Roghnaigh na gnéithe turgnamhacha is mian leat a thriail

Is sliocht ón suíomh gréasáin EUR-Lex atá sa doiciméad seo

Na teangacha atá ar fáil

Cabhair

Tá comhéadan an tsuímh gréasáin ar fáil i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

I gcás doiciméad, tá na teangacha atá ar fáil ag brath ar na teangacha oifigiúla den Aontas a bhí ann nuair a glacadh na doiciméid.

Is é sin an fáth a bhfuil níos mó doiciméad ar fáil sna 4 theanga oifigiúla de chuid Bhallstáit bhunaidh an Aontais: an Fhraincis, an Ghearmáinis, an Iodáilis agus an Ollainnis.

Na doiciméid is sine atá ar EUR-Lex go háirithe, níl siad sin ar fáil sna teangacha a ndearnadh teangacha oifigiúla díobh nuair a tháinig tíortha isteach san Aontas Eorpach tráth níos déanaí: an Béarla agus an Danmhairgis (1973); an Ghréigis (1981); an Spáinnis agus an Phortaingéilis (1986); an Fhionlainnis agus an tSualainnis (1995); an Eastóinis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Pholainnis, an tSeicis, an tSlóvaicis, an tSlóivéinis agus an Ungáiris (2004); an Bhulgáiris agus an Rómáinis (2007); agus an Chróitis (2013).

Mar sin féin, nuair a thagann tír isteach san Aontas, déantar an reachtaíocht de chuid an Aontais atá i bhfeidhm ag an am a aistriú go teanga oifigiúil na tíre agus tiomsaítear í in ‘Eagráin Speisialta Iris Oifigiúil an Aontais’.

Doiciméid i nGaeilge

Ag brath ar an gcineál doiciméid agus ar bhliain a fhoilsithe, níl gach doiciméad ar fáil i nGaeilge ar EUR-Lex.

Seo a leanas na gníomhartha dlí atá ar fáil i nGaeilge faoi láthair:

  • an phríomhreachtaíocht a ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle go comhpháirteach,
  • conarthaí áirithe.

Rinneadh teanga oifigiúil iomlán de chuid an Aontais den Ghaeilge an 1 Eanáir 2007. De bharr cúiseanna praiticiúla agus ar bhonn idirthréimhseach, áfach, tugadh díolúine d’institiúidí an Aontais ón oibleagáid na gníomhartha uile a dhréachtú i nGaeilge nó a aistriú go Gaeilge. Tugadh isteach an maolú sealadach sin ar feadh tréimhse in-athnuaite 5 bliana.

Luadh i Rialacháin (CE) Uimh. 920/2005 ón gComhairle an 13 Meitheamh 2005, ‘ní bheidh de cheangal ar institiúidí an Aontais Eorpaigh na gníomhartha go léir a dhréachtú as Gaeilge agus iad a fhoilsiú sa teanga sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh’, seachas na rialacháin a ghlacann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle go comhpháirteach.

Cuireadh síneadh leis an maolú faoi dhó, agus laghdaíodh an raon feidhme de réir a chéile gach uair: