Use quotation marks to search for an "exact phrase". Append an asterisk (*) to a search term to find variations of it (transp*, 32019R*). Use a question mark (?) instead of a single character in your search term to find variations of it (ca?e finds case, cane, care).
CAD IS AIDHM LEIS AN GCOMHAONTÚ AGUS LEIS NA CINNTÍ?
Is iad seo a leanas na haidhmeanna leis an gcomhaontú:
comhlachas polaitiúil agus idirphlé polaitiúil a chur chun cinn, mar aon le comhtháthú eacnamaíoch, lena n-áirítear trí rannpháirtíocht na Moldóive i mbeartais, i gcláir agus i ngníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh (AE) a mhéadú;
síocháin agus cobhsaíocht ar an leibhéal réigiúnach agus idirnáisiúnta a chur chun cinn, a chaomhnú agus a neartú;
rannchuidiú leis an daonlathas agus leis an smacht reachta a neartú agus le cobhsaíocht pholaitiúil, eacnamaíoch agus institiúideach sa Mholdóiv;
tacú le hiarrachtaí na Moldóive a hacmhainn eacnamaíoch a fhorbairt trí chomhar idirnáisiúnta, lena n-áirítear trí a dlíthe a ailíniú níos dlúithe le dlíthe an Aontais Eorpaigh;
comhtháthú eacnamaíoch na Moldóive de réir a chéile i margadh inmheánach, an Aontais Eorpaigh a bhaint amach, go háirithe trí limistéar domhain cuimsitheach saorthrádálaa bhunú.
Le Cinneadh 2014/492/AE údaraítear síniú agus cur i bhfeidhm sealadach an chomhaontaithe ag AE.
Le Cinneadh 2014/493/Euratom agus Cinneadh (AE) 2016/839, cuirtear tús leis an gcomhaontú comhlachais leis an Moldóiv ag AE, ag an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (Euratom) agus ag Ballstáit an AE.
PRÍOMHPHOINTÍ
Tá 465 alt sa chomhaontú chomh maith le hiarscríbhinní agus prótacail bhreise. Cumhdaítear ann na réimsí seo a leanas:
Prionsabail ghinearálta (Teideal I), go sonrach:
cearta daonlathacha, cearta an duine agus saoirsí bunúsacha;
Trádáil agus cúrsaí a bhaineann le trádáil (Teideal V), go sonrach:
Cóireáil náisiúnta agus rochtain ar an margadh le haghaidh earraí, lena n-áirítear:
limistéar domhain cuimsitheach saorthrádála a chur ar bun idir na páirtithe agus fáil réidh le dleachtanna custaim ar earraí a thionscnaíonn ón bpáirtí eile, le heisceachtaí áirithe (arna leagan amach sna hiarscríbhinní),
ailíniú de réir a chéile le reachtaíocht AE sna réimsí maidir le bacainní teicniúla ar thrádáil, cúrsaí sláintíochta agus fíteashláintíochta, custam agus éascú trádála, seirbhísí agussoláthar poiblí,
ailíniú de réir a chéile le reachtaíocht AE sna réimsí maidir le bacainní teicniúla ar, thrádáil cúrsaí sláintíochta agus fíteashláintíochta, custam agus éascú trádála, seirbhísí agus soláthar poiblí).
Maidir le cearta maoine intleachtúla, rinneadh an comhaontú a síníodh in 2012 idir an tAontas Eorpach agus an Mholdóiv maidir le tásca geografacha a chosaint a chomhtháthú sa chomhaontú comhlachais. Is é ceann de na tosaíochtaí sa chomhaontú comhlachais a áirithiú go bhforfheidhmeofar reachtaíocht na Moldóive sa réimse seo ar bhealach éifeachtach agus go gcuirfear oiliúint dhóthanach ar fáil d’oifigigh na rialtas ábhartha agus do bhaill na breithiúnachta. I gcomhthéacs na Comhairle Comhlachais (féach thíos), tagann an tAontas agus an Mholdóiv le chéile go rialta chun saincheisteanna agus dea-chleachtais sa réimse sin a phlé.
Cúnamh airgeadais agus bearta frithchalaoise agus rialaithe (Teideal VI), go háirithe:
tiomantas ón Moldóiv a reachtaíocht a ailíniú de réir a chéile le dlí AE agus leis an dlí idirnáisiúnta;
tá fad an chonartha gan teorainn agus rachaidh sé in éag 6 mhí i ndiaidh do pháirtí amháin fógra a thabhairt maidir lena chinneadh tarraingt siar as.
Déantar cur síos mion sna hiarscríbhinní teicniúla ar an dóigh a gcuirfear na tiomantais éagsúla sa chomhaontú chun feidhme. Rinneadh roinnt gnéithe, amhail na cinn ina gclúdaítear tásca geografacha, trádáil agus gnéithe sláinteachais/fíteashláintíochta, a leasú beagáinín ó 2016.
Bearta sealadacha maidir le léirscaoileadh trádála
Tá tionchar tromchúiseach á imirt ag fogha míleata gan chúis gan údar a thug an Rúis faoin Úcráin ó mhí Feabhra 2022 ar chumas na Moldóive trádáil a dhéanamh leis an gcuid eile den domhan, mar gheall ar a spleáchas ar idirthuras trí chríoch na hÚcráine agus ar bhonneagar na hÚcráine.
Sa chomhthéacs deacair sin, thacaigh an tAontas leis an Moldóiv tríd an méid den léirscaoileadh margaidh dá bhforáiltear sa chomhaontú comhlachais a mhéadú, go háirithe i gcás táirgí talmhaíochta áirithe.
Le Rialachán (AE) 2023/1524tugtar isteach bearta sealadacha léirscaoilte trádála trí allmhairiú na dtáirgí uile ón Moldóiv a léirscaoileadh go hiomlán, in ionad gnímh dhlíthiúil a rinneadh roimhe sin, Rialachán (AE) 2022/1279, a raibh feidhm aige ar feadh tréimhse bliana amháin go dtí .
Le Rialachán (AE) 2024/1501 rinneadh na bearta a athnuachan in 2024 agus cuireadh i bhfeidhm iad go dtí an . Leis na bearta, baineadh na cuótaí rátaí taraife do sheacht dtáirge talmhaíochta nach raibh onnmhairí ón Moldóiv isteach san Aontas Eorpach léirscaoilte go hiomlán fós faoin gcomhaontú comhlachais: plumaí, fíonchaora boird, úlla, trátaí, gairleog, silíní agus sú fíonchaor. Le rialachán 2023, cuireadh deireadh freisin leis an gcóras praghsanna iontrála do tháirgí talmhaíochta áirithe agus, ar an gcaoi sin, rinneadh allmhairiú na dtáirgí sin go léir chuig an Aontas a léirscaoileadh go hiomlán.
Le linn thréimhse chur i bhfeidhm na mbeart sealadach, rinne an Coimisiún Eorpach dlúthfhaireachán ar thionchar Rialachán (AE) 2023/1524 agus tugadh an chumhacht dó gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na bearta léirscaoilte trádála a chur ar fionraí go sealadachi gcás ina ndearna na hallmhairí dochar dotháirgeoirí AE táirgí ‘comhchosúla’ nó táirgí ‘atá in iomaíocht dhíreach’ a tháirgeadh. Chuidigh an Coiste um Choimircí, a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 2015/478 maidir le rialacha comhchoiteanna d’allmhairí chuig an Aontas (féach an achoimre), leis an gCoimisiún ina leith sin.
Caidreamh trádála nuachóirithe
Tar éis do na bearta sealadacha léirscaoilte trádála dul in éag, chomhaontaigh an tAontas agus an Mholdóiv, faoi chuimsiú an chomhaontaithe comhlachais, a dtrádáil dhéthaobhach a léirscaoileadh a thuilleadh.
Chuige sin, le Cinneadh Uimh. 1/2025 ó Choiste Comhlachais AE-na Moldóive ina Chumraíocht Trádála, arna ghlacadh faoi Airteagal 147(4) den chomhaontú, cuirtear iarscríbhinn nua leis an gcomhaontú ina leagtar amach gealltanais nuashonraithe maidir le dleachtanna custaim ar earraí tionscnaimh a laghdú agus a dhíothú.
Leis an gcinneadh, déantar deonú fabhar taraife breise a nascadh freisin le hailíniú céimseach na Moldóive le reachtaíocht shonraithe an Aontais maidir le caighdeáin táirgthe, agus bunaítear creat lena n-áirítear an méid seo a leanas:
nósanna imeachta tuairiscithe agus comhairliúcháin;
an fhéidearthacht fabhair a chur ar fionraí agus iad a thabhairt isteach arís tráth níos déanaí;
bearta coimirce i gcás ina dtagann deacrachtaí tromchúiseacha chun cinn.
Áirítear sa chomhaontú athbhreithniú ar leibhéal comhaontaithe an léirscaoilte taraifí atá beartaithe do 2027, agus próiseas aontachais na Moldóive á chur san áireamh.
DÁTA TEACHT I BHFEIDHM
Is comhaontú measctha1 cheanglaíonn go ndaingneoidh an Pharlaimint agus gach Ballstát é.
Tháinig an comhaontú i bhfeidhm ar .
CÚLRA
Is é an tAontas Eorpach an comhpháirtí trádála is mó agus an infheisteoir is mó atá ag an Moldóiv. In 2024, bhain 65,6 % dá honnmhairí iomlána na Moldóive agus 54 % dá trádáil iomlán leis.
Comhaontú measctha. Más rud é nach dtagann ábhar comhaontaithe faoi inniúlacht eisiach AE (anseo, baineann an comhaontú le Euratom chomh maith), ní mór do na Ballstáit an comhaontú a shíniú freisin. Tugtar comhaontuithe measctha ar na comhaontuithe sin. Ciallaíonn sé sin, chomh maith le AE féin, go ndéantar páirtithe conarthacha de na Ballstáit i leith na bpáirtithe conarthacha neamh–AE. D’fhéadfadh comhaontuithe measctha a cheangal freisin go nglacfar gníomh inmheánach de chuid an Aontais chun na hoibleagáidí idir na Ballstáit agus an tAontas a chomhroinnt.
PRÍOMHDHOICIMÉID
Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile (IO L 260, , lgh. 4–738).
Cinneadh 2014/492/AE ón gComhairle an maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile (IO L 260, , lgh. 1–3).
Cinneadh 2014/493/Euratom ón gComhairle an lena bhformheastar go dtabharfaidh an Coimisiún Eorpach i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile (IO L 260, , lgh. 739–740).
Cinneadh (AE) 2016/839 ón gComhairle an maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile (IO L 141, , lgh. 28–29).
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Moladh Uimh. 1/2017 ón gComhairle Comhlachais maidir le Clár Oibre Comhlachais AE–na Moldóive.