Roghnaigh na gnéithe turgnamhacha is mian leat a thriail

Is sliocht ón suíomh gréasáin EUR-Lex atá sa doiciméad seo

Cuardach a mhodhnú

Cabhair

Tá roghanna éagsúla modhnaithe ar fáil ag brath ar an gcineál cuardaigh a dhéanann tú.

Cuardach tapa a mhodhnú

Bíonn an cuardach tapa le fáil ag barr gach leathanaigh de chuid EUR-Lex i gcónaí agus taispeántar ann téarmaí an chuardaigh is deireanaí a rinne tú ionas gur féidir leat iad a mhodhnú go díreach sa bhosca cuardaigh féin.

Má tá tú sínithe isteach, cliceáil Modhnaigh faoi shainchuardach chun aistriú ón gcuardach tapa go dtí an sainchuardach agus chun do roghanna cuardaigh a shaincheapadh.

Conas modhnú a dhéanamh faoi shainchuardach

Cuardach casta a mhodhnú

Screenshot showing how you can edit your search

Sa bhosca Critéir chuardaigh atá os cionn liosta na dtorthaí, cliceáil Modhnaigh an cuardach chun na critéir chuardaigh a bhí agat a chéaduair a mhodhnú. Má tá tú sínithe isteach, cliceáil Modhnaigh faoi shainchuardach chun aistriú ón sainchuardach go dtí an cuardach casta agus chun teacht ar roghanna cuardaigh breise.

Conas modhnú a dhéanamh faoi shainchuardach

Moltaí a úsáid

Mura raibh aon toradh ar do chuardach, agus má shíleann an córas go bhfuil an téarma a bhí uait litrithe go mícheart agat, molfaidh sé rogha eile duit a bheidh le feiceáil thíos faoin mbosca Critéir chuardaigh.

Ní gá ach cliceáil ar an téarma molta más é sin a bhí uait a chéaduair.