Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An comhrac i gcoinne na coireachta eagraithe

Féachtar le beartas an Aontais Eorpaigh (AE) an choireacht eagraithe a chomhrac. Cé go bhfuil Ballstáit AE freagrach go fóill as gníomhaíochtaí oibríochtúla, amhail coirpigh a ionchúiseamh, is é cuspóir AE cuidiú leis an gcoireacht eagraithe a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí.

Baineann gníomhaíocht AE le feidhm a bhaint as uirlisí éagsúla, amhail staidreamh coireachta iontaofa a bhailiú agus líonraí a chur ar bun chun faisnéis agus dea-chleachtas a mhalartú. Tá gníomhaireachtaí speisialaithe dá chuid ag tacú leis an Aontas Eorpach, amhail Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí.

I mí Aibreáin 2021, chuir an Coimisiún Eorpach straitéis AE chun dul i ngleic le coireacht eagraithe i láthair. Tá an straitéis dírithe ar na nithe seo a leanas:

  • forfheidhmiú an dlí agus comhar breithiúnach a spreagadh;
  • imscrúduithe éifeachtacha a fheabhsú chun cur isteach ar struchtúir na coireachta eagraithe agus ar choireanna ardtosaíochta;
  • deireadh a chur le brabúis choiriúla (cur chuige “lean an t-airgead”);
  • freagairt nua-aimseartha ar fhorbairtí teicneolaíocha a áirithiú.

Cuireann an Ciste Slándála Inmheánaí don tréimhse idir 2021-2027 leis an obair a chuir a réamhtheachtaí i gcrích agus cuireann sé é in oiriúint d’fhorbairtí nua, amhail an gá atá le dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta, coireacht agus thromchúiseach agus eagraithe agus na cibearchoireachta. Tacóidh an clár le bearta chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • comhroinnt faisnéise a fheabhsú;
  • dlús a chur le comhar trasteorann, lena n-áirítear oibríochtaí comhpháirteacha maidir le sceimhlitheoireacht agus coireacht eagraithe;
  • an cumas chun coireacht a chosc agus a chomhrac a neartú.

FÉACH FREISIN

Top