This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62021CA0159
Case C-159/21: Judgment of the Court (First Chamber) of 22 September 2022 (request for a preliminary ruling from the Fővárosi Törvényszék — Hungary) — GM v Országos Idegenrendézeti Főigazgatóság, Alkotmányvédelmi Hivatal, Terrorelhárítási Központ (Reference for a preliminary ruling — Common asylum and immigration policy — Directive 2011/95/EU — Standards for granting refugee status or subsidiary protection status — Withdrawal of the status — Directive 2013/32/EU — Common procedures for granting and withdrawing international protection — Danger to national security — Position taken by a specialist authority — Access to the file)
Cás C-159/21: Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlísheomra) an 22 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék – an Ungáir) – GM v Országos Idegenrendészeti Főigazgatóság, Alkotmányvédelmi Hivatal, Terrorelhárítási Központ (Tarchur chun réamhrialú – Comhbheartas maidir le tearmann agus le hinimirce – Treoir 2011/95/AE – Caighdeáin a bhaineann leis na coinníollacha maidir le stádas dídeanaí nó stádas cosanta coimhdí a dheonú – Stádas a tharraingt siar – Treoir 2013/32/AE – Nósanna imeachta coiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar – Baol don tslándáil náisiúnta – Seasamh ó údarás speisialaithe – Rochtain ar an gcomhad)
Cás C-159/21: Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlísheomra) an 22 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék – an Ungáir) – GM v Országos Idegenrendészeti Főigazgatóság, Alkotmányvédelmi Hivatal, Terrorelhárítási Központ (Tarchur chun réamhrialú – Comhbheartas maidir le tearmann agus le hinimirce – Treoir 2011/95/AE – Caighdeáin a bhaineann leis na coinníollacha maidir le stádas dídeanaí nó stádas cosanta coimhdí a dheonú – Stádas a tharraingt siar – Treoir 2013/32/AE – Nósanna imeachta coiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar – Baol don tslándáil náisiúnta – Seasamh ó údarás speisialaithe – Rochtain ar an gcomhad)
IO C 424, 7.11.2022, p. 10–11
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
7.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 424/10 |
Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlísheomra) an 22 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék – an Ungáir) – GM v Országos Idegenrendészeti Főigazgatóság, Alkotmányvédelmi Hivatal, Terrorelhárítási Központ
(Cás C-159/21) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Comhbheartas maidir le tearmann agus le hinimirce - Treoir 2011/95/AE - Caighdeáin a bhaineann leis na coinníollacha maidir le stádas dídeanaí nó stádas cosanta coimhdí a dheonú - Stádas a tharraingt siar - Treoir 2013/32/AE - Nósanna imeachta coiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar - Baol don tslándáil náisiúnta - Seasamh ó údarás speisialaithe - Rochtain ar an gcomhad)
(2022/C 424/10)
Teanga an cháis: an Ungáiris
An chúirt a rinne an tarchur
Fővárosi Törvényszék
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: GM
Cosantóir: Országos Idegenrendészeti Főigazgatóság, Alkotmányvédelmi Hivatal, Terrorelhárítási Központ
An chuid oibríochtúil
1) |
Maidir le hAirteagal 23(1) de Threoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le nósanna imeachta coiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 45(4) den Treoir sin agus i bhfianaise phrionsabal ginearálta dhlí an Aontais a bhaineann leis an gceart chun dea-riaracháin agus i bhfianaise Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh; ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: cuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear, i gcás ina bhfuil cinneadh lena ndiúltaítear d’iarratas ar chosaint idirnáisiúnta nó lena dtarraingítear siar cosaint den sórt sin bunaithe ar fhaisnéis a chuirfeadh slándáil náisiúnta an Bhallstáit i gceist i mbaol dá nochtfaí í, nach féidir leis an duine lena mbaineann nó comhairleoir an duine sin rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin ach amháin tar éis údarú a fháil chun na críche sin, nach soláthraítear fiú substaint na bhforas ar a bhfuil na cinntí sin bunaithe agus nach féidir leo, in aon chás, an fhaisnéis a bhféadfadh rochtain a bheith acu uirthi a úsáid chun críocha nósanna imeachta riaracháin nó imeachtaí breithiúnacha. |
2) |
Maidir le hAirteagal 4(1) agus (2), le hAirteagal 10(2) agus (3), le hAirteagal 11(2) agus le hAirteagal 45(3) de Threoir 2013/32, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 14(4)(a) agus Airteagal 17(1)(d) de Threoir 2011/95/AE an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca le cáiliú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, ar mhaithe le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosanta coimhdí, agus inneachar na cosanta a thugtar, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: cuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta faoina gceanglaítear go córasach ar an údarás cinntitheach, i gcás inar chinn comhlachtaí ar cuireadh sainfheidhmeanna atá nasctha le slándáil náisiúnta de chúram orthu, trí thuairim neamhréasúnach, gur bagairt an duine don tslándáil sin, diúltú cosaint choimhdeach a dheonú don duine sin, nó cosaint idirnáisiúnta a tugadh don duine sin roimhe sin a tharraingt siar, ar bhonn na tuairime sin. |
3) |
Maidir le hAirteagal 17(1)(b) de Threoir 2011/95 ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: ní chuirtear cosc leis le hiarratasóir a bheith eisiata ó bheith incháilithe do chosaint choimhdeach, de bhun na forála sin, ar bhonn ciontú coiriúil a bhí ar eolas cheana féin do na húdaráis inniúla nuair a dheonaigh siad don iarratasóir sin, ag deireadh nós imeachta roimhe sin, stádas dídeanaí a tarraingíodh siar ansin. |