Liosta na dtorthaí
Tar éis duit cuardach a dhéanamh beidh leathanach amháin nó níos mó ann ina liostaítear doiciméid nó nósanna imeachta.
Léirítear líon na dtorthaí i mbarr an leathanaigh.
Úsáideann EUR-Lex córas chun doiciméid thábhachtacha a bhfuil tóir orthu a dhéanamh níos feiceálaí. Aibhsítear iad sin i bhfráma
gorm ar bharr liosta na dtorthaí (agus uasmhéid 10 mír aibhsithe le feiceáil ann).
Mar réamhshocrú tá an méid seo a leanas i ngach toradh:
I gcás doiciméad:
- teideal inchliceáilte lena dtreoraítear thú chuig leathanach an doiciméid ghaolmhair i dteanga an chuardaigh
- tagairt an fhoilseacháin (e.g. IO L 130, 25/05/1994, lch. 43–63) agus na teangacha ina bhfuil sé ar fáil
- más ábhartha, stádas an doiciméid (e.g. ‘i bhfeidhm’)
- aitheantóir (uimhir CELEX, e.g. 31994D0295)
- údar
- dáta doiciméid
- más ábhartha, nasc chuig an leagan comhdhlúite reatha
- deilbhíní inchliceáilte lena dtreoraítear thú chuig an leagan pdf nó html den doiciméad.
I gcás nósanna imeachta:
- teideal inchliceáilte lena dtreoraítear thú chuig leathanach gaolmhar an nós imeachta ar EUR-Lex i dteanga an chuardaigh
- tagairt an ghnímh thionscanta (e.g. COM (2013) 531)
- doiciméad tionscanta (uimhir CELEX agus nasc go hiondúil, e.g. 52013PC0531)
- gníomhartha atá glactha – más ann dóibh (uimhir CELEX agus nasc go hiondúil)
- stádas nós imeachta (e.g. ‘ar siúl’).
Is féidir leat leathanach na dtorthaí a úsáid chun:
- do chuardach a bheachtú (a scagadh) de réir eochairfhocail, bailiúcháin, bhliain an doiciméid, údair, etc.
- do chuardach a mhodhnú
- athrú a dhéanamh ar an eolas a thaispeántar faoin doiciméad nó faoi na nósanna imeachta (‘An t-eolas atá léirithe a chur in
oiriúint’)
- ord sórtála an liosta a athrú trí úsáid a bhaint as na roghchláir anuas
- gach toradh cuardaigh, nó rogha díobh, a easpórtáil. Leis sin cuirfear an t-eolas roghnaithe ar fáil i roinnt formáidí (PDF,
XML, Excel, TSC, CSV). Tá méid an chomhaid easpórtála teoranta do 5 MB i gcás úsáideoirí nach bhfuil cláraithe.
mar úsáideoirí cláraithe:
- critéir do chuardaigh a shábháil (‘Sábháil in Mo chuardaigh’)
- fógraí foláirimh a chruthú (‘Cruthaigh fotha in M’fholáirimh (Fothaí RSS)’)
- doiciméid a shábháil agus a eagrú i bhfillteáin (‘Sábháil in Mo dhoiciméid’)
Tá tuilleadh eolais le fáil ag na naisc seo:
Cuardach a bheachtú
Cuardach a mhodhnú
An liosta torthaí a oiriúnú
Torthaí a easpórtáil