Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Sláinte phoiblí

Faoi Airteagal 168 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, is inniúlacht í an tsláinte phoiblí a roinntear idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit. Agus a seirbhísí sláinte náisiúnta féin agus a gcúram leighis féin á sainiú agus á soláthar ag Ballstáit AE, féachann an tAontas Eorpach le cur le beartais náisiúnta trína straitéis sláinte chun:

  • breoiteacht/galar a chosc trí stíleanna maireachtála níos sláintiúla a chur chun cinn;
  • rochtain ar chúram sláinte níos fearr agus níos sábháilte a éascú;
  • cur le córais sláinte nuálacha, éifeachtacha agus inbhuanaithe;
  • déileáil le bagairtí trasteorann;
  • daoine a choinneáil sláintiúil ar feadh an tsaoil;
  • leas a bhaint as teicneolaíochtaí agus as cleachtais nua.

Le Rialachán (AE) 2021/522 bunaítear Clár EU4Health don tréimhse 2021-2027. Agus buiséad os cionn EUR 5 bhilliún leis, féachtar leis an gclár an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • ullmhacht AE le haghaidh mórbhagairtí sláinte trasteorann a neartú tríd an méid seo a leanas a chruthú
    • cúltaiscí soláthairtí leighis le haghaidh géarchéimeanna
    • cúltaisce ball foirne agus saineolaithe cúraim sláinte ar féidir iad a shlógadh chun freagairt ar ghéarchéimeanna ar fud AE agus
    • faireachas méadaithe ar bhagairtí sláinte;
  • córais sláinte a neartú ionas gur féidir leo aghaidh a thabhairt ar eipidéimí chomh maith le dúshláin fhadtéarmacha trí thacaíocht a thabhairt dóibh seo a leanas
    • cosc galar agus cur chun cinn na sláinte i ndaonra atá ag dul in aois
    • aistriú digiteach na gcóras sláinte agus
    • rochtain ar chúram sláinte do ghrúpaí leochaileacha;
  • cógais agus feistí leighis inacmhainne a chur ar fáil, tacú le húsáid stuama agus éifeachtach ábhar frithmhiocróbach agus nuálaíocht leighis agus chógaisíochta agus déantúsaíocht níos glaise a chur chun cinn.

FÉACH FREISIN

Top