Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Sciúradh airgid

Is éard is sciúradh airgid ann an próiseas trína ndéanann coirpigh foinse neamhdhleathach na maoine nó an ioncaim atá acu a cheilt.

Tá AE ag obair chun mí–úsáid an chórais airgeadais a chosc agus feabhas a chur ar an gcomhar idir Ballstáit AE chun troid in éadan sciúradh airgid. Rialaítear a bhearta leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE):

  • Faoin Teideal VII (comhfhogasú dlíthe don mhargadh inmheánach): le cruthú an mhargaidh inmheánaigh, cuireadh rialacha i bhfeidhm ar fud AE d’fhonn sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc. Déantar gluaiseachtaí airgeadais a rialú lena áirithiú gur féidir idirbhearta a rianú go hiomlán agus monatóireacht a dhéanamh orthu. Ní mór d’oibreoirí airgeadais agus d’oibreoirí áirithe neamh–airgeadais a gcliaint a aithint (lena n–áirítear úinéirí tairbhiúla cuideachtaí agus iontaobhas), monatóireacht a dhéanamh ar idirbhearta agus amhras ar bith maidir le sciúradh airgid a thuairisciú d’Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais;
  • Faoin Teideal V (comhoibriú póilíneachta agus breithiúnach i gcúrsaí coiriúla): dírítear ar chionta a shainiú agus cúnamh frithpháirteach a neartú.

Tá rialacha coireacht airgeadais AE bunaithe den chuid is mó ar na caighdeáin idirnáisiúnta arna nglacadh ag an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais.

  • Tá sé mar aidhm le Treoir (AE) 2018/843 – an Cúigiú Treoir maidir le Sciúradh Airgid de chuid an Aontais Eorpaigh, lena leasaítear an Ceathrú Treoir maidir le Sciúradh Airgid (Treoir (AE) 2015/849) – dul i ngleic le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta trí chosc a chur ar mhí–úsáid a bhaint as an margadh airgeadais chun na gcríoch sin.
  • Is é is aidhm do Threoir (AE) 2018/1673 sciúradh airgid a choiriúlú nuair a dhéantar é d’aon ghnó agus leis an eolas gur tháinig an mhaoin ó ghníomhaíocht choiriúil. Sainítear léi cionta coiriúla agus smachtbhannaí i réimse an sciúrtha airgid agus cuirtear ar chumas na mBallstát léi sciúradh airgid a choiriúlú i gcás ina raibh amhras ar an gciontóir nó gur cheart go mbeadh sé nó sí ar an eolas gur ó ghníomhaíocht choiriúil a tháinig an mhaoin.

In 2020, ghlac an Coimisiún Eorpach plean gníomhaíochta AE maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, lena n–áirítear bearta a dhéanfaidh sé chun forfheidhmiú, maoirseacht agus comhordú níos fearr a dhéanamh ar rialacha ábhartha AE. Ag an am céanna, d’fhoilsigh sé modh chun tíortha ardriosca nach tíortha den Aontas Eorpach iad a shainaithint ag a bhfuil córais easnamhacha maidir le frithsciúradh airgid agus maidir le maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac, rud atá ina bhagairt shuntasach dar chóras airgeadais an Aontais Eorpaigh.

FÉACH FREISIN

Top