Roghnaigh na gnéithe turgnamhacha is mian leat a thriail

Is sliocht ón suíomh gréasáin EUR-Lex atá sa doiciméad seo

Gnéithe turgnamhacha

Cabhair

Cuireann EUR-Lex ar do chumas duit triail a bhaint as gnéithe nua agus aiseolas a thabhairt sula ndéanfar gnéithe caighdeánacha díobh d’úsáideoirí uile EUR-Lex.

Chun ceann de na gnéithe seo a ghníomhachtú:

  • cuir tic sa bhosca bán in aice leis an gcnaipe ‘gnéithe turgnamhacha’ ag barr an leathanaigh
  • cliceáil ar an gcnaipe ‘gnéithe turgnamhacha’
  • roghnaigh na gnéithe is mian leat a chumasú
  • cliceáil ar ‘Gníomhachtaigh na gnéithe roghnaithe’.
íomhá lena léirítear pána gníomhachtúcháin dialóige na ngnéithe turgnamhacha

Léiríonn deilbhín ar leith go bhfuil gné thurgnamhach gníomhach ar do leathanach. Má chuireann tú an cúrsóir os cionn an deilbhín sin, is féidir leat cur síos gairid a léamh faoin ngné.

Faigh tuilleadh eolais thíos faoi na gnéithe turgnamhacha atá ar fáil faoi láthair.