Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An Banc Eorpach Infheistíochta (EIB)

Bunaíodh EIB in 1958 faoi Chonradh na Róimhe, agus é ar institiúid iasachta fadtéarmach an Aontais Eorpaigh (AE), ag cur airgid ar fáil le haghaidh tograí éagsúla d’fhonn tograí caipitil inmharthana a mhaoiniú lena ndéantar cuspóirí an AE a chur chun cinn. Is iad ocht dtír is fiche an Aontais Eorpaigh scairshealbhóirí an EIB. Is do thíortha AE a thugtar beagnach 90 % d’iasachtaí an EIB agus scaiptear an chuid eile, faoin sainordú iasachta seachtrach, ar chéad is caoga tír comhpháirtíochta ar fud an domhain.

Cruthaíodh Grúpa EIB, ina gcuimsítear EIB agus an Ciste Eorpach Infheistíochta (EIF), chun borradh a chur faoi iasachtaí d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna).

Dúblaíodh, beagnach, caipiteal EIB idir 2007 agus 2009 mar fhreagra ar an ngéarchéim airgeadais. Ba é caipiteal suibscríofa iomlán an EIB ná EUR 243 billiún an 1 Iúil 2013.

FÉACH FOSTA

Top