This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022TN0556
Case T-556/22: Action brought on 8 September 2022 — House Foods Group v CPVO (SK20)
Cás T-556/22: Caingean arna tabhairt an 8 Meán Fómhair 2022 – House Foods Group v CPVO (SK20)
Cás T-556/22: Caingean arna tabhairt an 8 Meán Fómhair 2022 – House Foods Group v CPVO (SK20)
IO C 424, 7.11.2022, p. 40–40
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
7.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 424/40 |
Caingean arna tabhairt an 8 Meán Fómhair 2022 – House Foods Group v CPVO (SK20)
(Cás T-556/22)
(2022/C 424/52)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: House Foods Group, Inc. (Osaka, an tSeapáin) (ionadaí: G. Würtenberger agus T. Wuttke, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Oifig Comhphobail um Chineálacha Plandaí (CPVO)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
An ceart Comhphobail maidir le cineálacha plandaí atá i gceist: SK20 – Iarratas ar cheart Comhphobail maidir le cineálacha plandaí Uimh. 2017/3314
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh an Bhoird Achomhairc CPVO an 1 Iúil 2022 i gCás A 018/2021
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
— |
a ordú don CPVO costais na n-imeachtaí a íoc. |
Saincheist (Saincheisteanna) dlí arna maíomh
— |
Sárú ar Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2100/94 ón gComhairle; |
— |
sárú ar Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2100/94 ón gComhairle; |
— |
sárú ar Airteagal 76 de Rialachán (AE) 2100/94 ón gComhairle; |
— |
sárú ar Airteagal 81 de Rialachán (AE) 2100/94 ón gComhairle. |