Dit document is overgenomen van EUR-Lex
Faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní mór don Aontas Eorpach (AE) agus do thíortha AE oibriú le chéile i dtreo straitéis chomhordaithe a fhorbairt le haghaidh fostaíochta agus lucht oibre sciliúil oilte agus solúbtha a thabharfaidh aird ar athruithe i margaí saothair a chur chun cinn.
Déantar é sin go príomha trí Straitéis Fostaíochta na hEorpa (SFE) ina gcothaítear comhar idir tíortha, comhordú beartas náisiúnta, agus rannpháirtíocht údarás áitiúil, ceardchumann agus eagraíochtaí fostóirí.
Tugtar tacaíocht airgeadais le haghaidh beartais fostaíochta trí ionstraimí éagsúla, lena n–áirítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+).
Tacóidh an snáithe “Fostaíochta agus nuálaíochta sóisialta” faoin CSE+ do 2021-2027 le cineálacha cur chuige agus gníomhaíochtaí nuálacha chun fostaíocht a chruthú agus cuimsiú sóisialta a chur chun cinn, ag forbairt ar éachtaí a réamhtheachtaí.
Rialaíonn Colún Eorpach na gCeart Sóisialta beartais fostaíochta agus shóisialta uile an Aontais, sraith ceart sóisialta a d’fhógair Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Eorpach in 2017. Leagtar amach ann 20 príomhphrionsabal agus ceart chun tacú le margaí saothair agus córais leasa atá ag feidhmiú go maith i dtrí chaibidil: