Este documento es un extracto de la web EUR-Lex
Níl cumhacht ar bith ag an Aontas Eorpach cánacha a ghearradh nó a bhailiú — Is faoi Bhallstáit AE atá na cumhachtaí sin. Dírítear go príomha i mbeartas cánach AE ar fheidhmiú rianúil an mhargaidh aonair, i.e. áirithítear nach gcuirfidh bacainní cánach isteach ar an ngníomhaíocht trasteorann agus go gcuirfear cosc ar shaobhadh iomaíochais. Féachtar le beartas cánach AE a áirithiú nach mbeidh deacrachtaí ag saoránaigh agus ag gnólachtaí i ndáil le cánachas dúbailte, saobhadh ar an iomaíochas, aisíocaíochtaí cánach a éileamh agus faisnéis a fháil faoi rialacha cánach Bhallstáit AE eile.
Díríodh iarrachtaí comhchuibhithe AE go príomha ar an reachtaíocht maidir le cánacha a ghearrtar ar earraí agus ar sheirbhísí (cánacha indíreacha, amhail cáin bhreisluacha (CBL) agus dleachtanna máil a ghearrtar ar tháirgí fuinnimh, ar leictreachas, ar alcól agus ar earraí monaraithe tobac) seachas maidir le cánacha a ghearrtar ar ioncaim nó ar bhrabúis (cánacha díreacha). Mar sin féin, rinneadh roinnt dul chun cinn maidir le bearta chun déileáil le himghabháil cánach ar choigilteas agus maidir le cúnamh frithpháirteach idir riaracháin chánach.
Leagtar síos in Airteagail 110 go 113 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh rialacha sonracha maidir le cánachas. Chun glacadh le reachtaíocht chomhchuibhithe maidir le cánachas, ní mór do Bhallstáit uile AE teacht ar chomhaontú d’aon toil sa Chomhairle, rud a chuirfeadh bac go minic ar ghlacach rialacha comhchoiteanna. De thoradh sin, tugadh údarú le déanaí do ghrúpa de 11 Bhallstát AE chun comhar feabhsaithe a chur i bhfeidhm idir eatarthu féin sa réimse um cháin ar idirbhearta airgeadais agus baintear níos mó úsáid anois freisin as cuir chuige neamhcheangailteacha, amhail moltaí, chun comhordú a bhaint amach sa réimse cánach.