An dul chun cinn is déanaí ar shuíomh gréasáin EUR-Lex: 06/2015
Ó mhí an Mheithimh 2015 amach, beidh na feidhmeanna nua seo a leanas ar an suíomh gréasáin:
- Cuardach tapa
- Tá fochodanna de chonarthaí, de cheartúcháin agus d'achoimrí cásdlí le feiceáil sna torthaí anois.
- Faightear torthaí níos fearr nuair a chuardaítear uimhir doiciméid.
- Sainchuardach
- Tá na réimsí cuardaigh leagtha amach ar shlí níos loighiciúla.
- Tá rogha nua ann leis na réimsí cuardaigh a scagadh.
- Tá na leideanna faoi úsáid na roghanna éagsúla cuardaigh i gcrann na réimsí cuardaigh athraithe agus feabhsaithe.
- Tá na hoibreoirí neasachta abairte agus míre bainte den sainchuardach agus tá oibreoirí NEAR10 agus NEAR40 curtha ina n-áit le go mbeidh an cuardach níos trédhearcaí agus níos beaichte.
- Tá caoi níos fearr ann le nótaí a chuardach i gcoibhneasa.
- Tá rogha nua ann le nótaí a shórtáil go halfa-uimhriúil.
- Tá feidhm nua ann le zúmáil a dhéanamh ar théacs. Seo feidhm a fhágann gur féidir codanna den téacs ina bhfuil do théarma(í) cuardaigh a thaispeáint i liosta na dtorthaí. Aibhsítear an téarma/na téarmaí cuardaigh. Is féidir an zúmáil sin a dhéanamh sna réimsí téacs seo a leanas: Téacs (TE), Eochairfhocail (IX), Páirtithe (I1), Ábhar an cháis (I2), Forais (MO), Formhuinithe (VS), Cinneadh faoi chostais (CO) agus An chuid oibríochtúil (DI).
- Liosta na dtorthaí
- Tá leagan amach nua ar liosta na dtorthaí. Na rialacháin, na treoracha agus na cinntí atá i bhfeidhm agus glactha ag an gComhairle agus ag an bParlaimint, tá siad le feiceáil ar bharr an liosta anois.
- Bearta náisiúnta cur chun feidhme
- Le go mbeidh na bearta seo níos feiceálaí ar an suíomh, taispeántar anois iad faoi tháb ar leith san amharc ar Threoir. Is é atá sa táb seo eolas faoi bhearta náisiúnta cur chun feidhme agus iad grúpáilte de réir Ballstáit.
Mar fhocal scoir, tá an tréimhse ama a mhaireann seisiún i bhfad níos faide anois.
Déan teagmháil linn má tá aon aiseolas agat nó aon cheisteanna agat faoi na hathruithe sin.