Is sliocht ón suíomh gréasáin EUR-Lex atá sa doiciméad seo
Tá go leor roghanna nua scagtha ar fáil ar an leathanach ‘Féach tríd an Iris Oifigiúil’.
Is féidir rochtain a fháil ar an leathanach sin ón roghchlár ar thaobh na láimhe clé de na leathanaigh seo a leanas: ‘An Iris Oifigiúil a rochtain’, ‘Radharc laethúil ar shraith L den Iris Oifigiúil’, ‘Radharc laethúil ar shraith C den Iris Oifigiúil’, ‘Féach tríd an Iris Oifigiúil’, ‘Eagráin chlóite atá ceangailteach ó thaobh dlí’ agus ‘Eagráin speisialta’.
Ag barr an leathanaigh tá dhá chnaipe ann lenar féidir leat Irisí Oifigiúla an lae nó na hIrisí Oifigiúla ó na 7 lá anuas a thaispeáint.
Is féidir leat cuardach a dhéanamh chomh maith ar na hIrisí Oifigiúla uile a foilsíodh laistigh de raon sonrach dátaí.
Ar thaobh na láimhe clé den leathanach, is féidir leat na hIrisí Oifigiúla a scagadh de réir réimse leathan critéar.
Leis na scagairí ar bharr an liosta, is féidir leat na hIrisí Oifigiúla a bhaineann leis an méid seo a leanas a roghnú:
Tá dath gorm ar na scagairí a thagraíonn do roinnt Irisí Oifigiúla i liosta na dtorthaí agus is féidir iad a roghnú. Seachas sin, bíonn siad neamhghníomhach agus bíonn dath liath orthu.
Is féidir na hIrisí Oifigiúla a scagadh de réir na sraithe (L nó C), de réir an údair agus de réir an chineáil gnímh. Bíonn na scagairí sin gníomhach i gcónaí.
I liostaí na dtorthaí tá deilbhín fillteáin ann agus nasc ina dhiaidh sin faoi theideal gach doiciméid atá mar chuid de sheisiún Pharlaimint na hEorpa, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus Choiste na Réigiún.
Má tá teideal den seisiún sin ar fáil, taispeántar é seachas an uimhir/tagairt bliana.
Cliceáil ar an nasc sin chun teacht ar liosta de na doiciméid uile a bhaineann leis an seisiún sin.