This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Sonraítear in Airteagal 194 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) gur freagracht roinnte é an fuinneamh idir Ballstáit AE agus AE. Coimeádann gach Ballstát AE an ceart chun cinneadh a dhéanamh faoi na coinníollacha a bhaineann le leas a bhaint as a acmhainní fuinnimh féin, a rogha féin a dhéanamh idir foinsí fuinnimh éagsúla agus cinneadh a dhéanamh faoi struchtúr ginearálta a sholáthair fuinnimh, áfach.
Is iad seo a leanas príomhaidhmeanna pholasaí fuinnimh an Aontais Eorpaigh:
I Nollaig 2019, chuir an Coimisiún Eorpach an “Comhaontú Glas don Eoraip” — treochlár uaidh a bhfuil sé mar aidhm leis an chéad mhór–roinn aeráidneodrach a dhéanamh den Eoraip faoin mbliain 2050 — i láthair. Féachtar leis an treochlár le hinbhuanaitheacht agus iomaíochas na hEorpa a spreagadh agus lena áirithiú go mbeidh an t–aistriú cothrom agus ionchuimsitheach.
I measc na ngealltanas a rinne AE tá astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, mar chuid de laghduithe riachtanacha ó gach tír fhorbartha mar ghrúpa. Déantar iniúchadh sa “ Treochlár Fuinnimh 2050 ” ón gCoimisiún ar na dúshláin a bhaineann le sprioc dícharbónaithe AE a bhaint amach chomh maith le slándáil an tsoláthair fuinnimh agus iomaíochas a áirithiú.
FÉACH FREISIN