EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023C0123(01)

An Dearbhú Eorpach maidir le Cearta Digiteacha agus Prionsabail Dhigiteacha le haghaidh na Deacáide Digití 2023/C 23/01

PUB/2023/89

OJ C 23, 23.1.2023, p. 1–7 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 23/1


An Dearbhú Eorpach maidir le Cearta Digiteacha agus Prionsabail Dhigiteacha le haghaidh na Deacáide Digití

(2023/C 23/01)

Déanann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún an Dearbhú comhpháirteach maidir le Cearta Digiteacha agus Prionsabail Dhigiteacha le haghaidh na Deacáide Digití seo a leanas a fhógairt go sollúnta

Brollach

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

“Aontas luachanna” atá san Aontas Eorpach (an tAontas), mar a chumhdaítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, atá fothaithe ar an meas ar dhínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, an smacht reachta agus ar an meas ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. Thairis sin, de réir Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, tá an tAontas fothaithe ar luachanna doroinnte uilíocha dhínit an duine, na saoirse, an chomhionannais agus na dlúthpháirtíochta. Leis an gCairt, athdhearbhaítear freisin na cearta a eascraíonn, go háirithe, as oibleagáidí idirnáisiúnta is coiteann do na Ballstáit.

(2)

Bíonn tionchar ag an gclaochlú digiteach ar gach gné de shaol na ndaoine. Cuireann sé deiseanna suntasacha ar fáil le haghaidh cáilíocht saoil níos fearr, fás eacnamaíoch agus inbhuanaitheacht.

(3)

Tá dúshláin ag baint leis an gclaochlú digiteach freisin dár sochaithe daonlathacha, dár ngeilleagair agus do dhaoine. Agus luas bailithe faoin gclaochlú digiteach, tá sé in am don Aontas míniú soiléir a thabhairt ar an gcaoi ar cheart a luachanna agus a chearta bunúsacha is infheidhme as líne a chur i bhfeidhm sa timpeallacht dhigiteach. Níor cheart aon ghearradh siar ar chearta a bheith i gceist leis an gclaochlú digiteach. A bhfuil neamhdhleathach as líne, beidh sé neamhdhleathach ar líne freisin. Beidh an Dearbhú seo gan dochar do “beartais as líne”, mar shampla an ceart rochtana ar chroísheirbhísí poiblí as líne.

(4)

Tá sé iarrtha roinnt babhtaí ag an bParlaimint go ndéanfaí prionsabail eiticiúla a bhunú mar threoir do chur chuige an Aontais i leith an chlaochlaithe dhigitigh, agus go n-áiritheofaí go ndéanfaí na cearta bunúsacha a chomhlíonadh go huile agus go hiomlán, mar shampla cosaint sonraí, an ceart chun príobháideachais, neamh-idirdhealú agus comhionannas inscne, agus go gcloífí le prionsabail cosúil le cosaint na dtomhaltóirí, an neodracht theicneolaíoch agus líonra, an iontaofacht agus an chuimsitheacht. D’iarr sí freisin go ndéanfaí cosaint chearta na n-úsáideoirí a neartú sa timpeallacht dhigiteach, chomh maith le cearta oibrithe agus an ceart chun dícheangail (1).

(5)

Agus iad ag cur le tionscnaimh a tháinig roimhe seo, ar nós “Dearbhú Thaillinn maidir le R-sheirbhísí Rialtais” agus “Dearbhú Bheirlín maidir leis an tSochaí Dhigiteach agus Rialtas Digiteach Luachbhunaithe”, d’iarr na Ballstáit, trí “Dearbhú Liospóin – Daonlathas Digiteach a bhfuil Cuspóir aige” go mbunófaí samhail den chlaochlú digiteach a neartódh an ghné dhaonna den éiceachóras digiteach, éiceachóras a mbeadh an Margadh Aonair Digiteach ina chroílár. D’iarr na Ballstáit freisin go mbunófaí samhail den chlaochlú digiteach lena n-áiritheofaí go gcabhródh an teicneolaíocht linn gníomhú ar son na haeráide agus an comhshaol a chosaint.

(6)

I bhfís an Aontais maidir leis an gclaochlú digiteach, cuirtear an pobal i gcroílár an chlaochlaithe, tugtar cumhacht don duine aonair agus cothaítear gnólachtaí nuálacha. Sa Chinneadh maidir le “Clár Beartais na Deacáide Digití 2030”, leagtar amach na spriocanna digiteacha nithiúla bunaithe ar cheithre shainphointe (scileanna digiteacha, bonneagar digiteach, digiteáil na ngnólachtaí agus digiteáil na seirbhísí poiblí). Agus an tAontas ar chonair chuig claochlú digiteach ár sochaithe agus ár ngeilleagair, is iomaí clochmhíle ar feadh an bhealaigh, mar shampla an cheannasacht dhigiteach ar ceannasacht atá oscailte í, an urraim do chearta bunúsacha, an smacht reachta agus an daonlathas, an cuimsiú, an inrochtaineacht, an comhionannas, an inbhuanaitheacht, an athléimneacht, an tslándáil, feabhsú na cáilíochta saoil, an infhaighteacht seirbhísí agus an urraim do chearta agus uaillmhianta an uile dhuine. Ba cheart go gcuirfeadh sé le geilleagar agus sochaí atá dinimiciúil, tíosach ar acmhainní agus cothrom san Aontas.

(7)

Leagtar amach go glé sa Dearbhú seo na rúin agus na gealltanais pholaitiúla is coiteann dúinn, agus meabhraítear na cearta sin ar mó a n-ábharthacht i gcomhthéacs an chlaochlaithe dhigitigh. Ba cheart freisin don Dearbhú a bheith mar threoir ag lucht ceaptha beartas agus machnamh á dhéanamh acu ar a bhfís féin den chlaochlú digiteach: daoine a chur i gcroílár an chlaochlaithe; tacú leis an dlúthpháirtíocht agus an cuimsiú, tríd an nascacht, an oideachas, an oiliúint agus scileanna digiteacha, agus dálaí oibre córa cothroma chomh maith le rochtain ar sheirbhísí poiblí digiteacha ar líne; a thábhachtaí atá an tsaoirse rogha san idirghníomhaíocht le halgartaim agus le córais intleachta saorga, agus i dtimpeallacht dhigiteach chothrom; rannpháirtíocht a chothú sa spás poiblí digiteach; cur leis an tsábháilteacht, an tslándáil agus an cumhachtú sa timpeallacht dhigiteach, go háirithe do leanaí agus daoine óga, agus príobháideachas á áirithiú ag an am céanna agus go mbeadh smacht ag an duine aonair ar shonraí; an inbhuanaitheacht a chur chun cinn. Ba cheart caibidlí éagsúla an Dearbhaithe seo a fheiceáil mar chreat iomlánaíoch tagartha amháin agus níor cheart aon cheann acu a léamh agus é leithlisithe.

(8)

Ba cheart don Dearbhú seo feidhmiú freisin mar phointe tagartha do ghnólachtaí agus do ghníomhaithe ábhartha eile agus teicneolaíochtaí nua á bhforbairt agus á gcur i bhfeidhm acu. Is den tábhacht go ndéanfaí an taighde agus an nuálaíocht a chur chun cinn i ndáil leis an méid sin. Ba cheart aird ar leith a thabhairt freisin ar FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta.

(9)

Ba cheart feidhmiú daonlathach na sochaí digití agus an gheilleagair dhigitigh a neartú a thuilleadh, agus lánurraim á tabhairt don smacht reachta, leigheasanna éifeachtacha agus forfheidhmiú an dlí. Ní dhéanfaidh an Dearbhú seo difear d’aon teorainneacha dleathacha ar fheidhmiú na gceart, le go mbeadh siad ag réiteach le feidhmiú ceart eile, ná do shrianta riachtanacha comhréireacha ar mhaithe le leas an phobail.

(10)

Tógann an Dearbhú seo ar an mbonn atá leagtha síos ag dlí príomha an Aontais, go háirithe an Conradh ar an Aontas Eorpach, an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus leagtha síos ag an dlí tánaisteach agus ag cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Tógann sé freisin ar cholún Eorpach na gceart sóisialta, agus comhlánaíonn sé é. Mar dhearbhú is de chineál dearbhaitheach é agus, dá bhrí sin, ní dhéanann sé difear d’ábhar aon rialacha dlíthiúla ná dá gcur i bhfeidhm.

(11)

Ina chaidrimh le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile agus le tríú tíortha, ba cheart don Aontas an Dearbhú seo a chur chun cinn, lena n-áirítear trí na cearta agus na prionsabail chéanna a léiriú ina chaidreamh trádála, agus é mar uaillmhian aige go mbeidh na prionsabail sin ina dtreoir freisin ag na comhpháirtithe idirnáisiúnta le haghaidh claochlú digiteach a mbeidh an pobal agus a gcearta daonna uilíocha ina lár ar fud an domhain. Go háirithe, ba cheart don Dearbhú fónamh mar thagairt do ghníomhaíochtaí na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta, mar shampla Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe a chur i gcrích, chomh maith le cur chuige na n-il-gheallsealbhóirí maidir le rialachas an idirlín.

(12)

Is gealltanas agus freagracht pholaitiúil i gcoiteann é ag an Aontas agus na Ballstáit an Dearbhú a chur chun cinn agus a chur i bhfeidhm, laistigh dá n-inniúlachtaí faoi seach agus i gcomhréir iomlán le dlí an Aontais. Tuairisceoidh an Coimisiún go rialta don Pharlaimint agus don Chomhairle maidir leis an dul chun cinn a bheidh déanta. Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún na prionsabail dhigiteacha agus na cearta digiteacha a leagtar síos sa Dearbhú seo a chur san áireamh agus iad ag obair i gcomhar le chéile d’fhonn na cuspóirí ginearálta a leagtar amach sa Chinneadh maidir le “Clár Beartais na Deacáide Digití 2030” a bhaint amach.

An Dearbhú maidir le Cearta Digiteacha agus Prionsabail Dhigiteacha le haghaidh na Deacáide Digití

Tá sé d’aidhm againn conair Eorpach chuig an gclaochlú digiteach a chur chun cinn, lena mbeidh an pobal i gcroílár an chlaochlaithe, bunaithe ar luachanna Eorpacha agus ar chearta bunúsacha an Aontais, lena n-athdhearbhófar cearta uilíocha an duine, agus a rachaidh chun sochair an uile dhuine, gach gnóthas agus na sochaí ina hiomláine.

Dá bhrí sin, dearbhaímid:

CAIBIDIL I

An pobal a chur i gcroílár an chlaochlaithe dhigitigh

1.

Is é an pobal atá i gcroílár an chlaochlaithe dhigitigh san Aontas Eorpach. Ba cheart don teicneolaíocht freastal ar gach uile dhuine a bhfuil cónaí air nó uirthi san Aontas agus dul chun tairbhe dóibh, agus iad a chumhachtú le go bhféadfaidís a n-uaillmhianta a shaothrú, go slán sábháilte, agus lánurraim ar a gcearta bunúsacha.

Geallaimid:

a)

go neartóimid an creat daonlathach le haghaidh claochlú digiteach a rachaidh chun tairbhe do chách agus a chuirfidh feabhas ar shaol gach duine a bhfuil cónaí air nó uirthi san Aontas;

b)

go ndéanfaimid na bearta is gá chun a áirithiú go n-urramófar luachanna an Aontais agus cearta daoine aonair i gcomhréir le dlí an Aontais, ar líne agus as líne;

c)

go gcothóimid agus go n-áiritheoimid gníomhaíocht fhreagrach dhícheallach ó gach gníomhaí - poiblí agus príobháideach - sa timpeallacht dhigiteach;

d)

go gcuirfimid fís seo an chlaochlaithe dhigitigh chun cinn go gníomhach, agus inár gcaidrimh idirnáisiúnta freisin.

CAIBIDIL II

Dlúthpháirtíocht agus cuimsiú

2.

Ba cheart an teicneolaíocht a úsáid chun daoine a thabhairt le chéile seachas iad a dheighilt. Ba cheart don chlaochlú digiteach cur le sochaí agus geilleagar cothrom cuimsitheach san Aontas.

Geallaimid:

a)

go n-áiritheoimid, i ndáil le dearadh, forbairt, feidhmiú agus úsáid na réiteach teicneolaíoch, go n-urramófar na cearta bunúsacha, go bhféachfar go mbeifear in ann iad a fheidhmiú agus go ndéanfar an dlúthpháirtíocht agus an cuimsiú a chur chun cinn;

b)

gur claochlú digiteach a bheidh ann nach bhfágfaidh aon duine ar lár. Ba cheart go rachadh sé chun tairbhe do chách, go mbeadh an chothromaíocht inscne ann, agus go háirithe go gcuimseofaí ann daoine scothaosta, daoine atá ina gcónaí i gceantair thuaithe, daoine faoi mhíchumas, nó daoine imeallaithe, leochaileacha nó díchumhachtaithe, chomh maith leis na daoine sin a ghníomhaíonn thar a gceann. Ba cheart freisin go ndéanfaí an éagsúlacht chultúrtha agus teanga a chur chun cinn leis;

c)

go bhforbróimid creataí leordhóthanacha ionas go nglacfaidh gach gníomhaí margaidh a thairbhíonn den chlaochlú digiteach lena chuid freagrachtaí sóisialta agus go rannchuideoidh sé nó sí ar bhealach cothrom comhréireach le costais na n-earraí, na seirbhísí agus na mbonneagar poiblí, ar mhaithe leis an uile dhuine a bhfuil cónaí air nó uirthi san Eoraip.

An nascacht

3.

Ba cheart rochtain a bheith ag an uile dhuine, i ngach cuid den Aontas, ar nascacht dhigiteach inacmhainne ardluais.

Geallaimid:

a)

go bhféachfaimid chuige go mbeidh rochtain ar nascacht ardcháilíochta, agus rochtain ar an idirlíon, ag an uile dhuine is cuma cá háit san Aontas a bhfuil siad, lena n-áirítear dóibh siúd atá ar ísealioncam;

b)

go gcosnóimid agus go gcuirfimid chun cinn Idirlíon atá neodrach agus oscailte nach mblocáiltear nó nach ndíghrádaítear ábhar, seirbhísí agus feidhmchláir air gan chúis mhaith.

Oideachas digiteach, oiliúint dhigiteach agus scileanna digiteacha

4.

Tá ag gach duine an ceart chun oideachais, oiliúna agus foghlama ar feadh an tsaoil agus ba cheart dóibh a bheith in ann na bunscileanna digiteacha agus na hardscileanna digiteacha uile a ghnóthú.

Geallaimid:

a)

go ndéanfaimid oideachas agus oiliúint dhigiteach ardcháilíochta a chur chun cinn, lena n-áirítear d’fhonn an bhearna dhigiteach idir na hinscní a laghdú;

b)

go dtacóimid le hiarrachtaí lena gceadaítear d’fhoghlaimeoirí agus do mhúinteoirí na scileanna agus na hinniúlachtaí digiteacha is gá a ghnóthú, lena n-áirítear litearthacht sna meáin agus smaointeoireacht chriticiúil, chun páirt ghníomhach a ghlacadh sa gheilleagar, sa tsochaí agus i bpróisis dhaonlathacha;

c)

go gcuirfimid chun cinn na hiarrachtaí chun nascacht dhigiteach, bonneagar digiteach agus uirlisí digiteacha a thabhairt do gach institiúid oideachais agus oiliúna, agus go dtacóimid leis na hiarrachtaí sin;

d)

go dtabharfaimid an fhéidearthacht do gach duine teacht isteach ar athruithe a bhaineann le digiteáil na hoibre trí uas-sciliú agus athsciliú.

Dálaí oibre cothroma agus córa

5.

Tá ag gach duine an ceart chun dálaí oibre cothroma, córa, sláintiúla agus sábháilte, agus chun cosaint iomchuí sa timpeallacht dhigiteach, díreach mar atá ann sa láthair oibre fhisiciúil, gan beann ar a stádas fostaíochta, a módúlacht nó fad na tréimhse atá caite acu sa láthair oibre.

6.

Tá ról nach beag ag na ceardchumainn agus ag eagraíochtaí fostóirí sa chlaochlú digiteach, go háirithe maidir le dálaí oibre cothroma agus córa a shainiú, lena n-áirítear maidir le húsáid uirlisí digiteacha ag an obair.

Geallaimid:

a)

go n-áiritheoimid go bhféadfaidh gach duine dícheangal agus tairbhiú de choimircí maidir le cothromaíocht oibre is saoil i dtimpeallacht dhigiteach;

b)

go n-áiritheoimid, i gcás na timpeallachta oibre, nach gcuirfidh uirlisí digiteacha sláinte fhisiciúil agus mheabhrach na n-oibrithe i mbaol ar bhealach ar bith;

c)

go n-áiritheoimid go n-urramófar cearta bunúsacha oibrithe sa timpeallacht dhigiteach, lena n-áirítear a gceart chun príobháideachais agus an ceart chun comhlachú, an ceart chun cómhargála agus chun caingne, chomh maith le cosaint ar fhaireachas neamhdhleathach gan údar;

d)

go n-áiritheoimid go mbeidh úsáid na hintleachta saorga san ionad oibre trédhearcach agus go leanfaidh sí cur chuige rioscabhunaithe agus go ndéanfar bearta coisctheacha comhfhreagracha chun timpeallacht oibre shábháilte agus shláintiúil a chothabháil;

e)

go n-áiritheoimid go háirithe go ráthófar formhaoirseacht dhaonna i gcinntí tábhachtacha adhéanann difear d’oibrithe, agus go gcuirfear oibrithe ar an eolas i gcoitinne gur ag idirghníomhú le córais intleachta saorga atá siad.

Seirbhísí poiblí digiteacha ar líne

7.

Ba cheart rochtain ar líne a bheith ag an uile dhuine ar chroísheirbhísí poiblí san Aontas Eorpach. Ní iarrfar ar aon duine sonraí a sholáthar níos minice ná mar is gá agus rochtain á fáil acu ar chroísheirbhísí poiblí, nó nuair atá na seirbhísí sin á n-úsáid acu.

Geallaimid:

a)

go n-áiritheoimid go dtairgfear do dhaoine a bhfuil cónaí orthu san Aontas Eorpach an deis leas a bhaint as chéannacht dhigiteach atá inrochtana, saorálach, slán agus iontaofa agus lena dtabharfar rochtain ar raon leathan seirbhísí ar líne;

b)

go n-áiritheoimid rochtain fhorleathan ar fhaisnéis na hearnála poiblí, agus athúsáid na faisnéise sin;

c)

go n-éascóimid agus go dtacóimid le rochtain rianúil, shlán agus idir-inoibritheach ó cheann ceann an Aontais ar sheirbhísí poiblí digiteacha atá ceaptha le freastal ar riachtanais daoine ar bhealach éifeachtach, lena n-áirítear seirbhísí digiteacha sláinte agus cúraim agus iadsan go háirithe, eadhon rochtain ar ríomhthaifid sláinte.

CAIBIDIL III

Saoirse rogha

An idirghníomhaíocht le halgartaim agus córais intleachta saorga

8.

Ba cheart don intleacht shaorga fónamh do dhaoine, agus é mar aidhm léi, go bunúsach, cur le dea-bhail an duine.

9.

Ba cheart an uile dhuine a chumhachtú chun tairbhe a bhaint as buntáistí na gcóras algartamach agus intleachta saorga trína roghanna eolasacha féin a dhéanamh sa timpeallacht dhigiteach, agus iad á gcosaint ó rioscaí agus ó dhíobháil dá sláinte, dá sábháilteacht agus dá gcearta bunúsacha.

Geallaimid:

a)

go gcuirfimid chun cinn córais intleachta saorga atá duinelárnach, iontaofa agus eiticiúil le linn dóibh a bheith á bhforbairt, á bhfeidhmiú agus á n-úsáid, i gcomhréir le luachanna an Aontais;

b)

go n-áiritheoimid leibhéal leordhóthanach trédhearcachta maidir le húsáid algartam agus na hintleachta saorga, agus go gcumhachtófar daoine lena n-úsáid agus go gcuirfear ar an eolas iad nuair is ag idirghníomhú le halgartaim nó leis an intleacht shaorga atá siad;

c)

go n-áiritheoimid go mbeidh córais algartamacha bunaithe ar thacair leordhóthanacha sonraí chun idirdhealú a sheachaint agus gur córais iad lena bhféadfar formhaoirseacht dhaonna a dhéanamh ar na torthaí uile a dhéanann difear do shábháilteacht daoine agus do chearta bunúsacha daoine;

d)

go n-áiritheoimid nach n-úsáidfear teicneolaíochtaí cosúil leis an intleacht shaorga, chun teacht roimh roghanna na ndaoine, mar shampla maidir leis an tsláinte, leis an oideachas, leis an bhfostaíocht agus lena saol príobháideach;

e)

go ndéanfaimid foráil do choimircí agus do ghníomhaíochtaí iomchuí, lena n-áirítear trí chaighdeáin iontaofa a chur chun cinn, chun a áirithiú go mbeidh an intleacht shaorga agus córais dhigiteacha sábháilte i gcónaí agus go n-úsáidfear iad agus lánurraim á tabhairt do na cearta bunúsacha;

f)

go ndéanfaimid bearta lena áirithiú go n-urramaíonn taighde san intleacht shaorga na caighdeáin eiticiúla is airde agus dlí ábhartha an Aontais.

Timpeallacht chothrom dhigiteach

10.

Ba cheart a bheith ar chumas an uile dhuine a roghnú go héifeachtach agus gan bhac cé na seirbhísí ar líne a úsáidfidh siad, bunaithe ar fhaisnéis oibiachtúil, inrochtana, thrédhearcach agus iontaofa.

11.

Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag gach duine dul in iomaíocht go cothrom agus dul i mbun nuálaíochta sa timpeallacht dhigiteach. Ba cheart go rachadh an méid sin chun tairbhe freisin do ghnólachtaí, lena n-áirítear FBManna.

Geallaimid:

a)

go n-áiritheoimid timpeallacht dhigiteach atá sábháilte agus slán, bunaithe ar iomaíocht chóir, ina ndéantar cearta bunúsacha a chosaint, ina ndéantar cearta úsáideoirí agus cosaint tomhaltóirí sa Mhargadh Aonair Digiteach a áirithiú, agus ina sainítear go soiléir freagrachtaí na n-ardán, go háirithe gníomhaithe móra agus geatóirí;

b)

go gcuirfimid chun cinn an idir-inoibritheacht, an trédhearcacht, teicneolaíochtaí agus caighdeáin oscailte mar bhealach chun muinín sa teicneolaíocht a neartú a thuilleadh chomh maith le cur le cumas na dtomhaltóirí roghanna neamhspleácha agus eolasacha a dhéanamh.

CAIBIDIL IV

Rannpháirtíocht sa spás poiblí digiteach

12.

Ba cheart rochtain a bheith ag an uile dhuine ar thimpeallacht dhigiteach iontaofa, éagsúil agus ilteangach. Cuireann rochtain ar inneachar éagsúil le díospóireacht phoiblí iolraíoch agus le rannpháirtíocht éifeachtach sa daonlathas ar bhealach neamh-idirdhealaitheach.

13.

Tá ag gach duine an ceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, chomh maith le saoirse comhthionóil agus comhlachais sa timpeallacht dhigiteach.

14.

Ba cheart a bheith ar chumas an uile dhuine faisnéis a rochtain lena fháil amach cé leis na seirbhísí meán atá á n-úsáid acu, nó cé a dhéanann rialú orthu.

15.

Ba cheart d’ardáin ar líne, go háirithe ardáin an-mhór ar líne, tacú le díospóireacht dhaonlathach shaor ar líne. I bhfianaise an róil atá ag a gcuid seirbhísí maidir le tuairimí agus dioscúrsa an phobail a mhúnlú, ba cheart d’ardáin an-mhór ar líne na rioscaí a eascraíonn as feidhmiú agus úsáid a seirbhísí a mhaolú, lena n-áirítear i ndáil le feachtais mhífhaisnéise agus bréagaisnéise, agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh a chosaint.

Geallaimid:

a)

go leanfaimid de na cearta bunúsacha uile a choimirciú ar líne, go sonrach an tsaoirse chun tuairimí agus faisnéis a nochtadh, lena n-áirítear saoirse agus iolrachas na meán;

b)

go dtacóimid le forbairt teicneolaíochtaí digiteacha agus leis an leas is fearr is féidir a bhaint astu chun rannpháirtíocht na ndaoine agus rannpháirtíocht dhaonlathach a spreagadh;

c)

go ndéanfaimid bearta comhréireacha chun dul i ngleic le gach cineál ábhair neamhdhleathaigh agus lánurraim á tabhairt do na cearta bunúsacha, lena n-áirítear an ceart maidir le saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, agus gan aon oibleagáid ghinearálta faireacháin ná cinsireachta a bhunú;

d)

go gcruthóimid timpeallacht dhigiteach ina gcosnaítear daoine ar bhréagaisnéis agus ar ionramháil faisnéise agus ar chineálacha eile inneachair dhíobhálaigh, lena n-áirítear ciapadh agus foréigean inscnebhunaithe;

e)

go dtacóimid le rochtain éifeachtach ar ábhar digiteach lena léirítear an éagsúlacht chultúrtha agus teanga san Aontas;

f)

go gcumhachtóimid daoine aonair chun roghanna sonracha, a thugtar faoi shaoirse, a dhéanamh agus go dteorannóimid teacht i dtír ar leochaileachtaí agus claontachtaí, eadhon trí fhógraíocht spriocdhírithe.

CAIBIDIL V

Sábháilteacht, slándáil agus cumhachtú

Timpeallacht dhigiteach atá cosanta, sábháilte agus slán

16.

Ba cheart rochtain a bheith ag an uile dhuine ar theicneolaíochtaí, ar tháirgí agus ar sheirbhísí digiteacha atá ceaptha le bheith sábháilte, slán agus a chosnaíonn an príobháideachas, agus ba cheart a bheith mar thoradh air sin go mbeadh ardleibhéal rúndachta, sláine, infhaighteachta agus barántúlachta ag roinnt leis an bhfaisnéis a phróiseáiltear.

Geallaimid:

a)

go ndéanfaimid bearta breise chun inrianaitheacht táirgí a chur chun cinn agus chun a áirithiú nach dtairgfear ach na táirgí sin atá sábháilte agus i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais maidir leis an Margadh Aonair Digiteach;

b)

go gcosnóimid leasanna na ndaoine, na ngnólachtaí agus na n-institiúidí poiblí in aghaidh rioscaí cibearshlándála agus na cibearchoireachta, lena n-áirítear sáruithe ar shonraí agus goid chéannachta nó ionramháil. Áirítear leis sin ceanglais chibearshlándála maidir le táirgí nasctha a chuirtear ar an margadh aonair;

c)

go gcuirfimid ina gcoinne siúd a fhéachann leis an mbonn a bhaint, laistigh den Aontas, den tslándáil ar líne agus de shláine na timpeallachta digití, nó a chuireann foréigean agus fuath chun cinn trí mheáin dhigiteacha.

Príobháideachas agus rialú aonair ar shonraí

17.

Tá ag gach duine an ceart chun príobháideachais agus an ceart go ndéanfar a gcuid sonraí pearsanta a chosaint. Áirítear leis an dara ceart sin gur féidir le daoine aonair an chaoi a n-úsáidfear a gcuid sonraí pearsanta agus cé leis a roinnfear iad a rialú.

18.

Tá ag gach duine an ceart maidir le rúndacht a gcumarsáide agus rúndacht na faisnéise ar a ngléasanna leictreonacha, agus gan a bheith faoi réir faireachas neamhdhleathach ar líne, rianú neamhdhleathach forleatach nó bearta idircheaptha neamhdhleathacha.

19.

Ba cheart do gach duine a bheith in ann a leagáid dhigiteach a shocrú, agus ba cheart dóibh a bheith in ann a chinneadh céard a tharlóidh lena gcuntais phearsanta agus leis an bhfaisnéis a bhaineann leo, tar éis bháis dóibh.

Geallaimid:

a)

go n-áiritheoimid go bhfuil rialú éifeachtach ag gach duine ar a shonraí pearsanta agus neamhphearsanta i gcomhréir le rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí agus le dlí ábhartha an Aontais;

b)

go n-áiritheoimid ar bhealach éifeachtach go bhféadfaidh daoine aonair a sonraí pearsanta agus neamhphearsanta a aistriú go héasca idir seirbhísí digiteacha éagsúla i gcomhréir le cearta inaistritheachta;

c)

go gcosnóimid cumarsáid ar bhealach éifeachtach ar rochtain tríú páirtí neamhúdaraithe;

d)

go gcuifimid toirmeasc ar shainaithint neamhdhleathach agus ar choinneáil neamhdhleathach taifead gníomhaíochta.

Leanaí agus daoine óga a chosaint agus a chumhachtú sa timpeallacht dhigiteach

20.

Ba cheart leanaí agus daoine óga a chumhachtú chun roghanna sábháilte agus eolasacha a dhéanamh agus chun a gcruthaitheacht a chur in iúl sa timpeallacht dhigiteach.

21.

Le hábhair agus seirbhísí atá oiriúnach don aois, ba cheart feabhas a chur ar thaithí, ar dhea-bhail agus ar rannpháirtíocht leanaí agus daoine óga sa timpeallacht dhigiteach.

22.

Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar an gceart atá ag leanaí agus ag daoine óga cosaint a fháil ar gach coir a dhéantar trí bhíthin teicneolaíochtaí digiteacha nó a éascaítear leo.

Geallaimid:

a)

go gcuirfimid deiseanna ar fáil do gach leanbh agus duine óg na scileanna agus na hinniúlachtaí is gá a shealbhú, lena n-áirítear litearthacht sna meáin agus smaointeoireacht chriticiúil, chun a mbealach a dhéanamh sa timpeallacht dhigiteach agus páirt ghníomhach a ghlacadh inti go sábháilte agus chun roghanna eolasacha a dhéanamh;

b)

go gcuirfimid eispéiris dhearfacha chun cinn do leanaí agus do dhaoine óga i dtimpeallacht dhigiteach atá sábháilte agus oiriúnach don aois;

c)

go gcosnóimid gach leanbh agus duine óg ó ábhar díobhálach agus neamhdhleathach, dúshaothrú, ionramháil agus drochúsáid ar líne, agus go gcoiscfimid úsáid an spáis dhigitigh chun coireanna a dhéanamh nó a éascú;

d)

go gcosnóimid gach leanbh agus duine óg ar rianú, próifíliú agus spriocdhíriú neamhdhleathach, go háirithe chun críocha tráchtála;

e)

go mbeidh leanaí agus daoine óga rannpháirteach i bhforbairt beartas digiteach a bhaineann leo.

CAIBIDIL VI

Inbhuanaitheacht

23.

D’fhonn díobháil shuntasach don chomhshaol a sheachaint, agus geilleagar ciorclach a chur chun cinn, ba cheart táirgí agus seirbhísí digiteacha a dhearadh, a tháirgeadh, a úsáid, a dheisiú, a athchúrsáil agus a dhiúscairt ar bhealach lena maolaítear a dtionchar diúltach ar an gcomhshaol agus ar an tsochaí agus lena seachnaítear an dífheidhmeacht roimh am.

24.

Ba cheart don uile dhuine rochtain a bheith aige ar fhaisnéis, atá cruinn sothuigthe, faoi thionchar comhshaoil agus ídiú fuinnimh táirgí agus seirbhísí digiteacha, faoina n-indeisitheacht agus faoina saolré, faisnéis lena gceadófar dóibh roghanna freagracha a dhéanamh.

Geallaimid:

a)

go dtacóimid le forbairt agus le húsáid teicneolaíochtaí digiteacha inbhuanaithe ar beag an tionchar diúltach a bheidh acu ar an gcomhshaoil agus ar chúrsaí sóisialta;

b)

go ndreasóimid roghanna inbhuanaithe tomhaltóirí agus samhlacha inbhuanaithe gnó, agus go gcothóimid iompar corparáideach inbhuanaithe agus freagrach ar fud slabhraí luacha domhanda táirgí agus seirbhísí digiteacha, lena n-áirítear d’fhonn saothar éignithe a chomhrac;

c)

go gcuirfimid chun cinn forbairt, feidhmiú, agus úsáid ghníomhach teicneolaíochtaí digiteacha nuálacha, ar teicneolaíochtaí iad a bhfuil tionchar dearfach acu ar an gcomhshaol agus ar an aeráid, chun dlús a chur leis an aistriú glas;

d)

go gcuirfimid chun cinn caighdeáin agus lipéid inbhuanaitheachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí digiteacha.


(1)  2020/2216(INI); 2020/2018(INL); 2020/2019(INL); 2020/2022(INI); 2020/2012(INL); 2020/2014(INL); 2020/2015 (INI); 2020/2017 (INI); 2019/2186(INI); 2019/2181(INL); 2022/2266 (INI)


Top