EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0445

Cás C-445/22 P: Achomharc arna thabhairt an 4 Iúil 2022 ag Larko Geniki Metalleftiki kai Metallourgiki AE i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Tríú Dlísheomra) a tugadh an 4 Bealtaine 2022 i gCás T-423/14 RENV, Larko Geniki Metalleftiki kai Metallourgiki AE v an Coimisiún

IO C 340, 5.9.2022, p. 23–23 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

5.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 340/23


Achomharc arna thabhairt an 4 Iúil 2022 ag Larko Geniki Metalleftiki kai Metallourgiki AE i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Tríú Dlísheomra) a tugadh an 4 Bealtaine 2022 i gCás T-423/14 RENV, Larko Geniki Metalleftiki kai Metallourgiki AE v an Coimisiún

(Cás C-445/22 P)

(2022/C 340/30)

Teanga an cháis: an Ghréigis

Páirtithe

Achomharcóir: Larko Geniki Metalleftiki kai Metallourgiki AE (ionadaithe: N. Korogiannakis, I. Drillerakis agus E. Rantos, Dlíodóirí)

Páirtí eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an breithiúnas arna thabhairt ag an gCúirt Ghinearálta (an Tríú Dlísheomra) an 4 Bealtaine 2022 i gcás T-423/14 RENV, Larko v an Coimisiún (T-423/14 RENV, EU:T:2022:268) a chur ar neamhní,

an cás a tharchur ar ais chun na Cúirte Ginearálta ionas go rialóidh sí arís, agus

na costais a bhaineann leis na himeachtaí seo a fhorchoimeád.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena achomharc, maíonn an t-achomharcóir an saincheist seo a leanas:

Saincheist: sárú ar Airteagal 107(1) CFAE a mhéid a chinn an Chúirt Ghinearálta gur tugadh buntáiste don achomharcóir le beart 2 (ráthaíocht Stáit de 2008)

Dar leis an achomharcóir, tá roinnt earráidí dlí ag baint le measúnú na Cúirte Ginearálta lenar cinneadh gur tugadh buntáiste dó, de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE, le beart 2 (ráthaíocht Stáit de 2008).

Maíonn an t-achomharcóir, go háirithe, go bhfuil, sa chéad áit, earráid mheasúnaithe i leith phointe 3.2(d) den fhógra maidir leis na ráthaíochtaí ag baint le conclúid na Cúirte Ginearálta agus, sa dara háit, go bhfuil dáileadh earráideach den dualgas cruthúnais idir an Coimisiún agus an Ballstát lena mbaineann, de shárú ar chásdlí na Cúirte, ag baint leis an gconclúid sin.

Thairis sin, tá conclúid an bhreithiúnais atá faoi chonspóid bunaithe ar eilimintí nach bhfuil leordhóthanach agus, in aon chás, nár tharla roimh bhronnadh bheart 2, de shárú ar an léirmhíniú arna thabhairt ag an gCúirt Bhreithiúnais i mbreithiúnas an 26 Márta 2020, Larko v an Coimisiún (C-244/18 P, EU:C:2020:238).

Ar deireadh, maíonn an t-achomharcóir go bhfuil an chonclúid sin bunaithe ar thoimhde dhiúltach, atá bunaithe ar easpa faisnéise chun teacht chun na conclúide contrártha, gan gurb ann d’eilimintí eile de chineál chun a shuí go dearfach gurb ann do bhuntáiste den sórt sin.


Top