Dieses Dokument ist ein Auszug aus dem EUR-Lex-Portal.
Le hAirteagal 67 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), cuirtear de chúram ar an Aontas Eorpach (AE) a áirithiú nach mbeidh rialuithe teorann inmheánaí ann do dhaoine agus comhbheartas maidir le tearmann, inimirce agus rialú ag teorainneacha seachtracha a cheapadh, bunaithe ar an dlúthpháirtíocht idir Ballstáit AE, atá cóir i leith náisiúnaigh tíre nach tír den Aontas Eorpach í.
Le hAirteagal 77 CFAE, ceanglaítear ar an Aontas Eorpach beartas a fhorbairt maidir le seiceálacha teorann ar dhaoine agus faireachán éifeachtach a dhéanamh ar na teorainneacha seachtracha, an easpa rialuithe ar dhaoine ag na teorainneacha inmheánacha agus córas comhtháite bainistíochta teorann le haghaidh na dteorainneacha seachtracha a thabhairt isteach de réir a chéile.
Ceanglaítear le hAirteagal 78 CFAE ar an Aontas Eorpach comhbheartas a fhorbairt maidir le tearmann, cosaint choimhdeach agus cosaint shealadach, d’fhonn stádas iomchuí a thairiscint d’aon náisiúnach neamh–AE a dteastaíonn cosaint idirnáisiúnta uathu agus a áirithiú go gcomhlíonfar prionsabal an non–refoulement (croíphrionsabal an dlí idirnáisiúnta um dhídeanaithe agus um chearta an duine lena gcuirtear cosc ar stáit daoine aonair a fhilleadh ar thír ina bhfuil fíor-riosca ann go ndéanfaí géarleanúint orthu, go ndéanfaí iad a chéasadh, go gcaithfí leo ar bhealach mídhaonna nó maslach nó aon sárú eile ar chearta an duine).
Faoi Airteagal 79 CFAE, féachtar i mbeartas inimirce AE le sreafaí imirce a bhainistiú, chun cóir chothrom a áirithiú do náisiúnaigh neamh–AE atá ina gcónaí go dlíthiúil sna Ballstáit, agus chun inimirce neamhdhleathach agus gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac.
Maidir le hinimirce dlíthiúil, tá an chumhacht ag an Aontas Eorpach na coinníollacha a leagan síos lena rialaítear teacht isteach i mBallstát agus cónaí dlíthiúil i mBallstát, lena n–áirítear chun críocha athaontú teaghlaigh, le haghaidh náisiúnaigh neamh–AE. Tá an rogha ag Ballstáit, áfach, maidir le líon na náisiúnaigh neamh–AE a d’ fhéadfaí a ligean isteach chun oibre a lorg.
Féachann an tAontas Eorpach le hinimirce neamhdhleathach a chosc agus a laghdú, go háirithe trí bhíthin beartas éifeachtach um athligean isteach agus um fhilleadh, ar bhealach lena n–urramaítear cearta an duine.
De réir Airteagal 80 CFAE, tá beartas AE um imirce agus um thearmann á rialú de réir phrionsabal na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte córa freagrachta, lena n–áirítear a impleachtaí airgeadais, idir na Ballstáit.
Thar na blianta, tá a chur chuige comhchoiteann maidir le himirce agus tearmainn á fhorbairt agus á bheachtú ag an Aontas Eorpach. Ó 1999 i leith, tá an tAontas Eorpach ag obair i dtreo comhchóras Eorpach tearmainn a bhunú. In 2020, d’ fhoilsigh an Coimisiún Eorpach a Chomhshocrú Nua maidir le hImirce, ina gcuimsítear na gnéithe éagsúla go léir is gá le haghaidh cur chuige cuimsitheach Eorpach maidir leis an imirce agus ina bhféachtar le comhsheasmhacht fheabhsaithe a áirithiú agus gnéithe inmheánacha agus seachtracha beartas imirce á gcomhtháthú. Molann an Coimisiún nósanna imeachta feabhsaithe agus níos gasta, a bheidh comhtháite ar bhealach níos fearr sa chóras tearmainn agus imirce agus féachann sé le creat comhchoiteann cothromaithe a áirithiú ina dtabharfar le chéile gach gné den bheartas tearmainn agus imirce. Aithníonn sé go bhfuil gá le nósanna imeachta feabhsaithe um fhilleadh laistigh den Aontas Eorpach lena laghdófar ilroinnt na gcur chuige náisiúnta agus lena soláthrófar dlúthchomhar agus dlúthpháirtíocht neartaithe idir na Ballstáit go léir.
Tá feidhm ag beartas AE um imirce agus um thearmann maidir leis na Ballstáit uile, seachas an Danmhairg, ag a bhfuil an rogha gan a bheith páirteach i gcomhréir le Prótacal 22, agus Éire, ag a bhfuil an rogha a bheith páirteach i mbearta sonracha i gcomhréir le Prótacal 21.
Baineann beartas AE maidir le teorainneacha le acquis Schengen agus tá feidhm aige maidir le Ballstáit agus le tíortha comhlachaithe Schengen (an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua agus an Eilvéis) i gcomhréir le Prótacal 19. Ní ghlacann Éire páirt i mbearta acquis Schengen a bhaineann le teorainneacha.