EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CA0245

Cásanna Uamtha C-245/21 agus C-248/21: Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlísheomra) an 22 Meán Fómhair 2022 (iarrataí ar réamhrialú ón Bundesverwaltungsgericht – an Ghearmáin) – Bundesrepublik Deutschland vertreten durch Bundesministerium des Innern, für Bau und Heimat v MA (C-245/21), PB (C-245/21), LE (C-248/21), (Tarchur chun réamhrialú – Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 – An Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a chinneadh – Airteagail 27 agus 29 – An duine lena mbaineann a aistriú go dtí an Ballstáit atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar a iarratas – An t-aistriú a chur ar fionraí mar gheall ar an bpaindéim COVID- 19 – Do-aistritheacht – Cosaint dlí – Iarmhairtí ar theorainn ama an aistrithe)

IO C 424, 7.11.2022, p. 12–12 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

7.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 424/12


Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlísheomra) an 22 Meán Fómhair 2022 (iarrataí ar réamhrialú ón Bundesverwaltungsgericht – an Ghearmáin) – Bundesrepublik Deutschland vertreten durch Bundesministerium des Innern, für Bau und Heimat v MA (C-245/21), PB (C-245/21), LE (C-248/21),

(Cásanna Uamtha C-245/21 agus C-248/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 - An Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a chinneadh - Airteagail 27 agus 29 - An duine lena mbaineann a aistriú go dtí an Ballstáit atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar a iarratas - An t-aistriú a chur ar fionraí mar gheall ar an bpaindéim COVID- 19 - Do-aistritheacht - Cosaint dlí - Iarmhairtí ar theorainn ama an aistrithe)

(2022/C 424/12)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesverwaltungsgericht

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Bundesrepublik Deutschland vertreten durch Bundesministerium des Innern, für Bau und Heimat

Cosantóirí: MA (C-245/21), PB (C-245/21), LE (C-248/21)

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 27(4) agus Airteagal 29(1) de Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

nach mbristear an teorainn ama dá bhforáiltear san fhoráil sin i gcás ina nglacann údaráis inniúla Ballstáit, ar bhonn Airteagal 27(4), cinneadh inchúlghairthe lena gcuirtear forfheidhmiú cinnidh aistrithe ar fionraí ar an bhforas go bhfuil sé neamh-infhorfheidhmithe go hábhartha mar gheall ar an bpaindéim COVID- 19.


(1)  IO C 278, 12.7.2021.


Top