Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32016D0839

    Comhaontú comhlachais leis an Moldóiv

    Comhaontú comhlachais leis an Moldóiv

     

    ACHOIMRE AR:

    Comhaontú Comhlachais idir AE, an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (Euratom) agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile

    Cinneadh 2014/492/AE — síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhlachais idir AE, Euratom agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile

    Cinneadh 2014/493/Euratom lena bhformheastar go dtabharfaidh an Coimisiún Eorpach, thar ceann Euratom, an Comhaontú Comhlachais idir AE, Euratom agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile

    Cinneadh (AE) 2016/839 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhlachais, thar ceann an Aontais, idir AE, Euratom agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile

    CAD IS AIDHM LEIS AN GCOMHAONTÚ AGUS LEIS NA CINNTÍ?

    Is iad seo a leanas na haidhmeanna leis an gcomhaontú:

    • comhlachas polaitiúil agus idirphlé polaitiúil a chur chun cinn, mar aon le comhtháthú eacnamaíoch, lena n-áirítear trí rannpháirtíocht na Moldóive i mbeartais, cláir agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh (AE) a mhéadú;
    • síocháin agus cobhsaíocht ar an leibhéal réigiúnach agus idirnáisiúnta a chur chun cinn, a chaomhnú agus a neartú;
    • comhar i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais a chur chun cinn agus a neartú, i agus é mar aidhm leis an smacht reachta agus urraim do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha a threisiú;
    • rannchuidiú leis an daonlathas agus leis an smacht reachta a neartú agus le cobhsaíocht pholaitiúil, eacnamaíoch agus institiúideach sa Mholdóiv;
    • tacú le hiarrachtaí na Moldóive a hacmhainn eacnamaíoch a fhorbairt trí chomhar idirnáisiúnta, lena n–áirítear trína dlíthe a ailíniú go dlúth le dlíthe AE;
    • comhtháthú eacnamaíoch na Moldóive de réir a chéile i margadh inmheánach AE a bhaint amach, go sonrach trí limistéar domhain cuimsitheach saorthrádála a bhunú.

    Le Cinneadh 2014/492/CE údaraítear síniú agus cur i bhfeidhm sealadach an chomhaontaithe ag AE.

    Le Cinneadh 2014/493/Euratom agus Cinneadh (AE) 2016/839, cuirtear tús leis an gcomhaontú comhlachais leis an Moldóiv ag AE, ag an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (Euratom) agus ag Ballstáit an AE.

    PRÍOMHPHOINTÍ

    Tá 465 alt sa chomhaontú chomh maith le hiarscríbhinní agus prótacail bhreise. Cumhdaítear ann na réimsí seo a leanas:

    Prionsabail ghinearálta (Teideal I), go sonrach:

    • cearta daonlathacha, cearta an duine agus saoirsí bunúsacha;
    • geilleagar margaidh, forbairt inbhuanaithe agus iltaobhachas éifeachtach;
    • an smacht reachta, dea–rialachas, comhar agus dea-chaidreamh comharsanachta.

    Idirphlé polaitiúil, athchóiriú intíre agus comhar um beartais eachtracha agus slándála (Teideal II), go sonrach:

    • institiúidí polaitiúla cobhsaí agus éifeachtacha a fhorbairt;
    • ailíniú beartas eachtrach agus slándála de réir a chéile;
    • tiomantas do choinbhleachtaí a chosc, do chobhsaíocht réigiúnach, don chomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus do bhearta i gcoinne airm ollscriosta.

    Saoirse, slándáil agus ceartas (Teideal III), go sonrach:

    Comhar eacnamaíoch agus comhar earnála eile (Teideal IV), go sonrach:

    Trádáil agus cúrsaí a bhaineann le trádáil (Teideal V), go sonrach:

    • Cóireáil náisiúnta agus rochtain ar an margadh le haghaidh earraí, lena n-áirítear:
      • limistéar domhain cuimsitheach saorthrádála a chur ar bun idir na páirtithe agus fáil réidh le dleachtanna custaim ar earraí a thionscnaíonn ón bpáirtí eile, le heisceachtaí áirithe (arna leagan amach sna hiarscríbhinní),
      • ailíniú de réir a chéile le reachtaíocht AE sna réimsí maidir le bacainní teicniúla ar thrádáil, cúrsaí sláintíochta agus fíteashláintíochta, custam agus éascú trádala, seirbhísí agus soláthar poiblí,
      • ailíniú le cleachtais AE agus cleachtais idirnáisiúnta eile sna réimsí maidir le cearta maoine intleachtúla, iomaíocht agus fuinneamh, agus le caighdeáin idirnáisiúnta i réimse an chomhshaoil agus i réimse an tsaothair (trádáil agus forbairt inbhuanaithe);

    Maidir le cearta maoine intleachtúla, rinneadh an comhaontú a síníodh in 2012 idir AE agus an Mholdóiv maidir le tásca geografacha faoi chosaint a chomhtháthú sa chomhaontú comhlachais. Is é ceann de na tosaíochtaí sa chomhaontú comhlachais a áirithiú go bhforfheidhmeofar reachtaíocht na Moldóive sa réimse seo ar bhealach éifeachtach agus go gcuirfear oiliúint dhóthanach ar fáil d’oifigigh na rialtas ábhartha agus do bhaill na breithiúnachta. I gcomhthéacs na Comhairle Comhlachais (féach thíos), tagann an tAontas agus an Mholdóiv le chéile go rialta chun saincheisteanna agus dea-chleachtais sa réimse sin a phlé.

    Cúnamh airgeadais agus bearta frith–chalaoise agus rialaithe (Teideal VIO, go sonrach:

    • airgead don Mholdóiv ó AE, ón mBanc Eorpach Infheistíochta, ón Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha agus ó institiúidí airgeadais eile;
    • creataí ilbhliantúla agus cláir bhliantúla gníomhaíochta le haghaidh réimsí tosaíochta caiteachais;
    • malartú faisnéise agus comhar oibriúcháin;
    • bearta chun calaois, éilliú agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chosc agus a chomhrac.

    Forálacha institiúideacha, ginearálta agus deiridh (Teideal VII), go sonrach:

    Déantar cur síos mion sna hiarscríbhinní teicniúla ar an dóigh a gcuirfear na tiomantais éagsúla sa chomhaontú chun feidhme. Rinneadh roinnt gnéithe, amhail na cinn ina gclúdaítear tásca geografacha, trádáil agus gnéithe sláinteachais/fíteashláintíochta, a leasú beagáinín ó 2016.

    Bearta sealadacha maidir le léirscaoileadh trádála

    • Tá tionchar tromchúiseach á imirt ag fogha míleata gan chúis gan údar a thug an Rúis faoin Úcráin ó mhí Feabhra 2022 ar chumas na Moldóive trádáil a dhéanamh leis an gcuid eile den domhan, mar gheall ar a spleáchas ar idirthuras trí chríoch na hÚcráine agus ar bhonneagar na hÚcráine.
    • Sa chomhthéacs deacair sin, tacaíonn an tAontas leis an Moldóiv tríd an méid léirscaoilte margaidh dá bhforáiltear sa chomhaontú comhlachais a mhéadú, go háirithe i gcás táirgí talmhaíochta áirithe.
    • Le Rialachán (AE) 2023/1524 tugtar isteach bearta sealadacha léirscaoilte trádála trí allmhairiú na dtáirgí uile ón Moldóiv a léirscaoileadh go hiomlán, in ionad gnímh dhlíthiúil a rinneadh roimhe sin, Rialachán (AE) 2022/1279, a raibh feidhm aige ar feadh tréimhse bliana amháin suas go dtí an 23 Iúil 2023.
    • Leis na bearta nua, a bhfuil feidhm acu go dtí an 24 Iúil 2024, baintear na cuótaí rátaí taraife do sheacht dtáirge talmhaíochta nach bhfuil onnmhairí ón Moldóiv isteach san Aontas eorpach léirscaoilte go hiomlán fós faoin gcomhaontú comhlachais: plumaí, fíonchaora boird, úlla, trátaí, gairleog, silíní agus sú fíonchaor. Le rialachán 2023, cuirtear deireadh freisin leis an gcóras praghsanna iontrála do tháirgí talmhaíochta áirithe agus, ar an gcaoi sin, déantar allmhairiú na dtáirgí sin go léir chuig an Aontas a léirscaoileadh go hiomlán.
    • Déanann an Coimisiún Eorpach dlúthfhaireachán ar thionchar Rialachán (AE) 2023/1524 agus tugtar an chumhacht dó gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na bearta léirscaoilte trádála a chur ar fionraí go sealadach i gcás ina ndéanann na hallmhairí dochar do nó táirgí tháirgeoirí AE “táirgí comhchosúla” nó “táirgí” atá in iomaíocht dhíreach leo. Cabhróidh an Coiste um Choimircí, a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 2015/478 maidir le rialacha comhchoiteanna d’allmhairí chuig an Aontas (féach achoimre), leis an gCoimisiún ina leith sin.

    DÁTA TEACHT I BHFEIDHM

    • Comhaontú measctha* a cheangal go ndaingneoidh an Pharlaimint agus gach Ballstát é.
    • Tháinig an comhaontú i bhfeidhm ar 1 Iúil 2016.

    CÚLRA

    Is é an tAontas Eorpach an comhpháirtí trádála is mó agus an infheisteoir is mó atá ag an Moldóiv. In 2021, bhain 61% dá honnmhairí iomlána na Moldóive agus 49% dá trádáil iomlán leis.

    Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

    PRÍOMHTHÉARMAÍ

    Comhaontú measctha. Más rud é nach dtagann ábhar comhaontaithe faoi inniúlacht eisiach AE (anseo, baineann an comhaontú le Euratom chomh maith), ní mór do na Ballstáit an comhaontú a shíniú freisin. Tugtar comhaontuithe measctha ar na comhaontuithe sin. Ciallaíonn sé sin, chomh maith le AE féin, go ndéantar páirtithe conarthacha de na Ballstáit i leith na bpáirtithe conarthacha neamh–AE. D’fhéadfadh comhaontuithe measctha a cheangal freisin go nglacfar gníomh inmheánach de chuid an Aontais chun na hoibleagáidí idir na Ballstáit agus an tAontas a chomhroinnt.

    PRÍOMHDHOICIMÉID

    Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile (IO L 260, 30.8.2014, lgh. 4–738).

    Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar an gcomhaontú comhlachais a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

    Cinneadh (AE) 2014/492/AE ón gComhairle an 16 Meitheamh 2014 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na Moldóive, de pháirt eile (IO L 260, 30.8.2014, lgh. 1–3).

    Cinneadh 2014/493/Euratom ón gComhairle an 16 Meitheamh 2014 lena bhfaomhtar tabhairt i gcrích, ag an gCoimisiún Eorpach, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhacha, an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile (IO L 260, 30.8.2014, lgh. 739–740).

    Cinneadh (AE) 2016/839 ón gComhairle an 23 Bealtaine 2016 maidir le tabhairt i gcrích thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Chuimsithigh agus Fheabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile (IO L 141, 28.5.2016, lgh. 28–29).

    DOICIMÉID GHAOLMHARA

    Rialachán (AE) 2023/1524 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Iúil 2023 maidir le bearta léirscaoilte trádála sealadacha lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí ó Phoblacht na Moldóive faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile (IO L 185, 24.7.2023, lgh. 1–6).

    Moladh Uimh. 1/2017 ón gComhairle Comhlachais idir AE agus Poblacht na Moldóive an 4 Lúnasa 2017 maidir leis an gClár Oibre Comhlachais idir AE agus Poblacht na Moldóive (IO L 215, 19.8.2017, lgh. 3–46).

    Leagan comhdhlúite den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (IO C 203, 7.6.2016, lgh. 1–112).

    Féach an leagan comhdhlúite.

    Faisnéis maidir le cur i teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Mholdóiv, den pháirt eile (IO L 161, 18.6.2016, lch. 1).

    Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí (códú) (IO L 83, 27.3.2015, lgh. 16–33).

    Fógra maidir le cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Mholdóiv, den pháirt eile (IO L 259, 30.8.2014, lch. 1).

    Nuashonraithe 28.08.2023

    Barr