This document is an excerpt from the EUR-Lex website
De réir Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ina leagtar amach cuspóirí an Aontais Eorpaigh (AE), tairgeann an tAontas Eorpach limistéar saoirse, slándála agus ceartais gan teorainneacha inmheánacha dá shaoránaigh. Is limistéar é seo ina n–áirithítear saorghluaiseacht daoine agus ina gcuirtear na bearta cuí i bhfeidhm maidir le rialuithe teorainneacha seachtracha, tearmann, inimirce agus cosc agus comhrac na coireachta.
Dírítear i gcuid iomlán den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), Teideal V (Airteagail 67-89), ar limistéar saoirse, slándála agus ceartais an Aontais Eorpaigh. Cuimsítear ann rialacha ginearálta (Airteagail 67-76), chomh maith le caibidlí sonracha i ndáil le:
Sonraítear in Airteagal 67 CFAE, go bhféachann an tAontas Eorpach le hardleibhéal slándála a áirithiú trí bhearta chun coireacht, ciníochas agus seineafóibe a chosc agus a chomhrac, agus trí bhearta comhordaithe agus comhair idir údaráis phóilíneachta agus údaráis bhreithiúnacha agus údaráis inniúla eile, agus trí aitheantas frithpháirteach a thabhairt do bhreithiúnais in ábhair choiriúla agus, más gá, trí dhlíthe coiriúla Bhallstáit AE a chomhfhogasú freisin.
Toisc go dtagann go leor dúshláin slándála ó lasmuigh de AE nó go bhfuil siad de chineál trasteorann, ní bhíonn na Ballstáit aonair dea-fheistithe i gcónaí chun dul i ngleic leo. Le hAirteagal 68 CFAE tugtar an fhreagracht don Chomhairle Eorpach na treoirlínte straitéiseacha a dhréachtú maidir le pleanáil reachtach agus oibríochtúil laistigh den limistéar saoirse, slándála agus ceartais. Tá na Ballstáit fós freagrach, áfach, as dlí agus ord a choimeád agus as a slándáil inmheánach a chosaint.
Le hAirteagal 83 CFAE tugtar an ceart do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle rialacha íosta a dhréachtú lena sainítear cionta coiriúla i leith coireanna an–tromchúiseach a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo, a thagann as cineál nó tionchar na gcionta sin nó as riachtanas speisialta dul i ngleic leo ar bhonn comhchoiteann. Is iad seo a leanas na coireanna lena mbaineann:
Tugtar aghaidh ar na coireanna sin i straitéis slándála aontais AE, a mhairfidh ar feadh na tréimhse 2020-2025.