Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha

Bunaíodh an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha (BEAF) i 1991 agus tá a cheanncheathrú i Londain.

Bunaíodh é chun tacaíocht a chur ar fáil d’aistriú na dtíortha i lár na hEorpa agus in oirthear na hEorpa go geilleagar margaidh i ndiaidh dheireadh an Chogaidh Fhuair. Síneadh a raon geografach níos déanaí chuig tíortha an Iar-Aontais Shóivéadaigh agus chuig na tíortha sa Mheánmhuir theas agus thoir ansin. Tá sé gníomhach in os cionn 30 tír faoi láthair.

Áirítear ar scairshealbhóirí BEAF 65 tír chomh maith leis an Aontas Eorpach agus an Banc Eorpach Infheistíochta.

Tá sainordú polaitiúil BEAF ann le cuidiú leis na tíortha sin amháin atá tiomanta do phrionsabail an daonlathais ilpháirtí agus iolrachais a chur i bhfeidhm.

Cé gur tugadh a lán de mhaoiniú BEAF do ghnóthaí san earnáil phríobháideach, bhí sé an-ghníomhach chomh maith maidir le tacaíocht a thabhairt d’institiúidí airgeadais. Tugadh tacaíocht do na hinstitiúidí airgeadais trí infheistíocht dhíreach agus trí chreidmheas dóibh le haghaidh iasachtú ar aghaidh. Bhí fócas tábhachtach eile de mhaoiniú BEAF curtha ar iompar, fuinneamh, uisce agus bonneagar sláintíochta.

FÉACH FOSTA

Top