This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023C0123(01)
European Declaration on Digital Rights and Principles for the Digital Decade 2023/C 23/01
An Dearbhú Eorpach maidir le Cearta Digiteacha agus Prionsabail Dhigiteacha le haghaidh na Deacáide Digití 2023/C 23/01
An Dearbhú Eorpach maidir le Cearta Digiteacha agus Prionsabail Dhigiteacha le haghaidh na Deacáide Digití 2023/C 23/01
PUB/2023/89
IO C 23, 23.1.2023, p. 1–7
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
23.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 23/1 |
An Dearbhú Eorpach maidir le Cearta Digiteacha agus Prionsabail Dhigiteacha le haghaidh na Deacáide Digití
(2023/C 23/01)
Déanann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún an Dearbhú comhpháirteach maidir le Cearta Digiteacha agus Prionsabail Dhigiteacha le haghaidh na Deacáide Digití seo a leanas a fhógairt go sollúnta
Brollach
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
“Aontas luachanna” atá san Aontas Eorpach (an tAontas), mar a chumhdaítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, atá fothaithe ar an meas ar dhínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, an smacht reachta agus ar an meas ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. Thairis sin, de réir Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, tá an tAontas fothaithe ar luachanna doroinnte uilíocha dhínit an duine, na saoirse, an chomhionannais agus na dlúthpháirtíochta. Leis an gCairt, athdhearbhaítear freisin na cearta a eascraíonn, go háirithe, as oibleagáidí idirnáisiúnta is coiteann do na Ballstáit. |
(2) |
Bíonn tionchar ag an gclaochlú digiteach ar gach gné de shaol na ndaoine. Cuireann sé deiseanna suntasacha ar fáil le haghaidh cáilíocht saoil níos fearr, fás eacnamaíoch agus inbhuanaitheacht. |
(3) |
Tá dúshláin ag baint leis an gclaochlú digiteach freisin dár sochaithe daonlathacha, dár ngeilleagair agus do dhaoine. Agus luas bailithe faoin gclaochlú digiteach, tá sé in am don Aontas míniú soiléir a thabhairt ar an gcaoi ar cheart a luachanna agus a chearta bunúsacha is infheidhme as líne a chur i bhfeidhm sa timpeallacht dhigiteach. Níor cheart aon ghearradh siar ar chearta a bheith i gceist leis an gclaochlú digiteach. A bhfuil neamhdhleathach as líne, beidh sé neamhdhleathach ar líne freisin. Beidh an Dearbhú seo gan dochar do “beartais as líne”, mar shampla an ceart rochtana ar chroísheirbhísí poiblí as líne. |
(4) |
Tá sé iarrtha roinnt babhtaí ag an bParlaimint go ndéanfaí prionsabail eiticiúla a bhunú mar threoir do chur chuige an Aontais i leith an chlaochlaithe dhigitigh, agus go n-áiritheofaí go ndéanfaí na cearta bunúsacha a chomhlíonadh go huile agus go hiomlán, mar shampla cosaint sonraí, an ceart chun príobháideachais, neamh-idirdhealú agus comhionannas inscne, agus go gcloífí le prionsabail cosúil le cosaint na dtomhaltóirí, an neodracht theicneolaíoch agus líonra, an iontaofacht agus an chuimsitheacht. D’iarr sí freisin go ndéanfaí cosaint chearta na n-úsáideoirí a neartú sa timpeallacht dhigiteach, chomh maith le cearta oibrithe agus an ceart chun dícheangail (1). |
(5) |
Agus iad ag cur le tionscnaimh a tháinig roimhe seo, ar nós “Dearbhú Thaillinn maidir le R-sheirbhísí Rialtais” agus “Dearbhú Bheirlín maidir leis an tSochaí Dhigiteach agus Rialtas Digiteach Luachbhunaithe”, d’iarr na Ballstáit, trí “Dearbhú Liospóin – Daonlathas Digiteach a bhfuil Cuspóir aige” go mbunófaí samhail den chlaochlú digiteach a neartódh an ghné dhaonna den éiceachóras digiteach, éiceachóras a mbeadh an Margadh Aonair Digiteach ina chroílár. D’iarr na Ballstáit freisin go mbunófaí samhail den chlaochlú digiteach lena n-áiritheofaí go gcabhródh an teicneolaíocht linn gníomhú ar son na haeráide agus an comhshaol a chosaint. |
(6) |
I bhfís an Aontais maidir leis an gclaochlú digiteach, cuirtear an pobal i gcroílár an chlaochlaithe, tugtar cumhacht don duine aonair agus cothaítear gnólachtaí nuálacha. Sa Chinneadh maidir le “Clár Beartais na Deacáide Digití 2030”, leagtar amach na spriocanna digiteacha nithiúla bunaithe ar cheithre shainphointe (scileanna digiteacha, bonneagar digiteach, digiteáil na ngnólachtaí agus digiteáil na seirbhísí poiblí). Agus an tAontas ar chonair chuig claochlú digiteach ár sochaithe agus ár ngeilleagair, is iomaí clochmhíle ar feadh an bhealaigh, mar shampla an cheannasacht dhigiteach ar ceannasacht atá oscailte í, an urraim do chearta bunúsacha, an smacht reachta agus an daonlathas, an cuimsiú, an inrochtaineacht, an comhionannas, an inbhuanaitheacht, an athléimneacht, an tslándáil, feabhsú na cáilíochta saoil, an infhaighteacht seirbhísí agus an urraim do chearta agus uaillmhianta an uile dhuine. Ba cheart go gcuirfeadh sé le geilleagar agus sochaí atá dinimiciúil, tíosach ar acmhainní agus cothrom san Aontas. |
(7) |
Leagtar amach go glé sa Dearbhú seo na rúin agus na gealltanais pholaitiúla is coiteann dúinn, agus meabhraítear na cearta sin ar mó a n-ábharthacht i gcomhthéacs an chlaochlaithe dhigitigh. Ba cheart freisin don Dearbhú a bheith mar threoir ag lucht ceaptha beartas agus machnamh á dhéanamh acu ar a bhfís féin den chlaochlú digiteach: daoine a chur i gcroílár an chlaochlaithe; tacú leis an dlúthpháirtíocht agus an cuimsiú, tríd an nascacht, an oideachas, an oiliúint agus scileanna digiteacha, agus dálaí oibre córa cothroma chomh maith le rochtain ar sheirbhísí poiblí digiteacha ar líne; a thábhachtaí atá an tsaoirse rogha san idirghníomhaíocht le halgartaim agus le córais intleachta saorga, agus i dtimpeallacht dhigiteach chothrom; rannpháirtíocht a chothú sa spás poiblí digiteach; cur leis an tsábháilteacht, an tslándáil agus an cumhachtú sa timpeallacht dhigiteach, go háirithe do leanaí agus daoine óga, agus príobháideachas á áirithiú ag an am céanna agus go mbeadh smacht ag an duine aonair ar shonraí; an inbhuanaitheacht a chur chun cinn. Ba cheart caibidlí éagsúla an Dearbhaithe seo a fheiceáil mar chreat iomlánaíoch tagartha amháin agus níor cheart aon cheann acu a léamh agus é leithlisithe. |
(8) |
Ba cheart don Dearbhú seo feidhmiú freisin mar phointe tagartha do ghnólachtaí agus do ghníomhaithe ábhartha eile agus teicneolaíochtaí nua á bhforbairt agus á gcur i bhfeidhm acu. Is den tábhacht go ndéanfaí an taighde agus an nuálaíocht a chur chun cinn i ndáil leis an méid sin. Ba cheart aird ar leith a thabhairt freisin ar FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta. |
(9) |
Ba cheart feidhmiú daonlathach na sochaí digití agus an gheilleagair dhigitigh a neartú a thuilleadh, agus lánurraim á tabhairt don smacht reachta, leigheasanna éifeachtacha agus forfheidhmiú an dlí. Ní dhéanfaidh an Dearbhú seo difear d’aon teorainneacha dleathacha ar fheidhmiú na gceart, le go mbeadh siad ag réiteach le feidhmiú ceart eile, ná do shrianta riachtanacha comhréireacha ar mhaithe le leas an phobail. |
(10) |
Tógann an Dearbhú seo ar an mbonn atá leagtha síos ag dlí príomha an Aontais, go háirithe an Conradh ar an Aontas Eorpach, an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus leagtha síos ag an dlí tánaisteach agus ag cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Tógann sé freisin ar cholún Eorpach na gceart sóisialta, agus comhlánaíonn sé é. Mar dhearbhú is de chineál dearbhaitheach é agus, dá bhrí sin, ní dhéanann sé difear d’ábhar aon rialacha dlíthiúla ná dá gcur i bhfeidhm. |
(11) |
Ina chaidrimh le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile agus le tríú tíortha, ba cheart don Aontas an Dearbhú seo a chur chun cinn, lena n-áirítear trí na cearta agus na prionsabail chéanna a léiriú ina chaidreamh trádála, agus é mar uaillmhian aige go mbeidh na prionsabail sin ina dtreoir freisin ag na comhpháirtithe idirnáisiúnta le haghaidh claochlú digiteach a mbeidh an pobal agus a gcearta daonna uilíocha ina lár ar fud an domhain. Go háirithe, ba cheart don Dearbhú fónamh mar thagairt do ghníomhaíochtaí na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta, mar shampla Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe a chur i gcrích, chomh maith le cur chuige na n-il-gheallsealbhóirí maidir le rialachas an idirlín. |
(12) |
Is gealltanas agus freagracht pholaitiúil i gcoiteann é ag an Aontas agus na Ballstáit an Dearbhú a chur chun cinn agus a chur i bhfeidhm, laistigh dá n-inniúlachtaí faoi seach agus i gcomhréir iomlán le dlí an Aontais. Tuairisceoidh an Coimisiún go rialta don Pharlaimint agus don Chomhairle maidir leis an dul chun cinn a bheidh déanta. Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún na prionsabail dhigiteacha agus na cearta digiteacha a leagtar síos sa Dearbhú seo a chur san áireamh agus iad ag obair i gcomhar le chéile d’fhonn na cuspóirí ginearálta a leagtar amach sa Chinneadh maidir le “Clár Beartais na Deacáide Digití 2030” a bhaint amach. |
An Dearbhú maidir le Cearta Digiteacha agus Prionsabail Dhigiteacha le haghaidh na Deacáide Digití
Tá sé d’aidhm againn conair Eorpach chuig an gclaochlú digiteach a chur chun cinn, lena mbeidh an pobal i gcroílár an chlaochlaithe, bunaithe ar luachanna Eorpacha agus ar chearta bunúsacha an Aontais, lena n-athdhearbhófar cearta uilíocha an duine, agus a rachaidh chun sochair an uile dhuine, gach gnóthas agus na sochaí ina hiomláine.
Dá bhrí sin, dearbhaímid:
CAIBIDIL I
An pobal a chur i gcroílár an chlaochlaithe dhigitigh
1. |
Is é an pobal atá i gcroílár an chlaochlaithe dhigitigh san Aontas Eorpach. Ba cheart don teicneolaíocht freastal ar gach uile dhuine a bhfuil cónaí air nó uirthi san Aontas agus dul chun tairbhe dóibh, agus iad a chumhachtú le go bhféadfaidís a n-uaillmhianta a shaothrú, go slán sábháilte, agus lánurraim ar a gcearta bunúsacha.
Geallaimid:
|
CAIBIDIL II
Dlúthpháirtíocht agus cuimsiú
2. |
Ba cheart an teicneolaíocht a úsáid chun daoine a thabhairt le chéile seachas iad a dheighilt. Ba cheart don chlaochlú digiteach cur le sochaí agus geilleagar cothrom cuimsitheach san Aontas.
Geallaimid:
|
An nascacht
3. |
Ba cheart rochtain a bheith ag an uile dhuine, i ngach cuid den Aontas, ar nascacht dhigiteach inacmhainne ardluais.
Geallaimid:
|
Oideachas digiteach, oiliúint dhigiteach agus scileanna digiteacha
4. |
Tá ag gach duine an ceart chun oideachais, oiliúna agus foghlama ar feadh an tsaoil agus ba cheart dóibh a bheith in ann na bunscileanna digiteacha agus na hardscileanna digiteacha uile a ghnóthú.
Geallaimid:
|
Dálaí oibre cothroma agus córa
5. |
Tá ag gach duine an ceart chun dálaí oibre cothroma, córa, sláintiúla agus sábháilte, agus chun cosaint iomchuí sa timpeallacht dhigiteach, díreach mar atá ann sa láthair oibre fhisiciúil, gan beann ar a stádas fostaíochta, a módúlacht nó fad na tréimhse atá caite acu sa láthair oibre. |
6. |
Tá ról nach beag ag na ceardchumainn agus ag eagraíochtaí fostóirí sa chlaochlú digiteach, go háirithe maidir le dálaí oibre cothroma agus córa a shainiú, lena n-áirítear maidir le húsáid uirlisí digiteacha ag an obair.
Geallaimid:
|
Seirbhísí poiblí digiteacha ar líne
7. |
Ba cheart rochtain ar líne a bheith ag an uile dhuine ar chroísheirbhísí poiblí san Aontas Eorpach. Ní iarrfar ar aon duine sonraí a sholáthar níos minice ná mar is gá agus rochtain á fáil acu ar chroísheirbhísí poiblí, nó nuair atá na seirbhísí sin á n-úsáid acu.
Geallaimid:
|
CAIBIDIL III
Saoirse rogha
An idirghníomhaíocht le halgartaim agus córais intleachta saorga
8. |
Ba cheart don intleacht shaorga fónamh do dhaoine, agus é mar aidhm léi, go bunúsach, cur le dea-bhail an duine. |
9. |
Ba cheart an uile dhuine a chumhachtú chun tairbhe a bhaint as buntáistí na gcóras algartamach agus intleachta saorga trína roghanna eolasacha féin a dhéanamh sa timpeallacht dhigiteach, agus iad á gcosaint ó rioscaí agus ó dhíobháil dá sláinte, dá sábháilteacht agus dá gcearta bunúsacha.
Geallaimid:
|
Timpeallacht chothrom dhigiteach
10. |
Ba cheart a bheith ar chumas an uile dhuine a roghnú go héifeachtach agus gan bhac cé na seirbhísí ar líne a úsáidfidh siad, bunaithe ar fhaisnéis oibiachtúil, inrochtana, thrédhearcach agus iontaofa. |
11. |
Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag gach duine dul in iomaíocht go cothrom agus dul i mbun nuálaíochta sa timpeallacht dhigiteach. Ba cheart go rachadh an méid sin chun tairbhe freisin do ghnólachtaí, lena n-áirítear FBManna.
Geallaimid:
|
CAIBIDIL IV
Rannpháirtíocht sa spás poiblí digiteach
12. |
Ba cheart rochtain a bheith ag an uile dhuine ar thimpeallacht dhigiteach iontaofa, éagsúil agus ilteangach. Cuireann rochtain ar inneachar éagsúil le díospóireacht phoiblí iolraíoch agus le rannpháirtíocht éifeachtach sa daonlathas ar bhealach neamh-idirdhealaitheach. |
13. |
Tá ag gach duine an ceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, chomh maith le saoirse comhthionóil agus comhlachais sa timpeallacht dhigiteach. |
14. |
Ba cheart a bheith ar chumas an uile dhuine faisnéis a rochtain lena fháil amach cé leis na seirbhísí meán atá á n-úsáid acu, nó cé a dhéanann rialú orthu. |
15. |
Ba cheart d’ardáin ar líne, go háirithe ardáin an-mhór ar líne, tacú le díospóireacht dhaonlathach shaor ar líne. I bhfianaise an róil atá ag a gcuid seirbhísí maidir le tuairimí agus dioscúrsa an phobail a mhúnlú, ba cheart d’ardáin an-mhór ar líne na rioscaí a eascraíonn as feidhmiú agus úsáid a seirbhísí a mhaolú, lena n-áirítear i ndáil le feachtais mhífhaisnéise agus bréagaisnéise, agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh a chosaint.
Geallaimid:
|
CAIBIDIL V
Sábháilteacht, slándáil agus cumhachtú
Timpeallacht dhigiteach atá cosanta, sábháilte agus slán
16. |
Ba cheart rochtain a bheith ag an uile dhuine ar theicneolaíochtaí, ar tháirgí agus ar sheirbhísí digiteacha atá ceaptha le bheith sábháilte, slán agus a chosnaíonn an príobháideachas, agus ba cheart a bheith mar thoradh air sin go mbeadh ardleibhéal rúndachta, sláine, infhaighteachta agus barántúlachta ag roinnt leis an bhfaisnéis a phróiseáiltear.
Geallaimid:
|
Príobháideachas agus rialú aonair ar shonraí
17. |
Tá ag gach duine an ceart chun príobháideachais agus an ceart go ndéanfar a gcuid sonraí pearsanta a chosaint. Áirítear leis an dara ceart sin gur féidir le daoine aonair an chaoi a n-úsáidfear a gcuid sonraí pearsanta agus cé leis a roinnfear iad a rialú. |
18. |
Tá ag gach duine an ceart maidir le rúndacht a gcumarsáide agus rúndacht na faisnéise ar a ngléasanna leictreonacha, agus gan a bheith faoi réir faireachas neamhdhleathach ar líne, rianú neamhdhleathach forleatach nó bearta idircheaptha neamhdhleathacha. |
19. |
Ba cheart do gach duine a bheith in ann a leagáid dhigiteach a shocrú, agus ba cheart dóibh a bheith in ann a chinneadh céard a tharlóidh lena gcuntais phearsanta agus leis an bhfaisnéis a bhaineann leo, tar éis bháis dóibh.
Geallaimid:
|
Leanaí agus daoine óga a chosaint agus a chumhachtú sa timpeallacht dhigiteach
20. |
Ba cheart leanaí agus daoine óga a chumhachtú chun roghanna sábháilte agus eolasacha a dhéanamh agus chun a gcruthaitheacht a chur in iúl sa timpeallacht dhigiteach. |
21. |
Le hábhair agus seirbhísí atá oiriúnach don aois, ba cheart feabhas a chur ar thaithí, ar dhea-bhail agus ar rannpháirtíocht leanaí agus daoine óga sa timpeallacht dhigiteach. |
22. |
Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar an gceart atá ag leanaí agus ag daoine óga cosaint a fháil ar gach coir a dhéantar trí bhíthin teicneolaíochtaí digiteacha nó a éascaítear leo.
Geallaimid:
|
CAIBIDIL VI
Inbhuanaitheacht
23. |
D’fhonn díobháil shuntasach don chomhshaol a sheachaint, agus geilleagar ciorclach a chur chun cinn, ba cheart táirgí agus seirbhísí digiteacha a dhearadh, a tháirgeadh, a úsáid, a dheisiú, a athchúrsáil agus a dhiúscairt ar bhealach lena maolaítear a dtionchar diúltach ar an gcomhshaol agus ar an tsochaí agus lena seachnaítear an dífheidhmeacht roimh am. |
24. |
Ba cheart don uile dhuine rochtain a bheith aige ar fhaisnéis, atá cruinn sothuigthe, faoi thionchar comhshaoil agus ídiú fuinnimh táirgí agus seirbhísí digiteacha, faoina n-indeisitheacht agus faoina saolré, faisnéis lena gceadófar dóibh roghanna freagracha a dhéanamh.
Geallaimid:
|
(1) 2020/2216(INI); 2020/2018(INL); 2020/2019(INL); 2020/2022(INI); 2020/2012(INL); 2020/2014(INL); 2020/2015 (INI); 2020/2017 (INI); 2019/2186(INI); 2019/2181(INL); 2022/2266 (INI)