Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D1015

    Cinneadh (CBES) 2023/1015 ón gComhairle an 23 Bealtaine 2023 lena ndearbhaítear rannpháirtíocht na Danmhairge in PESCO, agus lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/2315 lena mbunaítear buanchomhar struchtúrtha (PESCO) agus lena gcinntear liosta na mBallstát rannpháirteach

    ST/9101/2023/INIT

    IO L 136, 24.5.2023, p. 73–74 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1015/oj

    24.5.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 136/73


    CINNEADH (CBES) 2023/1015 ÓN gCOMHAIRLE

    an 23 Bealtaine 2023

    lena ndearbhaítear rannpháirtíocht na Danmhairge in PESCO, agus lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/2315 lena mbunaítear buanchomhar struchtúrtha (PESCO) agus lena gcinntear liosta na mBallstát rannpháirteach

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 46(3) de,

    Ag féachaint do Phrótacal Uimh. 10 maidir le buanchomhar struchtúrtha arna bhunú le hAirteagal 42 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    Ag féachaint don tuairim ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Foráiltear le hAirteagal 46(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) nach mór d’aon Bhallstát ar mian leis a bheith rannpháirteach i mbuanchomhar struchtúrtha (PESCO), a intinn a chur in iúl don Chomhairle agus d’Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’).

    (2)

    An 1 Meitheamh 2022, reáchtáladh reifreann sa Danmhairg maidir le cúlghairm na díolúine ó rannpháirtíocht i gcinntí agus gníomhaíochtaí de chuid an Aontais a bhfuil impleachtaí cosanta acu a leagtar síos in Airteagal 5 de Phrótacal Uimh. 22 a ghabhann leis na Conarthaí maidir le seasamh na Danmhairge. Bhí vóta i bhfabhar cúlghairme mar thoradh ar an reifreann sin.

    (3)

    I gcomhréir le hAirteagal 7 de Phrótacal Uimh. 22, chuir an Danmhairg in iúl do na Ballstáit eile nach mian léi leas a bhaint a thuilleadh as Airteagal 5 den Phrótacal sin ón 1 Iúil 2022, le litir óna hAire Gnóthaí Eachtracha an 20 Meitheamh 2022.

    (4)

    An 23 Márta 2023, fuair an Chomhairle agus an tArdionadaí fógra ón Danmhairg i gcomhréir le hAirteagal 46(3) CAE, go bhfuil sé ar intinn ag an Danmhairg a bheith rannpháirteach in PESCO.

    (5)

    Leag an Danmhairg amach ina Phlean Cur Chun Feidhme Náisiúnta an cumas atá aicina gealltanais níos ceangailtí, atá san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2017/2315 ón gComhairle (1), atá tugtha ag na Ballstáit rannpháirteacha dá chéile a chomhlíonadh.

    (6)

    Tar éis na coinníollacha riachtanacha a chomhlíonadh, is iomchuí don Chomhairle, dá bhrí sin, cinneadh a ghlacadh lena ndearbhaítear rannpháirtíocht na Danmhairge in PESCO.

    (7)

    Ba cheart Cinneadh (CBES) 2017/2315 a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Dearbhaítear leis seo rannpháirtíocht na Danmhairge in PESCO.

    Airteagal 2

    In Airteagal 2 de Chinneadh (CBES) 2017/2315, cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach tar éis an tríú fleasc:

    ‘—

    an Danmhairg,’.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Bealtaine 2023.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. BORRELL FONTELLES


    (1)  Cinneadh (CBES) 2017/2315 ón gComhairle an 11 Nollaig 2017 lena mbunaítear buanchomhar struchtúrtha (PESCO) agus lena gcinntear liosta na mBallstát rannpháirteach (IO L 331, 14.12.2017, lch. 57).


    Top