Roghnaigh na gnéithe turgnamhacha is mian leat a thriail

Is sliocht ón suíomh gréasáin EUR-Lex atá sa doiciméad seo

Ábhar EUR-Lex a athúsáid

Cabhair

Is féidir na sonraí atá in EUR-Lex a athúsáid saor in aisce chomh fada is nach sáraítear na coinníollacha cóipchirt lena mbaineann.

Tá bealaí éagsúla ann chun ábhar a chuardach agus a aisghabháil lena athúsáid.

Seirbhís gréasáin

Más úsáideoir cláraithe thú, is féidir leat cuardach a dhéanamh go díreach ar EUR-Lex trí sheirbhísí gréasáin a úsáid. Tá na roghanna cuardaigh cosúil leo siúd atá le fáil faoin 'sainchuardach'. Is i bhformáid XML a chuireann siad na sonraí ar fáil. Tuilleadh eolais maidir leis an dóigh chun na seirbhísí gréasáin a úsáid.

Bulc-íoslódálacha

Data dump

A bhuí le ‘data dump’, faoi láthair is féidir leat na gníomhartha dlí go léir (Rannán 3 de CELEX) atá i bhfeidhm a bhulc-íoslódáil de réir teanga.

Beidh cuntas EU Login​ ag teastáil uait chun teacht ar ‘data dump’.

datadump.publications.europa.eu​

data.europa.eu

Is é data.europa.eu an tairseach oifigiúil le haghaidh sonraí Eorpacha, ar ar féidir leat liosta d’Irisí Oifigiúla (sraitheanna L agus C) a fhoilsítear in aghaidh na bliana (ó 2004 ar aghaidh) a íoslódáil de réir teanga. Is féidir an liosta a íoslódáil i bhformáid csv agus tá nasc ann chuig gach Iris Oifigiúil i bhformáid XML Formex.

data.europa.eu​

Dír-rochtain ar bhunachar sonraí EUR-Lex

Má theastaíonn uait sonraí a phróiseáil ar bhealach níos mionsonraithe, is féidir leat an méid seo a leanas a dhéanamh:

  1. Fógraí a iarraidh trí fhothaí RSS an bhunachair sonraí – chun fógra a fháil maidir le gach aon athrú. Is féidir go gcruthóidh na fothaí sin líon ollmhór fógraí (na milliúin díobh in aghaidh an lae).
  2. Dír-rochtain ar do rogha inneachair agus meiteashonraí sa bhunachar sonraí tríd an gcomhéadan REST.

Stóras sonraí

Is ón stóras coiteann meiteashonraí agus inneachair (Cellar) a aisghabhtar an t-eolas a thaispeántar in EUR-Lex. Tá Cellar bunaithe ar theicneolaíochtaí séimeantacha, creat a bhfuil roinnt caighdeán ann.

Níl na sonraí in Cellar teoranta do na doiciméid dhlíthiúla ná don fhaisnéis a fhoilsítear in EUR-Lex, ach tá foilseacháin eile de chuid an Aontais Eorpaigh (leabhair, bileoga, etc.) ann chomh maith. Is féidir teacht go díreach ar na sonraí atá á stóráil in Cellar trí chríochphointe SPARQL agus trí chomhéadan feidhmchláir (API) RESTful.

Trí úsáid a bhaint as críochphointe SPARQL is féidir leat na meiteashonraí uile in Cellar a chuardach, gach gaol idir na heintitis éagsúla san áireamh. Trí úsáid a bhaint as API RESTful is féidir tacair shonracha meiteashonraí (ar a dtugtar ‘fógraí’ go minic) a aisghabháil agus comhaid ábhair an doiciméid a íoslódáil. Tá an dá rogha sin ar fáil i bhformáidí éagsúla (PDF, HTML, Formex, etc.).

Is féidir teacht ar eolas breise agus ar an lámhleabhar úsáideora is déanaí, ina bhfuil eolas ar Cellar agus ar a API RESTful, ar shuíomh gréasáin Cellar​ . Is féidir na meiteashonraí in Cellar a chuardach tríd an gcríochphointe SPARQL​ .

Samhail sonraí

Tá sainmhíniú ar struchtúr na sonraí in Cellar le fáil sa tSamhail Choiteann Sonraí (CDM), rud atá bunaithe ar theicneolaíochtaí séimeantacha, cuir i gcás RDF Schema agus OWL. Tá an leagan reatha den CDM, mar aon le seanleaganacha de, le fáil ar shuíomh gréasáin EU Vocabularies​ .

Ar shuíomh gréasáin EU Vocabularies tá sainmhíniú ar an ointeolaíocht agus sainmhínithe le haghaidh na bhfoclóiríní rialaithe, na dtacsanomaíochtaí agus na dteasáras a úsáideann Cellar.

Go sonrach, cuirtear ar fáil ar shuíomh gréasáin EU Vocabularies na táblaí údaráis​ éagsúla a úsáidtear i luachanna meiteashonraí chun tagairt a dhéanamh d’eintitis nó do choincheapa ar leith, mar shampla comhlacht corpraithe, conradh, tír nó teanga.

Formáidí doiciméid

Is i bhformáidí caighdeánacha éagsúla, má bhíonn a leithéid ar fáil, a sholáthraítear na doiciméid ar Cellar agus in EUR-Lex: PDF, HTML, XHTML, etc.

Sciar mór de na doiciméid atá ar fáil in Cellar agus in EUR-Lex, go háirithe iad sin a foilsíodh san Iris Oifigiúil, tá siad ar fáil i bhformáid shonrach XML darb ainm Formex chomh maith. Tá tuilleadh eolais maidir leis an bhformáid sin ar fáil ar shuíomh gréasáin Formex​ .

Doiciméid EUR-Lex a aisghabháil i bhformáid struchtúrtha atá inléite ag meaisín

Cuireann EUR-Lex roinnt modhanna ar fáil chun ábhar a asbhaint as doiciméid atá ar fáil ar an suíomh gréasáin i bhformáidí struchtúrtha atá inléite ag meaisín. Tá tuilleadh eolais le fáil faoi na modhanna sin sa doiciméad Formáidí asbhainte atá inléite ag meaisín.

I gcás méideanna móra sonraí, bain úsáid as ceann de na seirbhísí íoslódála ollsonraí, Dír-rochtain ar API CELLAR​ nó Data Dump​ .


Nasc úsáideach

Modheolaíocht na hanailíse dlíthiúla (LAM)​

Léiríonn sé sin saineolas Oifig na bhFoilseachán maidir le catalógú ghníomhartha dlí an Aontais a foilsíodh san Iris Oifigiúil agus in EUR-Lex. Déanann sé cur síos ar bhrí na meiteashonraí a bhaineann leis na gníomhartha sin agus ar an úsáid a bhaintear as na meiteashonraí.