This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022TN0589
Case T-589/22: Action brought on 22 September 2022 — Silgan Holdings and Others v Commission
Cás T-589/22: Caingean arna tabhairt an 22 Meán Fómhair 2022 – Silgan Holdings agus páirtithe eile v an Coimisiún
Cás T-589/22: Caingean arna tabhairt an 22 Meán Fómhair 2022 – Silgan Holdings agus páirtithe eile v an Coimisiún
IO C 424, 7.11.2022, pp. 49–50
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
7.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 424/49 |
Caingean arna tabhairt an 22 Meán Fómhair 2022 – Silgan Holdings agus páirtithe eile v an Coimisiún
(Cás T-589/22)
(2022/C 424/62)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóirí: Silgan Holdings, Inc. (Stamford, Connecticut, na Stáit Aontaithe), Silgan Holdings Austria GmbH (Vín, an Ostair), Silgan International Holdings BV (Amstardam, an Ísiltír), Silgan Metal Packaging Distribution GmbH (Meißen, an Ghearmáin), Silgan White Cap Manufacturing GmbH (Hannover, an Ghearmáin) (iondaithe: D. Seeliger, H. Wollmann, R. Grafunder, Y.-K. Gürer agus E. Venot, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann na hiarratasóirí ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní, de bhun Airteagal 264 CFAE, a mhéid a bhaineann sé leis na hiarratasóirí; agus |
|
— |
a ordú don Choimisiún na costais a thabhaigh na hiarratasóirí a íoc, de bhun Airteagal 134 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Leis an gcaingean seo, iarrann na hiarratasóirí Cinneadh C(2022) 4761 final ón gCoimisiún an 12 Iúil 2022 maidir le nós imeachta faoi Airteagal 101 CFAE (AT.40522 – Metal Packaging (ex “Pandora”)) a chur ar neamhní.
Mar thaca leis an gcaingean, ardaíonn na hiarratasóirí trí shaincheist dlí:
|
1. |
An chéad saincheist dlí: easpa inniúlachta an chosantóra i ngeall ar shárú ar phrionsabal na coimhdeachta Ní raibh an cosantóir inniúil chun an nós imeachta a sheoladh i gcoinne Silgan ná chun an cinneadh atá faoi chonspóid a ghlacadh. I bhfianaise na bhfiosrúchán mionsonraithe agus gurbh fhéidir cinneadh cinntitheach a ghlacadh faoi na himeachtaí náisiúnta, bhí sé iomchuí go gcuirfeadh an Bundeskartellamt (údarás iomaíochta na Gearmáine) críoch leis an nós imeachta imscrúdaithe sa chás seo. Ní raibh seasamh níos fearr ag an gcosantóir chun an nós imeachta a sheoladh. |
|
2. |
An dara saincheist dlí: mí-úsáid cumhachtaí Cuireadh breithnithe neamhábhartha san áireamh agus an nós imeachta á thionscnamh agus an cinneadh á ghlacadh ag an gcosantóir. Rinneadh iad chun teacht timpeall ar fhorálacha faoi dhlí na Gearmáine maidir le pionóis arna bhforchur i leith sáruithe ar Airteagal 101 CFAE agus chun lúb ar lár líomhnaithe i ndlí na Gearmáine maidir le pionóis a chur ina ceart. |
|
3. |
An tríú saincheist dlí: sárú ar an gceart chun dea-riaracháin faoi Airteagal 41 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Sháraigh an cosantóir prionsabal an dea-riaracháin agus, mar sin, sháraigh sé ceart bunúsach na n-iarratasóirí faoi Airteagal 41 den Chairt, de bharr go bhfuil an cinneadh atá faoi chonspóid díréireach, contrártha d’ionchais dhlisteanacha na n-iarratasóirí agus bunoscionn leis an bprionsabal go bhfuil an riarachán faoi cheangal a ghníomhartha féin. |