This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Cuireadh tús le comhar um fhorbairt an Aontais Eorpaigh (AE) ag an am céanna ar síníodh Conradh na Róimhe in 1957, agus ba iad tíortha thar sáile agus críocha Bhallstáit an Aontais an chéad dream a bhain tairbhe as. In imeacht na mblianta, mhéadaigh méid chomhar um fhorbairt an Aontais Eorpaigh de réir a chéile. Tá an tAontas anois ar an deontóir is mó ar domhan, agus é ag obair le thart ar 160 tír.
Ní mór comhar um fhorbairt a dhéanamh de réir phrionsabail agus chuspóirí ghníomhaíoochtaí seachtracha AE. Is é príomhaidhm an chomhair an bhochtaineacht a laghdú, agus deireadh a chur leis go fadtéarmach sa domhan trí fhorbairt inbhuanaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil na dtíortha atá i mbéal forbartha a chur chun cinn i gcomhréir le spriocanna forbartha inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe.
Tá na treoirphrionsabail a bhaineann le gníomh seachtrach agus le comhar um fhorbairt an Aontais Eorpaigh le fáil in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus in Airteagal 208 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontaigh Eorpaigh, faoi seach.
Rinneadh cuíchóiriú le roinnt blianta anuas ar ionstraimí AE chun gníomh seachtrach a mhaoiniú. Ó glacadh an creat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na tréimhse 2021–2027, is í an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta — An Eoraip Dhomhanda an phríomhionstraim maoiniúcháin le haghaidh ghníomhaíochtaí seachtracha an Aontais Eorpaigh. Cumhdaítear léi comhar le gach tír nach tír den Aontas Eorpach iad, seachas tíortha agus críocha thar lear agus tíortha a fhaigheann maoiniú réamhaontachais.
Roimh 2021, ba é an Ciste Eorpach Forbraíochta (nach raibh ina chuid de bhuiséad an Aontais) príomhionstraim an Aontais maidir le cabhair um fhorbairt do 79 tír san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) agus do thíortha agus do chríocha thar lear. Sa chreat airgeadais ilbhliantúil is déanaí de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) (2021–2027), cuireadh comhar le tíortha ACC faoi bhuiséad AE agus tá sé cumhdaithe leis an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta — An Eoraip Dhomhanda.
Cé go raibh comhaontú 2000 idir an tAontas Eorpach agus na tíortha ACC (Comhaontú Cotonou) le dul in éag in 2020, tá síneadh curtha lena chur i bhfeidhm go dtí an , mura dtiocfaidh an comhaontú comhpháirtíochta nua ACC-AE i bhfeidhm nó má chuirtear i bhfeidhm go sealadach é roimh an dáta sin.