Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Beartas seirbhísí airgeadais agus cobhsaíocht airgeadais

Clúdaítear gnéithe éagsúla i mbeartas seirbhísí airgeadais AE agus iad chomh fairsing leis an méid seo a leanas:

  • margadh caipitil níos comhtháite agus córas airgeadais níos éagsúlaithe (aontas na margaí caipitil) a chruthú san Aontas Eorpach;
  • maoirseacht lárnach ar bhainc mhóra a dhéanann an Banc Ceannais Eorpach sa limistéar euro a rialú, mar aon le réiteach ordúil na mbanc anásta (aontas baincéireachta);
  • sásraí maoirseachta agus ceanglais stuamachta, rialachais agus trédhearcachta a chur ar bun do na bainc, cosaint a fheabhsú do thaisceoirí agus teipeanna banc a rialú;
  • rialacha a chur ar bun lena rialófar feidhmiú an bhonneagair mhargaidh (e.g. ionaid trádála, tithe imréitigh láir);
  • feabhas a chur ar mhargadh aonair AE le haghaidh seirbhísí agus airgeadais miondíola agus íocaíochtaí, agus é a chur ag oibriú níos fearr do thomhaltóirí agus d’infheisteoirí;
  • rialacha a fhorbairt chun éascaíocht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí cuideachtaí árachais agus cistí pinsean ar fud an Aontais Eorpaigh, a áirithiú go ndéanfaidh siad rioscaí a bhainistiú agus gur féidir leo teacht slán i dtréimhsí deacra, agus sealbhóirí polasaí a chosaint;
  • rialachas na n–ionstraimí airgeadais, trádáil in urrúis agus cistí infheistíochta agus rialacha lena ndéantar seirbhísí iarthrádála níos sábháilte agus níos éifeachtaí a neartú;
  • rialacha a bhunú chun cáilíocht cleachtas iniúchóireachta agus tuairiscithe cuideachtaí a neartú;
  • rialacha a bhunú chun borradh a chur faoi ról an mhaoinithe maidir le geilleagar níos glaise agus níos inbhuanaithe (maoiniú inbhuanaithe) a bhaint amach;
  • feabhas a chur ar éifeachtúlacht an chórais airgeadais trí úsáid teicneolaíochtaí airgeadais úra (fintech) a chorprú;
  • sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac.

Is é is cuspóir le beartas seirbhísí airgeadais AE margaí airgeadais cobhsaí, slána agus éifeachtacha a sholáthar a oibríonn i dtimpeallacht:

  • ina n–áirithítear cobhsaíocht airgeadais;
  • ina gcosnaítear tomhaltóirí;
  • ina gcuirtear sláine an mhargaidh chun cinn;
  • ina dtacaítear le hinfheistíocht, fás agus poist.

FÉACH FREISIN

Top