Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An tAontas Eorpach

Bunaíodh an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach in 1952. In éineacht le Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus leis an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (Euratom) 1958, tháinig sé chun cinn trí stair fhada d’athchóirithe comhleanúnacha ar an gConradh ar an Aontas Eorpach (AE) in 1992.

Tá an tAontas Eorpach ina thionscadal polaitíochta agus ina chineál eagraíochta fornáisiúnta dlíthiúla.

Léirítear leis an tionscadal polaitíochta toil Bhallstáit AE chun dlúthaontas a chruthú i measc mhuintir na hEorpa, ina nglactar le cinntí ar bhealach chomh oscailte agus is féidir agus chomh gar agus is féidir don saoránach (Airteagal 1 den Chonradh ar an Aontas Eorpach).

Chun é sin a dhéanamh, tá roinnt cuspóirí ag an Aontas Eorpach:

  • an tsíocháin, a luachanna agus leas a chuid pobal a chur chun cinn;
  • limistéar saoirse, slándála agus ceartais gan teorainneacha a chur ar fáil do dhaoine atá ina gcónaí san Aontas Eorpach;
  • margadh inmheánach a bhunú lena áiritheofar forbairt inbhuanaithe bunaithe ar fhás eacnamaíoch cothrom agus ar chobhsaíocht praghsanna, geilleagar margaidh shóisialta an–iomaíoch a mbeidh an lánfhostaíocht mar chuspóir leis, dul chun cinn sóisialta, cosaint an chomhshaoil agus an dul chun cinn eolaíoch a chur chun cinn;
  • an t–eisiamh sóisialta agus an t–idirdhealú a chomhrac agus comhionannas idir fir agus mná, dlúthpháirtíocht idir na glúine agus cearta an linbh a chur chun cinn;
  • comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach idir na Ballstáit a áirithiú;
  • meas a bheith ar éagsúlacht chultúrtha agus theangeolaíoch na mBallstát agus oidhreacht chultúrtha na hEorpa a chosaint;
  • aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta a bhunú, agus an euro mar airgeadra ann;
  • gníomhú de réir a luachanna agus de réir an dlí idirnáisiúnta ina chaidreamh leis an domhan mór chun síocháin, slándáil, forbairt inbhuanaithe, forbairt daoine agus cosaint chearta an duine a áirithiú.

Tá an tAontas Eorpach bunaithe ar chomhluachanna a Bhallstáit, ina gcuimsítear meas ar dhínit an duine, saoirse, daonlathas, comhionannas, an smacht reachta agus meas ar chearta an duine, lena n–áirítear cearta daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad.
Sainítear leis an dearbhú ó na Ballstáit maidir le siombailí AE na siombailí lena gcuirtear in iúl muintearas na ndaoine san Aontas agus a ndílseacht dó:

  • an bhratach (dhá réalta dhéag ar chúlra gorm)
  • an t–amhrán náisiúnta (“Ode to Joy” le Ludwig van Beethoven)
  • an mana (“Aontaithe san éagsúlacht”)
  • an t–airgeadra (an euro) agus
  • An Lá Eorpach (9 Bealtaine).

Is cineál eagraíochta dlíthiúla é an tAontas Eorpach atá bunaithe go príomha ar Chonradh an Aontais Eorpaigh agus ar an Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Tugann Ballstáit AE cumhachtaí don Aontas Eorpach chun na cuspóirí atá i bpáirt acu a bhaint amach. Tá feidhm ag “modh AE” (ar a dtugtar an “modh Comhphobail” chomh maith) maidir le formhór na mbeartas a thagann faoi fhreagracht an Aontais Eorpach, cé is moite díobh seo a leanas:

  • comhar póilíneachta agus comhar breithiúnach in ábhair choiriúla i gcás ina bhfuil ceart tionscnaimh ag na Ballstáit agus ina bhfuil an ceart acu achomharc a chur faoi bhráid na Comhairle Eorpaí maidir le cúrsaí reachtacha;
  • an comhbheartas eachtrach agus slándála nuair a bhíonn an modh idir–rialtasach i réim.

Tá creat institiúideach aonair aige (ina gcuimsítear Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle Eorpach, Comhairle an Aontais Eorpaigh, an Coimisiún Eorpach, Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, an Banc Ceannais Eorpach agus an Chúirt Iniúchóirí). Thairis sin, tugtar pearsantacht dhlítheanach don Aontas Eorpach le Conradh Liospóin.

FÉACH FREISIN

Top