Roghnaigh na gnéithe turgnamhacha is mian leat a thriail

Is sliocht ón suíomh gréasáin EUR-Lex atá sa doiciméad seo

Conas cuardach a dhéanamh

Cabhair

Is féidir EUR-Lex a chuardach ar bhealaí éagsúla, ag brath ar an méid atá uait agus ar na sainchritéir atá agat.

Cuardach tapa

  • Le haghaidh cuardaigh ghinearálta.
  • Clóscríobh eochairfhocail nó uimhreacha isteach i réimse saorthéacs chun teacht ar dhoiciméid agus nósanna imeachta.
  • Ar fáil ar gach leathanach de chuid EUR-Lex.

Tuilleadh eolais faoin gCuardach tapa

Cuardach casta

  • Le haghaidh cuardaigh spriocdhírithe a bhfuil roinnt critéar iontu.
  • Tá foirmeacha réamhshainithe dinimiciúla ann chun cuardach casta a dhéanamh i ngach bailiúchán (e.g. gníomhartha dlí, cásdlí). Nuair a bheidh an bailiúchán cuí roghnaithe agat, ní thaispeánfar ach na critéir chuardaigh ábhartha.
  • Is féidir leat cuardach a dhéanamh i níos mó ná bailiúchán amháin ag an am céanna freisin.
  • Tá teacht ar an gcuardach casta ar gach leathanach de chuid EUR-Lex.

Tuilleadh eolais faoin gCuardach casta

Sainchuardach

  • Le haghaidh cuardaigh chasta an-sonrach arb iad sainúsáideoirí a dhéanann iad de ghnáth.
  • Is gá duit do cheist chuardaigh féin a chur le chéile le hoibreoirí Boolean trí úsáid a bhaint as na meiteashonraí atá ar fáil.
  • Chun úsáid a bhaint as an sainchuardach is gá duit do chuntas EUR-Lex féin a bheith agat agus logáil isteach leis.
  • Nuair a bheidh tú logáilte isteach beidh tú in ann sainchuardach a dhéanamh ar leathanach ar bith de chuid EUR-Lex.

Tuilleadh eolais faoin Sainchuardach

Seat scáileáin a thaispeánann an áit ar féidir teacht ar an sainchuardach

Cuardach a dhéanamh de réir uimhir an doiciméid

  • Moltar seo do dhaoine ar eol dóibh tagairtí an doiciméid atá á lorg acu.
  • Is féidir leat doiciméad a aimsiú ach an bhliain, an uimhir agus an cineál a chur isteach. Ní bhfaighidh tú ach torthaí a bhaineann leis an doiciméad sin, mar aon leis na ceartúcháin atá gabháil leis, más ann dóibh.
  • Níl teacht air ach amháin ar leathanach baile EUR-Lex.
Seat scáileáin a thaispeánann an áit ar féidir teacht ar an cuardach a dhéanamh de réir uimhir an doiciméid

Cuardach a dhéanamh de réir uimhir Celex

  • Moltar seo do dhaoine a bhfuil cur amach acu ar uimhreacha Celex.
  • Cuir isteach uimhir Celex an doiciméid atá á lorg agat agus gheobhaidh tú na torthaí ar an dóigh chéanna le 'Cuardach a dhéanamh de réir uimhir an doiciméid'. Tuilleadh eolais faoi uimhreacha Celex.
  • Níl teacht air ach amháin ar leathanach baile EUR-Lex.
Seat scáileáin a thaispeánann an áit ar féidir teacht ar an gcuardach de réir uimhir Celex

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (IO)

  • Is féidir leat teacht ar na heagráin is déanaí den Iris Oifigiúil go díreach ó leathanach baile EUR-Lex.

  • Seat scáileáin a thaispeánann an áit ar féidir teacht ar an Iris Oifigiúil
  • Cliceáil ar Tuilleadh chun dul chuig leathanach rochtana na hIrise Oifigiúla, áit ar féidir leat roinnt critéar a roghnú chun eagrán den Iris Oifigiúil a chuardach.

Brabhsáil de réir institiúide

  • Is féidir leat brabhsáil de réir na hinstitiúide a ghlacann na gníomhartha de chuid an Aontais freisin: Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle Eorpach, Comhairle an Aontais Eorpaigh, an Coimisiún Eorpach, Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, an Banc Ceannais Eorpach, an Chúirt Iniúchóirí, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, Coiste Eorpach na Réigiún.
  • rannán ar leith ag an mBanc Ceannais Eorpach ina bhfuil uirlisí cuardaigh saincheaptha, giuirléid a léiríonn na doiciméid nuafhoilsithe agus staitisticí faoi ghníomhartha dlí BCE.
  • Is féidir leat teacht ar 'Brabhsáil de réir institiúide' ar leathanach baile EUR-Lex agus ar leathanach ar bith eile ach cliceáil ar Roghchlár.

Tuilleadh eolais faoi Brabhsáil de réir institiúidí.

Brabhsáil le EuroVoc

  • Teasáras ilteangach is ea Eurovoc a chlúdaíonn raon leathan réimsí a bhaineann le gníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh (e.g. dlí, airgeadas, trádáil). úsáidtear é chun cur síos a dhéanamh ar na doiciméid in EUR-Lex agus chun iad a innéascú, sin agus chun an rochtain ar an reachtaíocht a fheabhsú. Tá 21 fhearann agus 127 bhfofhearann ann.
  • Is féidir leat teacht ar 'Brabhsáil le EuroVoc' ar leathanach baile EUR-Lex agus ar leathanach ar bith eile ach cliceáil ar Roghchlár.

Tuilleadh eolais faoi Brabhsáil le EuroVoc.