EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Coimircí nóis imeachta do dhaoine leochaileacha in imeachtaí coiriúla

Coimircí nóis imeachta do dhaoine leochaileacha in imeachtaí coiriúla

Leis an mholadh seo, iarrtar ar na Ballstáit cearta áirithe nóis imeachta a fheabhsú do dhaoine leochaileacha faoi dhrochamhras nó do chosantóirí leochaileacha in imeachtaí coiriúla.

ACHT

Moladh ón gCoimisiún an 27 Samhain 2013 maidir le coimircí nóis imeachta do dhaoine leochaileacha faoi dhrochamhras nó do chosantóirí leochaileacha in imeachtaí coiriúla.

ACHOIMRE

Féachtar leis an mholadh cearta nóis imeachta a neartú do dhaoine faoi dhrochamhras nó do chosantóirí nach mbíonn in ann imeachtaí coiriúla a thuiscint ná páirt éifeachtúil a ghlacadh iontu ar na cúiseanna seo a leanas: a n-aois, a staid mheabhrach nó fhisiciúil nó de bharr míchumas (daoine leochaileacha). Baineann sé chomh maith le daoine leochaileacha faoi réir imeachtaí barántas gabhála Eorpach.

Daoine leochaileacha a aithint

Ní mór daoine leochaileacha a aithint go pras. Tar éis measúnú tosaigh a bheith déanta orthu ag gníomhaireacht um fhorfheidhmiú an dlí nó ag na húdaráis dlí, bíonn ar shaineolaí leighis neamhspleách a leibhéal leochaileachta a fhionnadh mar aon lena riachtanais shonracha agus oiriúnacht na mbeart a ndearnadh ina leith nó atá beartaithe a dhéanamh.

Cearta daoine leochaileacha

  • Níor cheart leatrom de chineál ar bith a dhéanamh orthu agus a gcearta nóis imeachta á bhfeidhmiú.
  • Ba cheart go measfaí gur daoine leochaileacha iad daoine a bhfuil neamhoird thromchúiseacha mheabhrach nó máchailí fisiceacha/céadfacha orthu.
  • Ba cheart daoine leochaileacha agus a n-ionadaí dlíthiúil (m.sh. caomhnóir arna cheapadh ag an chúirt) nó aosach cuí (m.sh. gaol) a chur ar an eolas faoina gcearta sonracha nóis imeachta. Ba cheart don ionadaí nó don aosach cuí a bheith i láthair i stáisiún na bpóilíní agus i rith éisteachtaí cúirte.
  • Níor cheart go dtarscaoilfí an ceart chun dlíodóir a rochtain mura bhfuil duine leochaileach in ann na himeachtaí a thuiscint.
  • Ba cheart go mbeadh rochtain ag daoine leochaileacha ar chúnamh liachta i rith imeachtaí coiriúla más rud é gur cailleadh an tsaoirse.
  • Ba cheart ceistiúcháin póilíní a thaifeadadh ar mhodh closamhairc.
  • Níor cheart go gcaillfeadh daoine leochaileacha a saoirseroimh chiontú ach amháin nuair a imíonn an chúis go cnámh na huillinne. Chomh maith leis sin, ba cheart go mbeadh cailleadh saoirse comhréireach i gceist a chuirfí i bhfeidhm de réir a riachtanas sonrach.
  • Ba cheart a bpríobháideacht, a macántacht phearsanta agus a sonraí pearsanta a chosaint i rith na n-imeachtaí coiriúla.

Ba cheart oiliúint chuí a chur ar ghníomhaireachtaí um fhorfheidhmiú an dlí agus ar na húdaráis dlí is iomchuí in imeachtaí coiriúla a thógtar i gcoinne daoine leochaileacha.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Moladh ón gCoimisiún

-

-

IO C 378, 24.12.2013, lch. 8

ACHTANNA GAOLMHARA

Treoir 2013/48/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gceart chun dlíodóir a rochtain in imeachtaí coiriúla agus in imeachtaí barántas gabhála Eorpach, agus leis an gceart chun tríú páirtí a chur ar an eolas maidir le cailleadh saoirse agus chun cumarsáid a dhéanamh le tríú daoine agus le húdaráis chonsalachta nuair a chailltear an tsaoirse [Iris Oifigiúil L 294, 6.11.2013, lch. 1].

Nuashonrú is déanaí: 17.06.2014

Top