This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R2049
Commission Implementing Regulation (EU) 2022/2049 of 24 October 2022 amending Implementing Regulation (EU) 2021/2325 as regards the recognition of certain control authorities and control bodies for the purpose of importing organic products into the Union
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2049 ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 a mhéid a bhaineann le húdaráis rialaithe áirithe agus comhlachtaí rialaithe áirithe a aithint chun táirgí orgánacha a allmhairiú isteach san Aontas
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2049 ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 a mhéid a bhaineann le húdaráis rialaithe áirithe agus comhlachtaí rialaithe áirithe a aithint chun táirgí orgánacha a allmhairiú isteach san Aontas
C/2022/7437
IO L 275, 25.10.2022, pp. 64–69
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
25.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 275/64 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2049 ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Deireadh Fómhair 2022
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 a mhéid a bhaineann le húdaráis rialaithe áirithe agus comhlachtaí rialaithe áirithe a aithint chun táirgí orgánacha a allmhairiú isteach san Aontas
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 48(3), agus Airteagal 57(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2021/2325 ón gCoimisiún (2), leagtar amach an liosta de thríú tíortha a n-aithnítear go bhfuil a gcórais táirgthe agus a mbearta rialaithe chun táirgí talmhaíochta a tháirgeadh go horgánach coibhéiseach leis na córais táirgthe agus bearta rialaithe a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 (3). |
|
(2) |
Chuir an India in iúl don Choimisiún gur chuir a húdarás inniúil an comhlacht rialaithe “TQ Cert Services Private Limited” ar fionraí agus dá bhrí sin gur cheart an comhlacht rialaithe sin a bhaint den liosta de chomhlachtaí rialaithe dá dtugann an India aitheantas. |
|
(3) |
Le hIarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun (AE) 2021/2325, leagtar amach an liosta d’údaráis rialaithe agus de chomhlachtaí rialaithe atá aitheanta chun críche coibhéise agus atá inniúil chun rialuithe a dhéanamh agus deimhnithe a eisiúint i dtríú tíortha. I bhfianaise faisnéis nua agus iarrataí nua a fuair an Coimisiún ó ghlacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325, ba cheart athruithe áirithe a dhéanamh ar an liosta sin. |
|
(4) |
Rinneadh fógraí maidir le cásanna neamh-chomhlíontachta i gCóras Faisnéise na Talmhaíochta Orgánaí “Control Union Certifications” [Rialú Deimhniúchán de chuid an Aontais] (BIO-149), “Ecocert SA” (BIO-154), “Lacon GmbH” (BIO-134) agus “OneCert International PVT Ltd” (BIO-152). Baineann na fógraí sin le héilliú líon mór coinsíneachtaí táirgí a táirgeadh san India, táirgí a dheimhnigh na comhlachtaí rialaithe sin mar choinsíneachtaí orgánacha. Éillíodh na táirgí sin le táirgí agus substaintí nach gceadaítear i dtáirgeadh orgánach agus/nó i dtáirgeadh traidisiúnta san Aontas ar leibhéil os cionn na n-Uasleibhéal Iarmhar a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus ba mhinic iad i bhfad os cionn na leibhéal sin. Áirítear ar na héillithe sin éilliú le hocsaíd eitiléine, éilliú atá carcanaigineach só-ghineach agus tocsaineach lena atáirgeadh, agus éillithe eile nach é. |
|
(5) |
Thairis sin, níor léirigh na comhlachtaí rialaithe sin gur táirgeadh táirgí orgánacha a allmhairíodh faoina rialú i gcomhréir leis na rialacha táirgthe ná go raibh siad faoi réir socruithe rialaithe atá coibhéiseach leo sin a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 agus i Rialacháin (CE) Uimh. 889/2008 (5) agus (CE) Uimh. 1235/2008 (6) ón gCoimisiún. |
|
(6) |
Ina theannta sin, ní dhearna na comhlachtaí rialaithe sin bearta ceartaitheacha mar fhreagairt ar na neamhrialtachtaí agus ar na sáruithe a tugadh faoi deara. |
|
(7) |
Ar gach ceann de na cúiseanna sin, agus i gcomhréir le hAirteagal 4(1), pointí (d)(iv), (d)(v) agus (d)(vii) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1342 ón gCoimisiún (7), ba cheart na comhlachtaí rialaithe “Control Union Certifications”, “Ecocert SA”, “Lacon GmbH” agus “OneCert International PVT Ltd” a bhaint den liosta d’údaráis rialaithe agus de chomhlachtaí rialaithe a aithnítear le haghaidh na hIndia chun críche coibhéise faoi Airteagal 33(3) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007. |
|
(8) |
Thug “A CERT European Organization for Certification S.A” fógra don Choimisiún gur athraíodh a sheoladh. |
|
(9) |
Fuair an Coimisiún iarraidh ó “BioGro New Zealand Limited”, agus rinne sé scrúdú ar an iarraidh sin, maidir lena aitheantas a tharraingt siar i dtaca le gach tríú tír a n-aithnítear é ina leith i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325. |
|
(10) |
Thug “Bureau Veritas Certification France SAS” fógra don Choimisiún maidir leis an athrú ar a sheoladh. |
|
(11) |
Fuair an Coimisiún iarraidh ó “Ecocert SA” a ainm a athrú agus scrúdaigh sé an iarraidh sin. Chinn an Coimisiún, de réir na faisnéise a fuarthas, go bhfuil údar maith le hainm an chomhlachta rialaithe sin a athrú go “Ecocert SAS”. |
|
(12) |
Thug an comhlacht creidiúnaithe IOAS fógra don Choimisiún maidir le tarraingt siar a chreidiúnaithe a bhaineann leis an gcomhlacht rialaithe “FairCert Certification Services Pvt Ltd”. Chomh maith leis sin, d’iarr an Coimisiún ar an gcomhlacht rialaithe deimhniú creidiúnaithe bailí a chur ar fáil agus gníomhaíocht feabhais iomchuí thráthúil a dhéanamh. Mar sin féin, níor thug “FairCert Certification Services Pvt Ltd” freagra sásúil laistigh den sprioc-am a leagadh síos chun na críche sin. Ar deireadh, níor chuir “FairCert Certification Services Pvt Ltd” an fhaisnéis ar fad a bhaineann lena shainchomhad teicniúil in iúl don Choimisiún. Ar na trí chúis sin, agus i gcomhréir le hAirteagal 4(1), pointe (d)(iii), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1342, ba cheart “FairCert Certification Services Pvt Ltd” a bhaint den liosta d’údaráis rialaithe agus de chomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 maidir le gach tríú tír. |
|
(13) |
Thug “Kiwa Sativa” fógra don Choimisiún gur athraíodh a sheoladh idirlín. |
|
(14) |
Fuair an Coimisiún iarraidh ó “Lacon GmbH”, agus rinne sé scrúdú ar an iarraidh sin, maidir lena aitheantas a tharraingt siar i dtaca le gach tríú tír a n-aithnítear é ina leith i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325. |
|
(15) |
Fuair an Coimisiún iarraidh ó “LETIS S.A.”, agus rinne sé scrúdú ar an iarraidh sin, maidir lena aitheantas a tharraingt siar i dtaca leis an Afganastáin, an Asarbaiseáin, an Bhealarúis, an Cósta Eabhair, an Éigipt, an Aetóip, an Iaráin, an Chasacstáin, an Chirgeastáin, an Mholdóiv, Maracó, an Phacastáin, an Rúis, an Táidsíceastáin, an Tuircméanastáin, an Úcráin, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha agus an Úisbéiceastáin. |
|
(16) |
Thug an comhlacht creidiúnaithe IOAS fógra don Choimisiún maidir le tarraingt siar a chreidiúnaithe i dtaca le “LETIS S.A.” sa Tuirc. Chomh maith leis sin, d’iarr an Coimisiún ar an gcomhlacht rialaithe deimhniú creidiúnaithe bailí a chur ar fáil i ndáil leis an Tuirc agus gníomhaíocht feabhais iomchuí thráthúil a dhéanamh. Mar sin féin, níor thug “LETIS S.A.” freagra sásúil laistigh den sprioc-am a leagadh síos chun na críche sin. Ar an dá chúis sin, agus i gcomhréir le hAirteagal 4(1), pointe (d)(iii), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1342, tá údar maith leis an aitheantas atá ag “LETIS S.A.” maidir leis an Tuirc a tharraingt siar. |
|
(17) |
Thug “OneCert International PVT Ltd” fógra don Choimisiún gur athraíodh a sheoladh agus a sheoladh idirlín. |
|
(18) |
Fuair an Coimisiún iarraidh ó “Oregon Tilth” maidir lena aitheantas maidir le Panama a tharraingt siar. |
|
(19) |
Fuair an Coimisiún iarraidh ó “Organic Standard” chun a aitheantas maidir leis an Rúis a tharraingt siar. |
|
(20) |
Fuair an Coimisiún iarraidh ó “Soil Association Certification Limited”, agus rinne sé scrúdú ar an iarraidh sin, maidir le scor go deonach dá ghníomhaíochtaí maidir le gach tríú tír a n-aithnítear é ina leith i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325. |
|
(21) |
Thug “Tse-Xin Organic Certification Corporation” fógra don Choimisiún gur athraíodh a sheoladh. |
|
(22) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2235 a leasú dá réir. |
|
(23) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Tháirgeadh Orgánach, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) 2021/2325 mar a leanas:
|
(1) |
leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. |
|
(2) |
leasaítear Iarscríbhinn II i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Deireadh Fómhair 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 150, 14.6.2018, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2021 lena mbunaítear, de bhun Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an liosta de thríú tíortha agus an liosta d’údaráis rialaithe agus de chomhlachtaí rialaithe a rinneadh a aithint faoi Airteagal 33(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle chun táirgí orgánacha a allmhairiú isteach san Aontas (IO L 465, 29.12.2021, lch. 8).”
(3) Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2007 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2092/91 (IO L 189, 20.7.2007, lch. 1).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin, agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 70, 16.3.2005, lch. 1).
(5) Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 ón gCoimisiún an 5 Meán Fómhair 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha i dtaca le táirgeadh, lipéadú agus rialú orgánach (IO L 250, 18.9.2008, lch. 1).
(6) Rialachán (CE) Uimh. 1235/2008 ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na socruithe le haghaidh allmhairí táirgí orgánacha ó thríú tíortha (IO L 334 12.12.2008, lch. 25).
(7) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1342 ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha i dtaca leis an bhfaisnéis atá le seoladh ag tríú tíortha agus ag údaráis rialaithe agus ag comhlachtaí rialaithe chun críche maoirseachta ar a n-aitheantas faoi Airteagal 33(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle maidir le táirgí orgánacha allmhairithe agus na bearta atá le déanamh i bhfeidhmiú na maoirseachta sin (IO L 292, 16.8.2021, lch. 20).
IARSCRÍBHINN I
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2325, i bpointe 5 den iontráil le haghaidh na hIndia, scriostar an ró le haghaidh códuimhir IN-ORG-006.
IARSCRÍBHINN II
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2325 mar a leanas:
|
(1) |
san iontráil le haghaidh “A CERT European Organization for Certification S.A.” , cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:
|
|
(2) |
scriostar an iontráil le haghaidh “BioGro New Zealand Limited”; |
|
(3) |
san iontráil le haghaidh “Bureau Veritas Certification France SAS” , cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:
|
|
(4) |
sa tábla i bpointe 3 den iontráil le haghaidh “Control Union Certifications”, scriostar an ró le haghaidh na hIndia; |
|
(5) |
leasaítear an iontráil le haghaidh “Ecocert SA” mar a leanas:
|
|
(6) |
scriostar an iontráil le haghaidh “FairCert Certification Services Pvt Ltd”; |
|
(7) |
san iontráil le haghaidh “Kiwa Sativa” , cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:
|
|
(8) |
scriostar an iontráil le haghaidh “Lacon GmbH”; |
|
(9) |
san iontráil le haghaidh “LETIS S.A.”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3:
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(10) |
leasaítear an iontráil le haghaidh “OneCert International PVT Ltd” mar a leanas:
|
|
(11) |
sa tábla i bpointe 3 den iontráil le haghaidh “Oregon Tilth” , scriostar an ró le haghaidh Phanama; |
|
(12) |
sa tábla i bpointe 3 den iontráil le haghaidh “Organic Standard”, scriostar an ró le haghaidh na Rúise; |
|
(13) |
scriostar an iontráil le haghaidh “Soil Association Certification Limited” . |
|
(14) |
san iontráil le haghaidh “Tse-Xin Organic Certification Corporation.”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:
|