF nó ar na rialacha inmheánacha maidir le gnó a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 29(6);

    (e)

    conas is féidir le sealbhóirí aonad nó sealbhóirí scaireanna tuilleadh faisnéise a fháil maidir leis an máistir-ELTIF agus maidir leis an gcomhaontú, dá dtagraítear in Airteagal 29(6), a rinneadh idir an ELTIF fothaire agus an máistir-ELTIF;

    (f)

    cur síos ar gach luach saothair nó gach aisíocaíocht costas is iníoctha ag an ELTIF fothaire de bhua a chuid infheistíochta in aonaid nó scaireanna de chuid an mháistir-ELTIF, chomh maith le cur síos ar mhuirir chomhiomlána an ELTIF fothaire agus an mháistir-ELTIF.”;

    (c)

    i mír 5, cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:

    “I gcás ina margaítear an ELTIT le hinfheisteoirí miondíola, cuirfidh bainisteoir an ELTIF ar áireamh i dtuarascáil bhliantúil an ELTIF fothaire ráiteas maidir le muirir chomhiomlána an ELTIF fothaire agus an mháistir-ELTIF. Léireofar i dtuarascáil bhliantúil an ELTIF fothaire conas is féidir tuarascáil bhliantúil an mháistir-ELTIF a fháil.”;

    (15)

    in Airteagal 25, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.   Sa réamheolaire, nochtfar cóimheas foriomlán costais an ELTIF.”;

    (16)

    scriostar Airteagal 26;

    (17)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 27:

    “Airteagal 27

    Próiseas measúnaithe inmheánach le haghaidh ELTIFanna ar féidir iad a mhargú le hinfheisteoirí miondíola

    Beidh bainisteoir ELTIF, ar féidir a chuid aonad nó scaireanna a mhargú le hinfheisteoirí miondíola, faoi réir na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 16(3), an dara fomhír go dtí an cúigiú fomhír agus an seachtú fomhír, de Threoir 2014/65/AE agus in Airteagal 24(2) den Treoir sin.”;

    (18)

    scriostar Airteagal 28;

    (19)

    in, Airteagal 29 cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

    “6.   I gcás struchtúr máistirfhothaire, soláthróidh an máistir-ELTIF don ELTIF fothaire na doiciméid agus an fhaisnéis uile is gá chun go gcomhlíonfaidh an ELTIF fothaire ceanglais an Rialacháin seo. Chun na críche sin, déanfaidh an ELTIF fothaire comhaontú leis an máistir-ELTIF.

    Cuirfear an comhaontú dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar fáil do na sealbhóirí aonad nó na sealbhóirí scaireanna go léir arna iarraidh sin agus saor in aisce. I gcás ina bhfuil an máistir-ELTIF agus an ELTIF fothaire araon á mbainistiú ag bainisteoir céanna an ELTIF, féadfar an comhaontú a ionadú le rialacha inmheánacha maidir le gnó a dhéanamh lena n-áirithítear comhlíonadh cheanglais na míre seo.

    7.   I gcás ina bhfuil taisclanna éagsúla ag an máistir-ELTIF agus ag an ELTIF fothaire, déanfaidh na taisclanna sin comhaontú maidir le comhroinnt faisnéise chun comhlíonadh dhualgais an dá thaisclann a áirithiú. Ní infheisteoidh an ELTIF fothaire in aonaid nó scaireanna an mháistir-ELTIF go dtí go mbeidh éifeacht le comhaontú den sórt sin.

    I gcás ina gcomhlíonann siad ceanglais na míre seo, ní bhfaighfear go bhfuil taisclann an mháistir-ELTIF ná taisclann an ELTIF fothaire ag sárú aon rialacha lena gcuirtear srian le nochtadh faisnéise nó a bhaineann le cosaint sonraí i gcás ina ndéantar foráil do rialacha den sórt sin i gconradh nó i bhforáil reachtaíocht, rialúcháin nó riaracháin. Ní bheidh comhlíonadh den sórt sin ina chúis le haon dliteanas ar thaobh na taisclainne sin ná aon duine a ghníomhaíonn thar a ceann.

    Beidh an ELTIF fothaire nó, i gcás inarb infheidhme, bainisteoir an ELTIF fothaire, i gceannas ar aon fhaisnéis faoin máistir-ELTIF is gá chun dualgais thaisclann an ELTIF fothaire a chur i gcrích a chur in iúl do thaisclann an ELTIF fothaire. Cuirfidh taisclann an mháistir-ELTIF údaráis inniúla Bhallstát baile an mháistir-ELTIF, údaráis inniúla Bhallstát baile an ELTIF fothaire nó, i gcás inarb infheidhme, údaráis inniúla Bhallstát baile bhainisteoir agus thaisclann an ELTIF fothaire ar an eolas láithreach faoi aon neamhrialtachtaí a bhraitheann sé maidir leis an máistir-ELTIF ar neamhrialtachtaí iad a meastar go bhfuil tionchar diúltach acu ar an ELTIF fothaire.”;

    (20)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 30:

    “Airteagal 30

    Ceanglais shonracha maidir le dáileadh ELTIFanna ar infheisteoirí miondíola agus maidir le ELTIFanna a mhargú le hinfheisteoirí miondíola

    1.   Ní fhéadfar aonaid nó scaireanna ELTIF a mhargú le hinfheisteoir miondíola ach i gcás ina ndearnadh measúnú oiriúnachta i gcomhréir le hAirteagal 25(2) de Threoir 2014/65/AE agus inar soláthraíodh ráiteas ar oiriúnacht don infheisteoir miondíola sin i gcomhréir leis an dara agus an tríú fomhír d’Airteagal 25(6) den Treoir sin.

    Déanfar an measúnú oiriúnachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo gan beann ar cibé acu a fhaigheann an t-infheisteoir miondíola aonaid nó scaireanna an ELTIF ón dáileoir nó ó bhainisteoir an ELTIF, nó tríd an margadh tánaisteach i gcomhréir le hAirteagal 19 den Rialachán seo.

    Gheofar toiliú sainráite an infheisteora miondíola lena léirítear go dtuigeann an t-infheisteoir na rioscaí a bhaineann le hinfheistiú in ELTIF i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

    (a)

    ní sholáthraítear an measúnú oiriúnachta i gcomhthéacs comhairle infheistíochta;

    (b)

    meastar nach bhfuil an ELTIF oiriúnach don infheisteoir miondíola ar bhonn an mheasúnaithe oiriúnachta arna déanamh de bhun na chéad fhomhíre;

    (c)

    is mian leis an infheisteoir miondíola dul ar aghaidh leis an idirbheart in ainneoin go meastar nach bhfuil an ELTIF oiriúnach don infheisteoir sin.

    Déanfaidh an dáileoir nó, nuair a bhíonn aonaid nó scaireanna ELTIF á dtairiscint go díreach d’infheisteoir miondíola nó á láithriú go díreach le hinfheisteoir miondíola, bainisteoir an ELTIF taifead dá dtagraítear in Airteagal 25(5) de Threoir 2014/65/AE a bhunú.

    2.   Déanfaidh an dáileoir nó, nuair a bhíonn aonaid nó scaireanna ELTIF á dtairiscint go díreach d’infheisteoir miondíola nó á láithriú go díreach le hinfheisteoir miondíola, bainisteoir an ELTIF foláireamh soiléir i scríbhinn a eisiúint lena gcuirtear an t-infheisteoir miondíola ar an eolas faoin méid seo a leanas:

    (a)

    i gcás inar faide ná 10 mbliana saolré ELTIF a thairgtear d’infheisteoirí miondíola nó a láithrítear leo, go bhféadfadh sé nach mbeadh an táirge ELTIF oiriúnach d’infheisteoirí miondíola nach bhfuil in ann gealltanas fadtéarmach agus neamhleachtach den sórt sin a sheasamh;

    (b)

    i gcás ina ndéanann rialacha nó ionstraimí corpraithe ELTIF foráil maidir leis an bhféidearthacht aonaid nó scaireanna an ELTIF a mheaitseáil, amhail dá dtagraítear in Airteagal 19(2a), nach ráthaítear le hinfhaighteacht féidearthachta den sórt sin gur féidir leis an infheisteoir miondíola imeacht óna chuid aonad nó scaireanna san ELTIF lena mbaineann nó iad a fhuascailt agus nach bhfuil an t-infheisteoir miondíola i dteideal, mar gheall ar hinfhaighteacht féidearthachta den sórt sin, imeacht óna chuid aonad nó scaireanna san ELTIF lena mbaineann nó iad a fhuascailt.

    3.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 más rud é gur ball den fhoireann shinsearach, bainisteoir punainne, stiúrthóir, oifigeach, gníomhaire nó fostaí de chuid bhainisteoir an ELTIF, nó de chuid cleamhnaí de chuid bhainisteoir an ELTIF, an t-infheisteoir miondíola agus ina bhfuil a dhóthain eolais ag an infheisteoir sin faoin ELTIF.

    4.   Déanfaidh ELTIF fothaire a nochtadh sa chumarsáid mhargaíochta a dhéanann sé go n-infheistíonn sé 85 % nó níos mó dá chuid sócmhainní go buan in aonaid nó scaireanna an mháistir-ELTIF.

    5.   Déanfar foráil i rialacha nó ionstraimí corpraithe ELTIF a mhargaítear le hinfheisteoirí miondíola san aicme ábhartha aonad nó scaireanna go gcaitear go comhionann le gach infheisteoir agus nach gcaitear go fabhrach le hinfheisteoirí aonair nó le grúpaí infheisteoirí laistigh den aicme ábhartha nó de na haicmí ábhartha ná nach dtugtar sochar eacnamaíochta sonrach dóibh.

    6.   Ní leagfar tuilleadh dliteanais ar an infheisteoir miondíola mar thoradh ar fhoirm dhlíthiúil ELTIF a mhargaítear le hinfheisteoirí miondíola ná ní chuirfear aon ghealltanais bhreise ar an infheisteoir sin seachas an gealltanas caipitil bunaidh.

    7.   Beidh infheisteoirí miondíola in ann, le linn na tréimhse suibscríbhinne agus le linn thréimhse 2 sheachtain tar éis shíniú an ghealltanais tosaigh nó an chomhaontaithe suibscríbhinne tosaigh le haghaidh aonaid nó scaireanna an ELTIF, a suibscríbhinn a chur ar ceal agus an t-airgead a fháil ar ais gan phionós.

    8.   Déanfaidh bainisteoir ELTIF a mhargaítear le hinfheisteoirí miondíola nósanna imeachta agus socruithe iomchuí a bhunú chun déileáil le gearáin ó infheisteoirí miondíola, rud a cheadóidh d’infheisteoirí gearáin a dhéanamh i dteanga oifigiúil a mBallstáit nó i gceann amháin de theangacha oifigiúla a mBallstáit.”;

    (21)

    in Airteagal 31, leasaítear mír 4 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):

    “(a)

    réamheolaire an ELTIF; agus

    (b)

    doiciméad faisnéise bunriachtanaí an ELTIF i gcás ina margaítear é le hinfheisteoirí miondíola.”;

    (b)

    scriostar pointe (c);

    (22)

    in Airteagal 34, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.   Na cumhachtaí atá ag ÚEUM i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE, déanfar iad a fheidhmiú freisin i ndáil leis an Rialachán seo agus i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6).

    (*6)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).”;"

    (23)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 37:

    “Airteagal 37

    Athbhreithniú

    1.   Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus déanfaidh sé anailís ar na gnéithe seo a leanas ar a laghad:

    (a)

    a mhéid a mhargaítear ELTIFanna san Aontas, lena n-áirítear an spéis a d’fhéadfadh a bheith ag na AIFManna dá dtagraítear in Airteagal 3(2) de Threoir 2011/61/AE i margú ELTIFanna;

    (b)

    cur i bhfeidhm forálacha maidir le húdarú ELTIFanna, mar a leagtar amach in Airteagail 3 go 6;

    (c)

    cé acu ba cheart nó nár cheart nuashonrú a dhéanamh ar na forálacha maidir leis an gclár lárnach poiblí ELTIFanna mar a leagtar síos in Airteagal 3;

    (d)

    cé acu ba cheart nó nár cheart nuashonrú a dhéanamh ar an liosta sócmhainní agus infheistíochtaí incháilithe, na ceanglais maidir le comhdhéanamh agus éagsúlú punainne, na rialacha maidir le comhchruinniú agus na teorainneacha maidir le hairgead tirim a fháil ar iasacht;

    (e)

    an tionchar ar éagsúlú sócmhainní mar gheall ar chur i bhfeidhm na teorann infheistíochta le haghaidh sócmhainní infheistíochta incháilithe a leagtar síos in Airteagal 13(1);

    (f)

    cé acu ba cheart nó nár cheart nuashonrú a dhéanamh ar na forálacha maidir le coinbhleachtaí leasa a leagtar síos in Airteagal 12;

    (g)

    cur i bhfeidhm Airteagal 18 agus tionchar an chur i bhfeidhm sin ar bheartas fuascailte agus saolré ELTIFanna;

    (h)

    cé acu atá nó nach bhfuil na ceanglais trédhearcachta a leagtar síos i gCaibidil IV iomchuí;

    (i)

    cé acu atá nó nach bhfuil na forálacha a bhaineann le margú aonad nó scaireanna de chuid ELTIFanna a leagtar síos i gCaibidil V iomchuí agus cé acu a dhéanann nó nach ndéanann siad cosaint éifeachtach infheisteoirí, lena n-áirítear infheisteoirí miondíola, a áirithiú;

    (j)

    cé acu a rannchuidigh nó nár rannchuidigh ELTIFanna go mór le cuspóirí an Aontais a bhaint amach, amhail na cuspóirí sin a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip agus i réimsí tosaíochta eile.

    2.   Bunaithe ar an athbhreithniú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, déanfaidh an Coimisiún faoin 10 Aibreán 2030, agus tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéantar measúnú ar a mhéid a rannchuidíonn an Rialachán seo agus ELTIFanna le haontas na margaí caipitil a thabhairt chun críche agus le baint amach na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1(2). I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil.”;

    (24)

    cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

    “Airteagal 37a

    Athbhreithniú ar ghnéithe inbhuanaitheachta ELTIFanna

    Faoin 11 Eanáir 2026, déanfaidh an Coimisiún measúnú agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle lena ngabhfaidh, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach, maidir leis an méid seo a leanas ar a laghad:

    (a)

    an bhfuil sé indéanta ainmniú roghnach dar teideal “ELTIF arna mhargú mar ELTIF atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de” nó “ELTIF glas” a chruthú, agus go háirithe:

    (i)

    ar cheart ainmniú den sórt sin a choimeád do ELTIFanna ar táirgí airgeadais iad arb é infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir leo dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7);

    (ii)

    ar cheart an t-ainmniú sin a choimeád do ELTIFanna a infheistíonn a gcuid sócmhainní incháilithe nó sócmhainní iomlána go léir, nó cuid shuntasach díobh, i ngníomhaíochtaí inbhuanaithe agus, más amhlaidh atá, conas atá an chuid shuntasach le sainiú;

    (iii)

    an féidir gníomhaíochtaí inbhuanaithe a nascadh leis na critéir inbhuanaitheachta a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagail 10(3), 11(3), 12(2), 13(2), 14(2) agus 15(2) de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*8);

    (b)

    ar cheart oibleagáid ghinearálta a bheith ar ELTIFanna an prionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh” de réir bhrí Airteagal 2a de Rialachán (AE) 2019/2088 a chomhlíonadh ina gcinntí infheistíochta, nó ar cheart an oibleagáid sin a bheith teoranta do ELTIFanna a mhargaítear mar ELTIFanna atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de nó mar ELTIFanna glasa, i gcás ina meastar go bhfuil ainmniú roghnach den sórt sin indéanta;

    (c)

    an bhfuil aon deis ann feabhas a chur ar an gcreat le haghaidh ELTIFanna trí rannchuidiú ar bhealach níos suntasaí le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, gan an bonn a bhaint de chineál na ELTIFanna.

    (*7)  Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais (IO L 317, 9.12.2019, lch. 1)."

    (*8)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).”."

    Airteagal 2

    Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 10 Eanáir 2024.

    Maidir le ELTIFanna arna n-údarú i gcomhréir le forálacha Rialachán (AE) 2015/760 agus i gcomhlíonadh na bhforálacha sin is infheidhme roimh an 10 Eanáir 2024, measfar go bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh acu go dtí an 11 Eanáir 2029. Maidir le ELTIFanna arna n-údarú i gcomhréir le forálacha Rialachán (AE) 2015/760 agus i gcomhlíonadh na bhforálacha sin is infheidhme roimh an 10 Eanáir 2024 agus nach gcruinníonn caipiteal breise, measfar go bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh acu.

    D’ainneoin an tríú fomhír, féadfaidh ELTIF arna údarú roimh an 10 Eanáir 2024 cinneadh a dhéanamh a bheith faoi réir an Rialacháin seo, ar choinníoll go dtugtar fógra d’údarás inniúil an ELTIF faoi.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh in Strasbourg, an 15 Márta 2023.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    R. METSOLA

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. ROSWALL


    (1)  IO C 290, 29.7.2022, lch. 64.

    (2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Feabhra 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 7 Márta 2023.

    (3)  Rialachán (AE) 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le Cistí Infheistíochta Fadtéarmaí Eorpacha (IO L 123, 19.5.2015, lch. 98).

    (4)  Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais (IO L 317, 9.12.2019, lch. 1).

    (5)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).

    (6)  Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leagtar síos creat ginearálta maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe, agus lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE, 2009/138/CE agus 2011/61/AE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 347, 28.12.2017, lch. 35).

    (7)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).

    (8)  Treoir 2011/61/EU ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoracha 2003/41/CE agus 2009/65/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009 agus (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).

    (9)  Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le doiciméid um fhaisnéis bhunriachtanach do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) (IO L 352, 9.12.2014, lch. 1).

    (10)  Treoir (AE) 2019/1160 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE agus 2011/61/AE a mhéid a bhaineann le dáileadh trasteorann gnóthas comhinfheistíochta (IO L 188, 12.7.2019, lch. 106).

    (11)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

    (12)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).

    (13)  Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).


    Top