Roghnaigh na gnéithe turgnamhacha is mian leat a thriail

Is sliocht ón suíomh gréasáin EUR-Lex atá sa doiciméad seo

Uimhreacha CELEX

Cabhair

Is é is uimhir CELEX ann aitheantóir uathúil a shanntar do dhoiciméad. Tá sí neamhspleách ar theanga an doiciméid. Sanntar uimhir CELEX d’fhormhór na ndoiciméad in EUR-Lex.

Tá codanna éagsúla in uimhir CELEX, codanna a athraíonn de réir an chineáil doiciméid atá i gceist. Bíonn na 4 chuid seo a leanas le fáil san fhormáid is coitianta: Earnáil – Bliain – Cineál an doiciméid – Uimhir an doiciméid.

Mar shampla, is é 32000L0060 an uimhir CELEX atá ag Creat-Treoir Uisce an Aontais. Tá 4 chuid san uimhir sin:

  • earnáil: 3 (do ghníomhartha dlí)
  • bliain: 2000
  • cineál an doiciméid: L (do Threoracha)
  • uimhir an doiciméid: 0060.

Má chuireann tú an cúrsóir os cionn uimhir CELEX ar EUR-Lex beidh tú in ann teideal iomlán an doiciméid a fheiceáil.