Is sliocht ón suíomh gréasáin EUR-Lex atá sa doiciméad seo
Ó mhí Eanáir 1968 i leith, tá dhá shraith san Iris Oifigiúil:
Cruthaíodh roinnt foshraitheanna i gcaitheamh na mblianta chomh maith (tá tuilleadh sonraí sa tábla thíos), ach cuireadh deireadh leo nuair a tosaíodh ar an Iris Oifigiúil a fhoilsiú gníomh ar ghníomh.
Is féidir leat féachaint ar struchtúr na hIrise Oifigiúla sular aistríodh í go foilseachán gníomh ar ghníomh an 1 Deireadh Fómhair 2023. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi struchtúr na hIrise Oifigiúla, féach an Treoir Stíle Idirinstitiúideach .
Tá sonraí sa tábla thíos faoi struchtúr na hIrise Oifigiúla.
Sraith L | Ábhar |
---|---|
L (Reachtaíocht) (e.g. IO L 067 – sular tosaíodh ar an Iris Oifigiúil a fhoilsiú gníomh ar ghníomh) |
Reachtaíocht de chuid an Aontais Eorpaigh a bhíonn inti. |
Foshraith | |
LI (Ar leithlis) (e.g. IO L 011I – sular tosaíodh ar an Iris Oifigiúil a fhoilsiú gníomh ar ghníomh) |
Foshraith a tugadh isteach chun pleanáil agus uimhriú IO a dhéanamh níos solúbtha. Baineadh úsáid aisti den chéad uair an 16 Eanáir 2016 (L 011I). Cuireadh deireadh leis nuair a tosaíodh ar an Iris Oifigiúil a fhoilsiú gníomh ar ghníomh. |
LM (e.g. IO L 118M – sular tosaíodh ar an Iris Oifigiúil a fhoilsiú gníomh ar ghníomh) |
Go dtí seo is chun riaráiste an ábhair i Máltais a fhoilsiú a baineadh úsáid as an bhfoshraith M. (Tar éis do Mhálta dul isteach san Aontas Eorpach in 2004, níor foilsíodh gach gníomh i Máltais i dtús báire.) |
Sraith C | Ábhar |
---|---|
C (Faisnéis agus fógraí) (e.g. IO C 100 – sular tosaíodh ar an Iris Oifigiúil a fhoilsiú gníomh ar ghníomh) |
Doiciméid oifigiúla eile ó institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh. |
Foshraith | |
CA (Iarscríbhinn) (e.g. IO C 019A – sular tosaíodh ar an Iris Oifigiúil a fhoilsiú gníomh ar ghníomh) |
Fógraí folúntais agus glaonna ar léiriú spéise a bhíonn inti. Féadtar í a fhoilsiú in aon teanga oifigiúil amháin, i roinnt acu, nó i ngach ceann acu. Cuireadh deireadh leis nuair a tosaíodh ar an Iris Oifigiúil a fhoilsiú gníomh ar ghníomh. |
CI (Ar leithlis) (e.g. IO C 015I – sular tosaíodh ar an Iris Oifigiúil a fhoilsiú gníomh ar ghníomh) |
Foshraith a tugadh isteach chun pleanáil agus uimhriú IO a dhéanamh níos solúbtha. Baineadh úsáid aisti den chéad uair an 16 Eanáir 2016 (C 015I). Cuireadh deireadh leis nuair a tosaíodh ar an Iris Oifigiúil a fhoilsiú gníomh ar ghníomh. |
Sraitheanna stairiúla
Sraitheanna stairiúla A agus P | Ábhar |
---|---|
A (1952-1958) (e.g. IO A 038) |
Is don fhocal Fraincise ‘antérieur’ a sheasann ‘A’ , i.e. sular bunaíodh na Comhphobail Eorpacha. Cuimsíonn sí gníomhartha reachtacha ón tréimhse idir 1952 agus Aibreán 1958. |
P (1958-1967) (e.g. IO P 050) |
Is don fhocal Fraincise ‘postérieur’ a sheasann ‘P’, i.e. tar éis bhunú na gComhphobal Eorpach. Cuimsíonn sí gníomhartha reachtacha ón tréimhse idir Bealtaine 1958 agus 1967. |
Foshraith | |
CE (Leictreonach) (e.g. IO C 296E) |
Le haghaidh doiciméid leictreonacha amháin. Foilsíodh í idir an 31 Lúnasa 1999 agus an 31 Márta 2014, ar iarratas sa chéad áit ón gCoimisiún, le haghaidh doiciméid COM. Ina dhiaidh sin, bhain siad seo a leanas úsáid freisin as an bhfoshraith:
I gcás doiciméid a d’fhoilsítí roimhe sin mar chuid den fhoshraith seo, is amhlaidh a fhoilsítear anois iad mar chuid den tsraith C. |
Eagráin speisialta
Eagráin speisialta | Ábhar |
---|---|
Foilsítear eagrán speisialta nuair a dhéantar Ballstát den Aontas Eorpach de thír. Is éard atá ann reachtaíocht uile an Aontais atá i bhfeidhm tráth an aontachais (an ‘acquis’), agus í aistrithe go teanga oifigiúil na tíre sin. Tosaítear ar ghníomhartha a aistriú agus a fhoilsiú le haghaidh na n-eagrán speisialta roimh dhul isteach san Aontas don tír, agus is iondúil go dtugtar an obair sin chun críche go gairid tar éis di teacht isteach. Roinntear na heagráin speisialta ina 20 caibidil de réir an Eolaire ar ghníomhartha dlí atá i bhfeidhm. Bíonn imleabhar amháin nó níos mó i ngach ceann díobh. I ndiaidh do thír dul isteach san Aontas, ní hamháin go bhfoilsítear na gníomhartha san eagrán speisialta ach bíonn teacht orthu feasta freisin in EUR-Lex. Féadfaidh tú na heagráin speisialta a bhrabhsáil. |