EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhairle an Aontais Eorpaigh

Tá Comhairle an Aontais Eorpaigh (“An Chomhairle”) ar cheann de phríomhinstitiúidí cinnteoireachta an Aontais Eorpaigh. Freastalaíonn airí ó 27 Ballstát AE ar a cuid cruinnithe. Tá feidhmeanna déanta beartas agus comhordúcháin aici.

Tá suíochán na Comhairle sa Bhruiséil, ach, i gcomhréir le Prótacal Uimh. 6 a ghabhann leis na Conarthaí agus lena Rialacha Nós Imeachta, tionóltar a cuid cruinnithe i Lucsamburg i mí Aibreán, i mí an Mheithimh agus i mí Dheireadh Fómhair. Tionólann an uachtaránacht leathbhliantúil seisiúin na Comhairle (seachas an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha) agus déanann sí cathaoirleacht orthu.

Tagann an Chomhairle le chéile in 10 leagan amach, ina dtugtar le chéile na hairí ábhartha ó na Ballstáit:

  • Gnóthaí Ginearálta;
  • Gnóthaí Eachtracha;
  • Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais;
  • Gnóthaí Dlí agus Cirt agus Gnóthaí Baile;
  • Gnóthaí Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Tomhaltóirí;
  • Iomaíochas (Margadh inmheánach, Tionscal, Taighde agus Spás);
  • Iompar, Teileachumarsáid agus Fuinneamh;
  • Talmhaíocht agus an tIascach;
  • Comhshaol;
  • Oideachas, Óige, Cultúr agus Spórt.

Ullmhaíonn an “Chomhairle Gnóthaí Ginearálta” cruinnithe na Comhairle Eorpaí agus déanann sí obair leantach ina leith, mar aon le hUachtarán na Comhairle Eorpaí agus leis an gCoimisiún (Airteagal 16(6) an chéad mhír den Chonradh ar an Aontas Eorpach). Tá sí freagrach as comhordú foriomlán na mbeartas, ceisteanna institiúideacha agus riaracháin agus réimsí a bhaineann le níos mó ná beartas AE amháin, amhail an creat airgeadais ilbhliantúil agus méadú. Áirithíonn sí chomh maith comhsheasmhacht agus leanúnachas in obair leaganacha amach éagsúla na Comhairle.

Ullmhaíonn Coiste Bhuanionadaithe Rialtais na mBallstát (Coreper) obair na Comhairle. Chun cuidiú le hobair na Comhairle a ullmhú, féadfaidh Coreper meithleacha nó coistí a chur ar bun.

Tá Coreper roinnte ina 2 chuid:

  • Déileálann Coreper II, ina bhfuil buanionadaithe de chuid rialtais na mBallstát, le míreanna a bhaineann le leaganacha amach Gnóthaí Ginearálta, Gnóthaí Eachtracha, Gnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadais, agus Gnóthaí Ceartais agus Baile den Chomhairle;
  • Ullmhaíonn Coreper I, ina bhfuil na leas–bhuanionadaithe, gach leagan amach eile den Chomhairle.

Déanann an Chomhairle, mar aon le Parlaimint na hEorpa, feidhmeanna reachtacha agus buiséadacha. Is í an phríomhinstitiúid chomh maith le haghaidh cinnteoireachta maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála (CBES). Comhordaíonn na Ballstáit a mbeartais eacnamaíocha laistigh den Chomhairle.

I gcuid mhaith cásanna, glactar cinntí na Comhairle, bunaithe ar thograí ón gCoimisiún, i gcomhar le Parlaimint na hEorpa faoin ngnáth–nós imeachta reachtach. Ag brath ar an ábhar, déanann an Chomhairle cinntí trí thromlach simplí, trí thromlach cáilithe nó le haontoilíocht. Is é an tromlach cáilithe an riail vótála trí réamhshocrú.

De réir na gConarthaí, ní hí an Chomhairle a ghlacann roinnt cinntí agus glactar iad trí chomhaontú ó rialtais na mBallstát, mar shampla, ceapacháin na mBreithiúna agus na nAbhcóidí Ginearálta i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, nó socrú suíochán na n–institiúidí nó na ngníomhaireachtaí a shocrú. Glactar na cinntí sin go minic ar leataobh chruinnithe na Comhairle nó Coreper. Ní gníomhartha AE iad agus dá réir sin ní féidir iad a cheistiú os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

FÉACH FREISIN

Top