Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Iomaíocht

Is éard atá i gceist le margadh ina bhfuil saoriomaíocht ná ceann inar féidir le gnóthaí neamhspleácha gabháil don ghnó céanna agus dul in iomaíocht le chéile chun tomhaltóirí a mhealladh. Sé sin le rá, tá gach gnó faoi bhrú iomaíochais na ngnóthaí eile. Dá bhrí sin cruthaítear le hiomaíocht éifeachtach cothrom na féinne idir gnóthaí agus tá buntáistí ann don tomhaltóir chomh maith (praghsanna níos ísle, caighdeán níos fearr, rogha níos leithne srl).

Tá sé mar aidhm ag beartas iomaíochta na hEorpa iomaíocht chothrom is shaor a chinntiú san Aontas Eorpach (AE). Tá rialacha AE a bhaineann le hiomaíocht (Airteagail 101-109 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh-CFAE) bunaithe ar 5 phríomhphrionsabal:

  • toirmeasc ar chleachtais chomhbheartaithe agus chomhaontuithe agus ar mhí-úsáid ceannasachta a d'fhéadfadh cur isteach ar iomaíocht sa chómhargadh (rialacha in aghaidh trusta);
  • maoirseacht choisctheach ar chumaisc le gné Eorpach (i.e. le cinntiú nach mbeadh sé mar thoradh ar mhéid suntasach na hoibríochta cumaiscthe molta iomaíocht a shrianadh);
  • maoirseacht ar chúnamh ó thíortha an Aontais Eorpaigh go bhfuil baol leis go ndéanfaí iomaíocht a shaobhadh ar mhaithe le gnóthais áirithe nó táirgeadh earraí áirithe;
  • léirscaoileadh earnálacha a bhí faoi smacht mhonaplachtaí stáit mar shampla teileachumarsáid, iompar nó fuinneamh;
  • comhoibriú le húdaráis iomaíochta lasmuigh den Aontas Eorpach.

Is iad an Coimisiún Eorpach agus na húdaráis náisiúnta iomaíochta a chuireann rialacha iomaíochta AE i bhfeidhm. Is féidir cur i bhfeidhm éifeachtach agus comhsheasmhach na rialacha a chinntiú trí chomhoibriú eatarthu mar chuid den Ghréasán Eorpach Iomaíochta.

FÉACH FOSTA

Top