ECO/657
Pacáiste an Fhómhair maidir le Seimeastar Eorpach 2025
TUAIRIM
An Rannóg um Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus um Chomhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta: Seimeastar Eorpach 2025 – Pacáiste an Fhómhair
[COM(2024) 700 final]
Rapóirtéir: Petru Sorin DANDEA
|
Comhairliúchán
|
An Coimisiún Eorpach, 20/1/2025
|
|
Bunús dlí
|
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
|
|
Doiciméad an Choimisiúin Eorpaigh
|
COM(2024) 700 final
|
|
An rannóg atá freagrach
|
Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta
|
|
Dáta a glactha sa rannóg
|
6/2/2025
|
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
60/0/2
|
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach
|
D/M/YYYY
|
|
Seisiún iomlánach Uimh.
|
…
|
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
…/…/…
|
1.MOLTAÍ
Seo seasamh Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE)
1.1Cuireann CESE in iúl gur cúis mhór áiféala dó agus nach dtuigeann sé cén fáth ar chinn an Coimisiún Eorpach, i gcomhthéacs suaite polaitiúil, sóisialta agus eacnamaíoch an domhain, gan an Suirbhé Bliantúil don Fhás Inbhuanaithe a fhoilsiú, ós é an príomhdhoiciméad maidir le pacáiste an Fhómhair é ina gcuirtear i láthair na treoshuíomhanna polaitiúla don tréimhse atá romhainn.
1.2Cuireann CESE in iúl go bhfuil sé den tuairim go bhféadfadh tionchar tromchúiseach a bheith ag na rioscaí geopholaitiúla tromchúiseacha atá ag dul i méid agus ag meath na n-institiúidí iltaobhacha ar gheilleagair, ar thrádáil, ar bhoilsciú agus ar fhás na hEorpa. Ba cheart do na hinstitiúidí Eorpacha a bheith ullamh chun déileáil le cásanna éigeandála.
1.3Is díol sásaimh do CESE na hiarrachtaí a rinne an Choimisiúin timthriall cur chun feidhme an chreata nua rialachais Eorpaigh a sheoladh agus molann sé don Choimisiún bailchríoch a chur ar an bpróiseas sin a luaithe is féidir. Sa chomhthéacs dúshlánach domhanda polaitiúil agus eacnamaíoch, creideann CESE nach mór do na Ballstáit bearta cobhsaíochta airgeadais a chomhcheangal go cliste leis na hathchóirithe agus leis na hinfheistíochtaí is gá chun a chinntiú go leanfaidh an tAontas den treocht dhearfach i ndáil leis an bhfás inbhuanaithe.
1.4Leagann CESE béim ar sheasamh na sochaí sibhialta, is é sin, cé go sonraítear i bPacáiste an Fhómhair a thábhachtaí atá rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí, meastar go bhfuil easpa sásraí nithiúla ann chun páirt leordhóthanach éifeachtach a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar an leibhéal náisiúnta.
1.5Aontaíonn CESE leis an togra ón gCoimisiún chun an compás iomaíochais a sheoladh go luath an bhliain seo chugainn, bunaithe ar na moltaí a rinneadh i dtuarascáil Enrico Letta, Much more than a market, agus i dtuarascáil Mario Draghi, The Future of European Competitiveness.
1.6Aontaíonn CESE le conclúid thuarascáil Draghi gurb é an príomhfhachtóir atá le difreálacha diúltacha táirgiúlachta agus iomaíochais i ndáil le geilleagar an Aontais i gcomparáid leis na Stáit Aontaithe agus leis an tSín ná an t-easnamh mór infheistíochta a carnadh le fiche bliain anuas. Feictear don Choiste go bhfuil géarghá le beartas láidir infheistíochta a chur chun cinn, lena ndíreofar ar na hearnálacha teicneolaíochta is forbartha, ar mhargadh fuinnimh Eorpach a chruthú lena laghdófar praghsanna fuinnimh go suntasach, agus ar aistrithe córa glasa agus digiteacha a chur chun feidhme, trí úsáid a bhaint as na huirlisí atá ar fáil mar gheall ar an neamhspleáchas straitéiseach a ghabhann le beartas tionsclaíoch Eorpach.
1.7Tá CESE den tuairim nach mór an infheistíocht sin a mhaoiniú le caipiteal poiblí agus príobháideach, le caipiteal náisiúnta agus le caipiteal Eorpach. Creideann an Coiste gur cheart Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha a bhunú, a bheadh dírithe ar thionscadail tosaíochta Eorpacha a mhaoiniú, agus gur cheart, leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) 2028-2034, líon na n-acmhainní a chuirtear i leataobh do thosaíochtaí infheistíochta a mhéadú ar bhealach suntasach. Ag an am céanna, ba cheart maoiniú infheistíochta príobháidí a éascú trí acmhainneacht iasachtaithe BEI a neartú agus tríd an gclár InvestEU a athnuachan, sin agus tríd an Aontas Baincéireachta agus Aontas na Margaí Caipitil a thabhairt chun críche gan tuilleadh moilleanna gan údar.
1.8Aithníonn CESE an méid a shonraítear sa togra ón gCoimisiún gur cheart moltaí tírshonracha a dhíriú ar chur chun feidhme níos fearr na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí a áirítear sa tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) agus in CAI, ós rud é go bhfuil an dá uirlis ag druidim chun deiridh, in 2026 agus 2027 faoi seach. Mar sin féin, i bhfianaise an ráta cur chun feidhme atá ann faoi láthair agus chineál claochlaitheach na n-athchóirithe is gá, tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí measúnú pragmatach chun éifeachtacht iomlán na hionstraime sin nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo a áirithiú, lena n-áirítear meastóireacht láithreach ar cé acu atá nó nach bhfuil an amlíne cur chun feidhme atá ann faoi láthair fós iomchuí chun na cuspóirí atá beartaithe a bhaint amach. Chuideodh sé sin leis na Ballstáit a ndéanann míchothromaíochtaí struchtúracha difear dóibh a mbeartais mhaicreacnamaíocha a athchothromú gan athchóirithe a chur i mbaol a thacódh le hiomaíochas méadaithe agus lena nginfí fás inbhuanaithe.
1.9Sa chomhthéacs deacair polaitiúil agus eacnamaíoch atá ag an Aontas, tá CESE den tuairim go bhfuil comhar níos fearr idir na Ballstáit ríthábhachtach chun na bacainní sin a shárú. Tacaíonn CESE leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh moladh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro, ina n-iarrfar ar na Ballstáit gníomhú ina n-aonar agus i dteannta a chéile chun feabhas a chur ar an iomaíochas agus chun táirgiúlacht a chothú.
1.10Maidir leis na hanailisí agus na torthaí atá ag an gCoimisiún sa Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht, measann CESE go bhfuil siad ceart agus oiriúnach chun iad a thiontú go cúramach ina moltaí tírshonracha. Iarrann CESE freisin ar na Ballstáit dlús a chur lena gcuid iarrachtaí féin chun na feabhsuithe is gá a bhaint amach maidir le margadh an tsaothair agus leanúint de phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme.
1.11Molann CESE don Choimisiún leanúint den chlár chun an t-ualach a chuirtear ar chuideachtaí Eorpacha mar gheall ar rialáil iomarcach a laghdú, rud a laghdaíonn cumas na gcuideachtaí sin dul san iomaíocht ar fud an domhain. Ba cheart don Choimisiún na bacainní rialála a dhéanann dochar d’iomaíocht, cumaisc agus éadálacha cuideachtaí Eorpacha a shainaithint agus deireadh a chur leo. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar ghnólachtaí a bhfuil stádas margaidh straitéiseach acu. Ag an am céanna, ba cheart rialacháin shimplí náisiúnta a chomhchuibhiú a mhéid is féidir, ós rud é go dtiocfaidh na comhchaighdeáin Eorpacha astu amach anseo. Measann CESE gur rialacha tábhachtacha agus riachtanacha iad na rialacha maidir le dea‑cháilíocht rialála, lena ráthaítear cearta tomhaltóirí agus cearta sóisialta agus comhshaoil.
1.12Tá CESE den tuairim gur cheart tús áite a thabhairt sna moltaí tírshonracha do bhealaí ina bhféadfaí dul i ngleic leis an bhfadhb thromchúiseach tithíochta, rud a chuireann cosc ar go leor saoránach, go háirithe daoine óga, leas a bhaint as ceart bunúsach agus an fhadhb chéanna ag éirí chun bheith ina bac ar shoghluaisteacht an lucht saothair, rud atá tábhachtach ó thaobh an iomaíochais de.
2.NÓTAÍ MÍNIÚCHÁIN
Argóintí a thacaíonn le moladh 1.2 agus moladh 1.3
2.1An fómhar seo, sheol an Coimisiún timthriall an tSeimeastair Eorpaigh faoin gcreat nua rialachais airgeadais. Mar gheall ar an staid chasta pholaitiúil agus eacnamaíoch ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal domhanda, d’ullmhaigh an Coimisiún dréachtmholadh ón gComhairle maidir leis na pleananna meántéarmacha le haghaidh 21 Bhallstát, dréachtmholadh ón gComhairle maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach le haghaidh 8 mBallstát agus tuairim maidir leis na dréachtphleananna buiséadacha le haghaidh 17 mBallstát. Tá an Coimisiún fós ag fanacht ar na pleananna meántéarmacha chun bailchríoch a chur ar na moltaí maidir le roinnt Ballstát, mar gheall ar chomhthéacsanna deacra polaitiúla ar an leibhéal náisiúnta.
2.2Creideann CESE, sa chomhthéacs geopholaitiúil atá ann faoi láthair, nach mór do na Ballstáit iarracht ar leith a dhéanamh ionas go bhfanfadh an tAontas a bheith ina ghníomhaí ábhartha. Ciallaíonn sé sin nach mór na bearta agus na hathchóirithe atá leagtha amach sna pleananna meántéarmacha a ailíniú le beartas infheistíochta a thacaíonn le fás eacnamaíoch inbhuanaithe.
2.3Is measa na cásanna cogaidh san Úcráin agus sa Mheánoirthear toisc go bhféadfadh uachtarán nua na Stát Aontaithe tús a chur le cogadh trádála agus bagairtí uaidh cheana féin maidir le hionghabháil chríochach roinnt stát, lena n-áirítear ballstát den Aontas Eorpach.
2.4Maidir leis na hinnéacsanna faireachais ar mhíchothromaíocht mhaicreacnamaíoch a úsáideann an Coimisiún, measann CESE go bhfuil siad as dáta. Molann sé próiseas leathan athbhreithnithe dhomhain a sheoladh go tapa, chun córas níos cothroime le dáta, níos oiriúnaithe agus níos éifeachtaí a fhorbairt lena bhféadfar measúnú níos cruinne a dhéanamh ar na feabhsuithe a dhéanann na Ballstáit ar a mbuiséid náisiúnta agus ar an gcaoi a gcuireann siad infheistíochtaí agus athchóirithe chun feidhme.
Argóintí a thacaíonn le moladh 1.4
2.5Eagraíonn CESE próiseas comhairliúcháin bliantúil leis na comhpháirtithe sóisialta agus leis an tsochaí shibhialta sna Ballstáit. Is minic a chuireann siad in iúl go mothaíonn siad nach bhfuil sa chomhairliúchán a dhéantar le hionadaithe na sochaí sibhialta maidir le cláir athchóirithe ach cleachtadh foirmiúil nach mór a dhéanamh agus nach bhfaightear mórán dua leis.
2.6Creideann CESE gur gá an próiseas comhairliúcháin a fheabhsú ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach araon. Ba cheart go gcuirfí tograí ón tsochaí shibhialta san áireamh i gcláir náisiúnta agus Eorpacha mar thoradh ar an gcomhairliúchán sin.
Argóintí a thacaíonn le moltaí 1.5, 1.6 agus 1.7
2.7Tá an Coiste ag tnúth le foilsiú an doiciméid straitéisigh ón gCoimisiún i ndáil le compás an iomaíochais.
2.8Chun leibhéal iomaíochais an Aontais ar an leibhéal domhanda a athchalabrú, ní mór don Choimisiún agus do na Ballstáit, thar aon ní eile, clár a chur chun feidhme d’fhonn praghsanna fuinnimh a laghdú. Ní foláir do chuideachtaí Eorpacha dul i ngleic le caillteanas suntasach iomaíochais faoi láthair mar gheall ar an bpraghas an-ard atá ar an bhfuinneamh, agus é dhá oiread níos airde san Aontas ná mar atá sé sna Stáit Aontaithe. Creideann CESE nach mór don Aontas leanúint d’acmhainneachtaí táirgthe fuinnimh in-athnuaite a fhorbairt i gcomhthráth le hinfheistíocht chomhsheasmhach a dhéanamh i ngréasáin iompair agus i gcórais idirnaisc. Sa mheántéarma agus san fhadtéarma, is é an toradh a bheadh air sin tomhaltas éifeachtúil fuinnimh san áit a bhfuil gá leis, rud a chuirfeadh deireadh le caillteanais mar gheall ar chineál eadrannach an táirgthe fuinnimh in-athnuaite agus mar gheall ar shaoráidí stórála teoranta. Sa ghearrthéarma, is gá bearta a thabhairt isteach a mbeidh éifeacht láithreach acu chun an bhearna a dhúnadh idir na costais fuinnimh atá ar ghnólachtaí an Aontais i gcomparáid lena n‑iomaitheoirí idirnáisiúnta, agus tús áite á thabhairt do thionscail dianfhuinnimh. D’fhéadfaí a áireamh ar na bearta sin:
·forálacha ábhartha an Chreata Shealadaigh Géarchéime agus Aistrithe a fhadú agus a fheabhsú;
·sásra tacaíochta spriocdhírithe a chur chun feidhme chun an riosca a bhaint go héifeachtúil de chomhaontuithe ceannaigh cumhachta le haghaidh foinsí in-athnuaite fuinnimh. D’fhéadfaí a áireamh leis sin ráthaíochtaí stáit i gcoinne riosca mainneachtana ceannaitheora, maolú costas le haghaidh earnálacha dianfhuinnimh agus cearta idirnaisc fadtéarmacha.
2.9I bhfianaise na hilroinnte geopholaitiúla agus an teannais sa chóras trádála domhanda, measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfadh an tAontas athbhreithniú ar an gComhaontú Glas agus go ndéanfaí é a chomhlánú le Comhaontú Tionsclaíoch. Le Comhaontú Tionsclaíoch, ba cheart cur i gcrích an Aontais Fuinnimh agus ationsclú an Aontais a chur chun cinn. Ba cheart forbairt thionscal na n-amhábhar straitéiseach agus thionscal na cosanta a áireamh sa Chomhaontú Tionsclaíoch freisin.
2.10Réimse eile ar cheart aghaidh a thabhairt air leis an gcompás iomaíochais is ea an digitiú. Agus 80 % de na táirgí digiteacha á n-allmhairiú againn, tá an tAontas i bhfad chun deiridh ar na Stáit Aontaithe agus ar an tSín sa réimse sin. Dá bhrí sin, creideann CESE gur cheart don Aontas breith suas leis an iomaíocht sin trí thionscadail mhóra a fhorbairt, agus seans go bhféadfaí é sin a dhéanamh i gcomhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí. Is beart maith é an tacaíocht a thugtar do ghnólachtaí nuathionscanta digiteacha ach ní leor í.
2.11 Measann CESE freisin go bhfuil sé tábhachtach feabhas a chur ar an rochtain atá ag cuideachtaí ar chaipiteal. Ní mór Aontas Caipitil na hEorpa a thabhairt chun críche mar thosaíocht.
Argóintí a thacaíonn le moladh 1.8
2.12Creideann CESE go ndéanann pacáiste an Fhómhair difear do na Ballstáit éagsúla ar bhealaí éagsúla, ag brath ar na dálaí eacnamaíocha iontu, ar a spleáchais fuinnimh agus ar na creataí sóisialta atá acu. I gcás roinnt tíortha, d’fhéadfadh an pacáiste tacaíocht a bhfuil géarghá léi a chur ar fáil don fhorbairt inbhuanaithe agus don aistriú glas. Mar sin féin, d’fhéadfadh dúshláin a bheith roimh thíortha eile i ngeall ar na himpleachtaí airgeadais nó ar an ngá atá le dul in oiriúint go tapa do thimpeallachtaí rialála nua. Ina theannta sin, d’fhéadfadh an pacáiste cur leis na neamhionannais atá ann cheana i measc na mBallstát, ós rud é go bhféadfadh deacrachtaí a bheith acu siúd a bhfuil níos lú acmhainní acu na hathruithe atá beartaithe a chur chun feidhme ar bhealach éifeachtach.
2.13Tugann CESE dá aire, agus is cúis imní dó é, go bhfuil cur chun feidhme na moltaí tírshonracha ag dul i laghad. Cé go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ag roinnt tíortha maidir le bearta na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta a chur chun feidhme, tá dúshláin maidir le cur chun feidhme roimh thíortha eile mar gheall ar shrianta ar an acmhainneacht riaracháin nó mar gheall ar chastacht na n-athchóirithe is gá. Tugann CESE dá aire go dtugann glacadh measartha íseal chomhpháirt iasachta na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta (EUR 108 69 mbilliún as EUR 291 bhilliún) le fios gur gá athmheasúnú a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir leis an ionstraim sin freastal níos fearr ar an gcuspóir atá beartaithe di. Tugann CESE dá aire, agus is cúis imní dó é, nár baineadh amach ach 28 % de gharspriocanna na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta go luath in 2025, agus gur ionsúdh EUR 197 46 bhilliún as EUR 359 mbilliún i ndeontais. Cé go bhfuil sé ríthábhachtach móiminteam an athchóirithe a choinneáil ar bun, cuireann CESE i bhfios go láidir gur cheart díriú ar chur chun feidhme ardcháilíochta agus tionchar marthanach a áirithiú.
Argóintí a thacaíonn le moladh 1.9
2.14Mar a léirítear i dtuarascáil Draghi, sheas an tAontas leis an daonlathas, le cearta bunúsacha, leis an rathúnas agus leis an ngeilleagar sóisialta margaidh. Dá mba rud é go gcaillfeadh an tAontas an chumhacht atá aige chun seasamh leis na prionsabail sin, cén raison d’être a bheadh leis. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit tacú le hathbheochan an tionscadail Eorpaigh trí bhearta leasa ghinearálta don Aontas a chur chun cinn, agus deireadh a chur leis na bacainní atá á gcur ar bhearta den sórt sin ar mhaithe le leasanna sonracha. Sa chomhthéacs polaitiúil domhanda atá thar a bheith casta, is chun leasa gach Ballstáit é Aontas láidir a bheith ann.
Argóintí a thacaíonn le Moladh 1.10
2.15Mar gheall ar an staid dhéimeagrafach, tá meath ag teacht ar an lucht saothair atá ar fáil san Aontas. Tá go leor cuideachtaí ag dul i ngleic le ganntanas pearsanra oilte. Sa chomhthéacs deacair sin, creideann CESE gur cheart, sa chéad chlárthréimhse eile, na hacmhainní a leithdháiltear ar chlár CSE+ a dhíriú ar scileanna a fhorbairt.
2.16Creideann CESE gur gá curaclaim oideachais agus oiliúna a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an aistriú glas agus an aistriú digiteach. Trí pháirt a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta ar leibhéal na hearnála agus ar an leibhéal náisiúnta, is fearr is féidir iad a cheapadh chun freastal ar riachtanais cuideachtaí.
Argóintí a thacaíonn le moladh 1.11
2.17Creideann CESE nach mór don Aontas tús áite a thabhairt don ualach rialála atá ar chuideachtaí Eorpacha agus nach bhfuil gá leis a laghdú. Tá an t-ualach rialála ar cheann de na bacainní is mó atá roimh chuideachtaí Eorpacha. I bhfianaise chur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, measann CESE go bhfuil an rialáil shóisialta agus saothair tábhachtach agus riachtanach.
2.18Agus an compás iomaíochais á fhorbairt aige, ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar dheireadh a chur leis na bacainní rialála lena gcuirtear bac ar chuideachtaí Eorpacha dul san iomaíocht ar fud an domhain. Ba cheart dó athbhreithniú a dhéanamh freisin ar rialacháin chumaisc agus éadála, ós rud é nach bhfuil ach 10 gcuideachta de na 100 cuideachta is fearr ar domhan ina gcuideachtaí Eorpacha.
Argóintí a thacaíonn le moladh 1.12
2.19Meastar go bhfuil fadhb na tithíochta agus an t-ardú dosháraithe ar phraghsanna tithíochta, a mhéid a bhaineann le praghsanna cíosa agus úinéireachta araon, ar cheann de na príomhábhair imní don daonra i bhformhór na mBallstát. Níl an soláthar leordhóthanach agus é creimthe anois mar gheall ar phróisis amhantracha agus mar gheall ar an méadú ollmhór a tháinig ar líon na réadmhaoine a ligtear ar cíos mar chóiríocht do thurasóirí, ar earnáil í sin nach bhfuil rialaithe go maith.
An Bhruiséil, 6 Feabhra 2025
Cathaoirleach na Rannóige um Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus um Chomhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta
Ioannis VARDAKASTANIS
_____________