Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Beartas trádála san AE

Is príomhghné de chaidreamh an Aontais Eorpaigh (AE) leis an chuid eile den domhan ná an comhbheartas tráchtála nó trádála AE (Airteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CFAE), agus is inniúlacht eisiach AE é freisin (Airteagal 3 den CFAE). Buíochas le Conradh Liospóin, fairsingíodh an inniúlacht sin chun infheistíocht dhíreach choigríche a chlúdach, agus rinneadh comhreachtóir de Pharlaimint na hEorpa, i gcuideachta leis an Chomhairle, maidir le cúrsaí trádála.

Láimhseálann an Coimisiún Eorpach saincheisteanna trádála, amhail comhaontuithe trádála a thabhairt i gcrích le tíortha neamh-AE, ar son na mBallstát AE uile. Tugtar formhór na gcomhaontuithe sin i gcrích trí thromlach cáilithe, ach ní mór go nglacfaí d’aon toil sa Chomhairle leis na comhaontuithe seo a leanas: comhaontuithe maidir le trádáil seirbhísí, maoin intleachtúil, infheistíocht dhíreach choigríche, seirbhísí closamhairc agus cultúrtha, agus seirbhísí sóisialta, oideachasúla agus sláinte.

Tá an AE páirteach san Eagraíocht Dhomhanda Trádála. Tacaíonn sé le bacainní trádála agus custaim a dhíothú agus tá líon mór uirlisí éagsúla aige, amhail bearta frithdhumpála agus frithchúitimh, an Rialachán maidir le Bacainní Trádála agus bearta cosanta, chun an margadh AE a chosaint.

FÉACH FOSTA

Top